Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport

Fothú acmhainneachta (an óige)

Eolas faoin deis

Na tionscadail fothaithe acmhainneachta, is tionscadail comhair idirnáisiúnta iad atá bunaithe ar chomhpháirtíochtaí iltaobhacha idir eagraíochtaí atá gníomhach i réimse na hóige. Tá sé d’aidhm ag an ngníomhaíocht

  • acmhainneacht na n-eagraíochtaí a bhíonn ag obair le daoine óga a mhéadú lasmuigh den fhoghlaim fhoirmiúil
  • gníomhaíochtaí foghlama neamhfhoirmiúla a chur chun cinn i dtíortha nach Ballstáit den Aontas iad nach bhfuil baint acu leis an gClár, lena ndíreofar go háirithe ar dhaoine óga ar lú na deiseanna atá acu, chun feabhas a chur ar leibhéal na n-inniúlachtaí agus chun rannpháirtíocht na hóige sa tsochaí a spreagadh
  • tacú le hobair óige i dtíortha nach Ballstáit den Aontas iad nach bhfuil baint acu leis an gClár, rud a chuirfidh feabhas ar cháilíocht agus ar aitheantas na hoibre sin
  • tacú le scéimeanna nua soghluaisteachta i dtaca leis an bhfoghlaim neamhfhoirmiúil i dtíortha nach Ballstáit den Aontas iad nach bhfuil baint acu leis an gClár
  • cur le Straitéis an Aontais i leith na hÓige (2019-2027)
  • na bearnaí a líonadh idir na córais oideachais fhoirmiúil agus/nó an margadh saothair

Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?

Comhordaitheoirí

Na cineálacha eagraíochtaí seo a leanas, is féidir leo iarratas a dhéanamh ina gcáil mar chomhordaitheoir.

  • Eagraíochtaí Neamhrialtasacha (Eagraíochtaí Neamhrialtasacha Eorpacha um an Óige agus Comhairlí náisiúnta Óige ina measc) atá ag obair i réimse na hóige
  • údaráis phoiblí áitiúla, réigiúnacha nó náisiúnta

Déanann siad iarratas thar ceann na n-eagraíochtaí rannpháirteacha go léir.

Rannpháirtithe eile

Eagraíocht ar bith, bíodh sí poiblí nó príobháideach, in éineacht lena heintitis chleamhnaithe (más ann dóibh), atá ag obair leis an óige nó ar a son lasmuigh de shuíomhanna foirmiúla agus atá bunaithe i dtír de chuid Chlár Erasmus+ nó i dtír atá rannpháirteach sa Chlár, is féidir léi páirt a ghlacadh ann.

A leithéidí seo:

  • eagraíochtaí neamhbhrabúsacha, comhlachtaí, Eagraíochtaí Neamhrialtasacha (Eagraíochtaí Neamhrialtasacha Eorpacha um an Óige ina measc)
  • Comhairlí náisiúnta Óige
  • údaráis phoiblí ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta
  • institiúidí oideachais nó taighde
  • fondúireachtaí

Cé go bhfuil tionscadail fothaithe acmhainneachta dírithe ar na cineálacha sin eagraíochtaí neamhbhrabúsacha, d’fhéadfaí glacadh le cuideachtaí poiblí nó príobháideacha freisin. Samplaí díobh sin ná fiontair bheaga, mheánmhéide nó mhóra, fiontair shóisialta ina measc. Mar sin féin, ní mór breisluach soiléir a léiriú. Mar chuid de chuspóir fothaithe acmhainneachta, is gá na cúraimí comhordúcháin a bheith teoranta d’eagraíochtaí neamhbhrabúsacha.

Fad

Aon bhliain amháin, dhá bhliain, nó trí bliana. Ní mór é sin a roghnú ag céim an iarratais, bunaithe ar chuspóir an tionscadail agus ar na cineálacha gníomhaíochtaí a thuartar thar an am.

Conas iarratas a dhéanamh

Faigh eolas maidir le conas deontas a fháil agus conas deiseanna eile maoiniúcháin a chuardach.

Tuilleadh eolais

Faigh tuilleadh eolais sa rannán maidir le fothú acmhainneachta i dTreoirleabhar Erasmus+.

Related funding calls

Find out more

Read more details in the section on capacity building in the Erasmus+ Programme Guide.