Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport

Caighdeáin cháilíochta le haghaidh cúrsaí faoi Phríomhbheart 1 (soghluaisteacht foghlama do dhaoine aonair)

Dáta foilsithe: Eanáir 2021

Faisnéis agus trédhearcacht

  • Eolas roimh an gcúrsa agus eolas críochnúil faoi: sula gcláraíonn siad, ní mór na rannpháirtithe a chur ar an eolas faoi chúlra agus faoin taithí atá ag soláthraí an chúrsa agus ag an oiliúnóir/na hoiliúnóirí a bheidh rannpháirteach, faoin bpobal spriocdhírithe, faoin gcúlra riachtanach i ndáil le cuspóirí foghlama agus modheolaíochtaí an chúrsa, faoi mhéid agus comhdhéanamh ghrúpa an chúrsa, faoin teanga, faoin ábhar, faoi na cuspóirí, faoin gcur chuige oideolaíoch, faoi mhodhanna teagaisc agus torthaí foghlama, chomh maith le dátaí, fad, láthair agus sceideal na ngníomhaíochtaí.
  • An próiseas iarratais: ní mór do sholáthraí an chúrsa próiseas iarratais agus roghnúcháin atá simplí, inrochtana agus trédhearcach a chur ar fáil.
  • Ullmhúchán: Ní mór do sholáthraí an chúrsa na rannpháirtithe a chur ar an eolas in am trátha faoi na forálacha ullmhúcháin riachtanacha is gá dóibh a chur i gcrích, chomh maith le liosta den trealamh is gá don chúrsa nó don oiliúint.
  • Costais thrédhearcacha: ní mór na táillí uile is gá chun páirt a ghlacadh sa chúrsa a chur i láthair go soiléir do na rannpháirtithe sula gcláraíonn siad, mar aon le liosta de na seirbhísí a chumhdaíonn na táillí sin. Ní mór na rannpháirtithe a chur ar an eolas freisin faoi aon seirbhísí roghnacha nach mór a íoc astu ar leithligh. Ní mór téarmaí agus coinníollacha na rannpháirtíochta sa chúrsa a shainiú i scríbhinn.
  • Athruithe agus cealuithe: i gcás athruithe ar tháillí, ábhar, dátaí, láthair nó sceideal na ngníomhaíochtaí, ní mór an deis a thabhairt don rannpháirtí a rannpháirtíocht a chur ar ceal gan aon chostas breise agus le réamhfhógra réasúnach. Cealú na rannpháirtíochta agus aisíocaíocht i gcás imeachtaí nach bhfuil smacht ag an rannpháirtí ná ag soláthraí an chúrsa orthu (cuir i gcás tubaistí nádúrtha nó cur isteach tromchúiseach ar iompar), ní mór iad a chur san áireamh i dtéarmaí agus coinníollacha an chúrsa.

Ábhar agus oideolaíocht

  • Teagasc ar ardchaighdeán: ní mór na cuir chuige oideolaíocha a bheith iomchuí, cothrom le dáta agus oiriúnaithe do riachtanais foghlama agus leibhéal inniúlachta na rannpháirtithe. Ba cheart don chúrsa teoiric a chomhcheangal le cur i bhfeidhm praiticiúil agus ba cheart go n-áireofaí ann cur chuige dea-dheartha maidir le monatóireacht agus measúnú mar aon le haiseolas soiléir do rannpháirtithe.
  • Foghlaim spreagúil agus idirghníomhach: ba cheart go spreagfadh an cúrsa machnamh agus peirspictíochtaí nua do gach rannpháirtí. Ba cheart go mbeadh sé tarraingteach agus idirghníomhach, ba cheart go n-éascódh sé comhroinnt agus idirphlé fiúntach idir rannpháirtithe. Ní mór do sholáthraí an chúrsa a chinntiú go bhfuil a mbaill foirne dearfach, cuiditheach, measúil, agus go gcruthaíonn siad timpeallacht foghlama thacúil.
  • Ábhar iontaofa, nuálach agus ábhartha: ní mór do thopaic an chúrsa a bheith cothrom le dáta, bunaithe ar fhianaise, agus caithfidh sé leas a bhaint as taighde agus cleachtas a rinneadh le déanaí sa réimse. Ba chóir go mbeadh sé soiléir conas a bhaineann ábhar an chúrsa le topaic an chúrsa agus conas is féidir leis na rannpháirtithe é a úsáid ina gcomhthéacs féin.
  • Úsáid uirlisí digiteacha agus an fhoghlaim chumaisc: moltar go láidir uirlisí digiteacha a úsáid chun an próiseas foghlama roimh an gcúrsa ar an láthair, lena linn nó ina dhiaidh a shaibhriú agus a chomhlánú. Ba cheart gníomhaíochtaí foghlama ar líne a dhéanamh le córas bainistíochta foghlama iomchuí chun an fhoghlaim shioncronach (gach cineál foghlama ina bhfuil múinteoirí/oideoirí agus foghlaimeoirí san áit chéanna agus ag an am céanna) agus an fhoghlaim aisioncronach (gach cineál foghlama nach dtarlaíonn san áit chéanna agus ag an am céanna) a chumasc.

An ghné Eorpach:

  • Luachanna agus beartais Eorpacha: ba cheart don chúrsa luachanna an Aontais Eorpaigh a chur san áireamh agus rannchuidiú leis na beartais Eorpacha a dtacaíonn clár Erasmus+ leo.
  • Comhdhéanamh an ghrúpa agus deiseanna líonraithe: ba cheart do sholáthraí an chúrsa a chinntiú go dtugann comhdhéanamh an ghrúpa agus socrú an chúrsa deiseanna do rannpháirtithe bualadh lena bpiaraí ó thíortha eile. Ba cheart go mbeadh rannpháirtithe in ann cleachtais agus taithí éagsúil a chomhroinnt; tairbhe a bhaint as foghlaim idirchultúrtha; agus teagmhálacha a bhunú le comhpháirtithe ionchasacha le haghaidh comhar agus malartú amach anseo.

Seirbhísí agus áiseanna

  • Tacaíocht: roimh an gcúrsa, lena linn, agus ina dhiaidh, ní mór do sholáthraí an chúrsa ceisteanna, fiosrúcháin agus iarratais ó rannpháirtithe a fhreagairt ar bhealach tráthúil agus éifeachtach.
  • Baill foirne cáilithe: ní mór do mhúinteoirí, oiliúnóirí agus cainteoirí a chuireann ábhar an chúrsa ar fáil cáilíocht leordhóthanach, saineolas aitheanta agus cothrom le dáta, agus taithí a bheith acu chun an cúrsa nó an curaclam oiliúna a sheachadadh. Ní mór dóibh a bheith in ann teagasc a dhéanamh agus idirghníomhú le lucht féachana ilchultúrtha agus ní mór dóibh a bheith inniúil i dteanga an chúrsa.
  • Fad agus sceideal an chúrsa: ní mór fad an chúrsa a bheith comhréireach le cuspóirí an chúrsa. Ní mór cúig uair an chloig de ghníomhaíochtaí foghlama ar a laghad a bheith san áireamh i lá de ghníomhaíochtaí an chúrsa ar an láthair (is féidir an t-íosfhad a chur i bhfeidhm ar an meán, agus laethanta oibre uile an chúrsa á gcur san áireamh). Ba cheart do ghníomhaíochtaí eile na gníomhaíochtaí foghlama foirmiúla a chomhlánú chun idirghníomhaíochtaí sóisialta, cultúrtha agus gairmiúla idir rannpháirtithe a fheabhsú.
  • Ionad: ní mór ionad/ionaid an chúrsa (nó an fhormáid i gcás seisiúin ar líne) a chur in oiriúint do na cuspóirí foghlama sainithe agus do na straitéisí foghlama sainithe a úsáidtear. Caithfidh an t-ionad a bheith oiriúnach do líon na rannpháirtithe a ghlacfaidh páirt sa chúrsa, caithfidh sé cloí leis na caighdeáin ábhartha sláinte agus sábháilteachta, agus caithfidh sé a bheith inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas.
  • Cuimsiú: ní mór do sholáthraithe cúrsa a gcuid seirbhísí a thairiscint ar bhealach cuimsitheach, gan aon chineál idirdhealaithe. Ní mór aird ar leith a thabhairt chun rochtain chomhionann a cheadú do rannpháirtithe a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.
  • Aiseolas: ní mór deis a bheith ag na rannpháirtithe measúnú a dhéanamh ar an gcúrsa agus aiseolas a thabhairt faoina dtaithí. Ba cheart an t-aiseolas a úsáid chun na seisiúin a bheidh ann amach anseo a fheabhsú. Ní mór do sholáthraí an chúrsa an fhéidearthacht a thabhairt do rannpháirtithe gearán a dhéanamh. Ní mór déileáil le gearáin a chuirtear isteach ar bhealach tráthúil, éifeachtúil, cothrom agus cuiditheach.

Gníomhaíocht leantach

  • Foghlaim leanúnach: ba cheart do sholáthraí an chúrsa treoir a chur ar fáil do na rannpháirtithe maidir le céimeanna breise is féidir leo a dhéanamh chun obair leantach a dhéanamh agus chun cur le torthaí an chúrsa.
  • Tionchar institiúideach a éascú: ba cheart do sholáthraí an chúrsa treoir agus ábhair a thairiscint chun aistriú iarbhír an eolais agus na n-inniúlachtaí faighte a éascú in institiúidí na rannpháirtithe.
  • Deimhniú na dtorthaí foghlama: ní mór deimhniú a chur ar fáil do na rannpháirtithe. Ní mór ainm an rannpháirtí, tuairisc ghearr ar an gcúrsa agus a thorthaí foghlama, dátaí, ionaid, ainm sholáthraí an chúrsa agus teagascóir/teagascóirí an chúrsa a bheith ar an teastas. Moltar go láidir ionstraimí aitheantais Eorpacha (e.g. Europass) a úsáid.

Last updated: