Skip to main content

Erasmus+ Programme Guide

The essential guide to understanding Erasmus+

An Tsoghluaisteacht foghlama i réimse na hóige

Sa roinn seo den Treoirleabhar tugtar gníomhaíochtaí Phríomhghníomhaíocht 1 i réimse na hÓige. Leis na gníomhaíochtaí sin soláthraítear deiseanna foghlama seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla do dhaoine óga agus d’oibrithe óige. 

Leis an bhfoghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil cumasaítear do dhaoine óga inniúlachtaí fíor‑riachtanacha a fháil lena rannchuidítear lena bhforbairt phearsanta agus shochoideachasúil agus lena gcothaítear a rannpháirtíocht ghníomhach sa tsochaí, rud a chuireann feabhas ar a n‑ionchais fostaíochta. 

Trína rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí foghlamtha soghluaisteachta, forbraíonn oibrithe óige scileanna atá ábhartha i leith a bhforbartha gairmiúla, cothaíonn siad cleachtais eagraíochtúla nua agus ardaíonn siad cáilíocht na hoibre óige go ginearálta. 

Tá gníomhaíochtaí foghlama laistigh de réimse na hóige ceaptha tionchar suntasach dearfach a bheith acu ar dhaoine óga agus ar na heagraíochtaí atá páirteach, ar na pobail ina reáchtáiltear na gníomhaíochtaí sin, ar réimse na hóige féin agus ar na hearnálacha eacnamaíocha agus sochaíocha de chuid na hEorpa i gcoitinne. Tacaítear leis na Gníomhaíochtaí seo a leanas: 

  • Soghluaisteacht daoine óga ‑ Malartuithe ógra
  • Tionscadail soghluaisteachta le haghaidh oibrithe óige
  • Gníomhaíochtaí um rannpháirtíocht óige
  • Gníomhaíocht Cuimsithe DiscoverEU

Conas is féidir teacht ar na deiseanna sin?

Tá dhá bhealach ann le hiarratas a dhéanamh ar mhaoiniú:

  • Le tionscadail chaighdeánacha soláthraítear deis d’eagraíochtaí is iarratasóirí agus do ghrúpaí neamhfhoirmiúla daoine óga chun gníomhaíocht óige amháin nó roinnt díobh a chur chun feidhme in imeacht tréimhse 3 mhí go 24 mhí. Is iad tionscadail chaighdeánacha an rogha is fearr d’eagraíochtaí a bhfuil triail á baint as Erasmus+ den chéad uair acu, dóibh siúd ar mian leo tionscadal aonuaire a eagrú agus/nó líon teoranta gníomhaíochtaí a eagrú, nó
  • Níl tionscadail chreidiúnaithe oscailte ach amháin d’eagraíochtaí a bhfuil creidiúnú Erasmus i réimse na hóige acu. Leis an snáithe maoiniúcháin speisialta sin is féidir le heagraíochtaí creidiúnaithe maoiniú a fháil go tráthrialta le haghaidh gníomhaíochtaí soghluaisteachta lena rannchuidítear lena bplean creidiúnúcháin a chur chun feidhme de réir a chéile. 

Féadfaidh eagraíochtaí ar mian leo gníomhaíochtaí soghluaisteachta a eagrú ar bhonn tráthrialta iarratas a dhéanamh ar chreidiúnú Erasmus. Chun breis eolais a fháil faoi na creidiúnuithe, léigh an roinn thíos maidir le creidiúnú Erasmus i réimse na hóige.

Ina theannta sin, is féidir le heagraíochtaí agus grúpaí neamhfhoirmiúla daoine óga dul i bpáirt leis an gclár gan iarratas a chur isteach trí dhul i bpáirt le tionscadal mar chomhpháirtí.

Tagged in:  Youth