Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport
Search the guide

Cad is tionscadal soghluaisteachta ann?

Gheobhaidh eagraíochtaí atá gníomhach i réimsí an oideachais, na hoiliúna agus na hóige tacaíocht ón gClár Erasmus+ chun tionscadail a chur i gcrích lena gcuirtear cineálacha éagsúla soghluaisteachta chun cinn. Beidh na céimeanna seo a leanas i gceist le tionscadal soghluaisteachta:

  • Pleanáil (lena n‑áirítear torthaí foghlama agus formáidí na gníomhaíochta a shainiú, an clár oibre a fhorbairt, na gníomhaíochtaí a sceidealú)
  • Ullmhú (lena n‑áirítear socruithe praiticiúla, roghnú rannpháirtithe, comhaontuithe a chur ar bun le comhpháirtithe agus rannpháirtithe, rannpháirtithe a ullmhú ó thaobh foghlaim teanga/idirchultúrtha de agus ó thaobh na gcúraimí de roimh imeacht);
  • Cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí soghluaisteachta;
  • Obair leantach (lena n‑áirítear an mheastóireacht ar na gníomhaíochtaí, torthaí foghlama na rannpháirtithe a bhailíochtú agus a aithint go foirmiúil – i gcás inarb infheidhme – le linn na gníomhaíochta, chomh maith le scaipeadh agus úsáid thorthaí an tionscadail).

Leis an gClár Erasmus+ treisítear an tacaíocht a thairgtear do na rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí soghluaisteachta chun feabhas a chur ar a n‑inniúlachtaí teanga iasachta roimh a dtréimhse fanachta ar an gcoigríoch agus lena linn, lena n‑áirítear deontas breise le haghaidh tacaíocht teanga le haghaidh rannpháirtithe soghluaisteachta fadtéarmaí i réimsí an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna agus an oideachais scoile. Le seirbhís tacaíochta teanga ar líne (OLS) Erasmus+ soláthraítear an deis do na rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí soghluaisteachta measúnú a dhéanamh ar an eolas atá acu ar theangacha chomh maith le cúrsaí teanga a leanúint ar líne chun a n‑inniúlachtaí a fheabhsú.

Thairis sin, tairgtear spás le Erasmus+ chun gníomhaíochtaí soghluaisteachta a fhorbairt lena bhfuil baint ag eagraíochtaí comhpháirtíochta ó chúlraí éagsúla agus iad gníomhach i réimsí éagsúla nó in earnálacha socheacnamaíocha éagsúla (mar shampla, cúrsaí oiliúna do mhic léinn ollscoile nó foghlaimeoirí i réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna i bhfiontair, eagraíochtaí neamhrialtasacha, comhlachtaí poiblí; múinteoirí i scoileanna a leanann cúrsaí forbartha gairmiúla i gcuideachtaí nó i lárionaid oiliúna; saineolaithe gnó a thugann léachtaí in institiúidí ardoideachais, srl.).

Is é an tríú gné thábhachtach den nuálaíocht agus de cháilíocht gníomhaíochtaí soghluaisteachta go bhfuil an fhéidearthacht ag eagraíochtaí rannpháirteacha Erasmus+ gníomhaíochtaí soghluaisteachta a eagrú laistigh de chreat straitéiseach leathan agus sa mheántéarma. Trí iarratas aonair ar dheontas, beidh comhordaitheoir tionscadail soghluaisteachta in ann roinnt gníomhaíochtaí soghluaisteachta a eagrú, rud a fhágann go mbeidh go leor daoine aonair in ann dul go dtí an choigríoch chuig tíortha éagsúla. Dá bharr sin, faoi Erasmus+ beidh na hiarratasóirí in ann a dtionscadal a cheapadh i gcomhréir le riachtanais na rannpháirtithe, ach de réir a bpleananna inmheánacha le haghaidh an idirnáisiúnaithe, an fhothaithe acmhainneachta agus an nuachóirithe freisin.

Tá ról tábhachtach ag scéimeanna creidiúnúcháin chun tionchar ard Phríomhghníomhaíocht 1 a chinntiú. Le Cairt Ardoideachais Erasmus, creidiúnú Erasmus le haghaidh cuibhreannais soghluaisteachta ardoideachas agus creidiúnuithe Erasmus i réimsí an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna, an oideachais scoile, an oideachais aosaigh agus na hóige, is féidir le heagraíochtaí tairbhiú de Phríomhghníomhaíocht 1 ar bhonn leanúnach, rud a fhágann gur féidir leo díriú ar chuspóirí fadtéarmacha agus ar an tionchar institiúideach.

Tacaítear leis na cineálacha tionscadal soghluaisteachta seo a leanas faoi Phríomhghníomhaíocht 1 den Chlár Erasmus+, ag brath ar phróifíl na rannpháirtithe atá i gceist:

I réimse an Oideachais agus na hOiliúna:

  • Tionscadail soghluaisteachta le haghaidh mic léinn agus baill foirne ardoideachais;
  • Tionscadail soghluaisteachta le haghaidh foghlaimeoirí agus baill foirne i réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna;
  • Tionscadail soghluaisteachta le haghaidh daltaí scoile agus baill foirne na scoile;
  • Tionscadail soghluaisteachta le haghaidh foghlaimeoirí agus baill foirne san oideachas aosach.

I réimse na hÓige:

  • Tionscadail soghluaisteachta do dhaoine óga – malartuithe Ógra
  • Tionscadail soghluaisteachta le haghaidh oibrithe óige
  • Gníomhaíochtaí um rannpháirtíocht óige
  • Gníomhaíocht Cuimsithe DiscoverEU

I réimse an Spóirt:

  • Soghluaisteacht foirne i réimse an spóirt

Sna ranna thíos soláthraítear eolas mionsonraithe faoi na critéir agus na coinníollacha ag a bhfuil feidhm maidir le gach cineál tionscadail soghluaisteachta.