Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport
Search the guide

Réamhrá

Is é atá sa Treoirleabhar seo uirlis le haghaidh aon duine ar mhaith leis mioneolas a chur ar Chlár Erasmus+. Den chuid is mó, is ar na daoine agus na comhlachtaí seo a leanas ar mhaith leo a bheith rannpháirteach atá an doiciméad seo dírithe:

  • eagraíochtaí: is é sin le rá na heagraíochtaí, na hinstitiúidí agus na comhlachtaí sin a eagraíonn gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ón gClár;
  • rannpháirtithe: is é sin le rá na daoine aonair (mic léinn, oiliúnaithe, printísigh, daltaí scoile, foghlaimeoirí fásta, daoine óga, saorálaithe, nó ollúna, múinteoirí, oiliúnóirí, oibrithe don ógra, gairmithe i réimsí an oideachais, na hoiliúna, na hóige agus an spóirt, etc.) a bhíonn páirteach sna gníomhaíochtaí a eagraíonn na heagraíochtaí rannpháirteacha.

Gach bliain, cuireann eagraíochtaí ar fud na hEorpa iarratas isteach i leith na mílte tionscadal ar thacaíocht airgeadais ón gClár Erasmus+; dá bharr sin, tá próiseas meastóireachta trédhearcach bunaithe ag an gCoimisiún a bhfuil sé d’aidhm aige deontais a chur ar fáil do na tionscadail is fearr:

  • maidir le formhór na nGníomhaíochtaí, tá na rialacha agus na coinníollacha go léir maidir le deontas a fháil sa Treoirleabhar seo;
  • maidir le roinnt Gníomhaíochtaí eile, nach ndéantar ach iad a lua sa Treoirleabhar seo, déantar na rialacha agus na coinníollacha maidir le deontais a fháil a leagan amach i nglaonna sonracha ar thograí a fhoilsíonn an Coimisiún nó a fhoilsítear thar a cheann.