Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport
Search the guide

Príomhghníomhaíocht 1: Soghluaisteacht Foghlama Daoine Aonair

Leis na Gníomhaíochtaí a dtacaítear leo faoin bPríomhghníomhaíocht seo meastar go mbeidh tionchar dearfach fadmharthanach acu ar na rannpháirtithe agus ar na heagraíochtaí rannpháirteacha atá i gceist, agus ar na córais beartais ina bhfuil na gníomhaíochtaí sin ceaptha freisin.

A mhéid a bhaineann le daltaí, mic léinn, oiliúnaithe, printísigh, foghlaimeoir fásta agus daoine óga, is é is aidhm do na gníomhaíochtaí soghluaisteachta dá dtugtar tacaíocht faoin bPríomhghníomhaíocht seo ceann amháin nó níos mó de na torthaí seo a leanas a bhaint amach:

  • feidhmíocht foghlama fheabhsaithe;
  • infhostaitheacht fheabhsaithe agus ionchais ghairme fheabhsaithe;
  • ciall tionscnaíochta agus fiontraíochta mhéadaithe;
  • méadú ar an bhféinchumasú agus ar an bhféinmheas;
  • inniúlachtaí teanga iasachta agus digiteacha feabhsaithe;
  • feasacht idirchultúrtha fheabhsaithe;
  • rannpháirtíocht níos gníomhaí sa tsochaí;
  • idirghabháil dhearfach níos fearr le daoine ó chúlraí éagsúla;
  • feasacht níos mó ar an tionscadal Eorpach agus ar luachanna an Aontais;
  • breis spreagtha chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí oideachais nó oiliúna (foirmiúla/neamhfhoirmiúla) amach anseo i ndiaidh na tréimhse soghluaisteachta ar an gcoigríoch.

A mhéid a bhaineann le baill foirne, le hoibrithe óige agus le gairmithe ag a bhfuil baint leis an oideachas, leis an oiliúint agus leis an óige, meastar go dtiocfaidh ceann amháin nó níos mó de na torthaí seo a leanas as na gníomhaíochtaí soghluaisteachta:

  • go mbeidh inniúlachtaí feabhsaithe iontu, nasctha lena bpróifílí gairme (an teagasc, an oiliúint, obair óige, srl.);
  • go mbeidh tuiscint níos leithne acu ar chleachtais, ar bheartais agus ar chórais san oideachas, san oiliúint nó in obair óige ar fud tíortha;
  • go mbeidh cumas níos mó iontu athruithe a spreagadh ó thaobh nuachóiriú agus oscailt idirnáisiúnta de laistigh dá n‑eagraíochtaí oideachais;
  • go mbeidh tuiscint níos fearr acu ar idirnaisc idir an t‑oideachas foirmiúil agus neamhfhoirmiúil, an ghairmoiliúint agus an margadh saothair faoi seach;
  • go mbeidh cáilíocht a n‑oibre níos fearr agus go mbeidh a ngníomhaíochtaí i bhfabhar mic léinn, oiliúnaithe, printíseach, daltaí, foghlaimeoirí fásta agus daoine óga;
  • tuiscint agus freagrúlacht níos fearr ar gach cineál éagsúlachta, mar shampla éagsúlacht shóisialta, eitneach, teanga, inscne agus chultúrtha chomh maith le cumais éagsúla;
  • cumas níos fearr aghaidh a thabhairt ar riachtanais daoine ar lú na deiseanna atá acu;
  • go mbeidh tacaíocht níos mó acu do ghníomhaíochtaí soghluaisteachta d’fhoghlaimeoirí agus go gcuirfear chun cinn níos mó iad;
  • go mbeidh deiseanna níos mó acu chun forbairt ghairmiúil agus gairme a dhéanamh;
  • inniúlachtaí teanga iasachta agus digiteacha feabhsaithe;
  • go mbeidh siad níos spreagtha agus sásta ina n‑obair laethúil.

Maidir le heagraíochtaí rannpháirteacha meastar go dtiocfaidh ceann amháin nó níos mó de na torthaí seo a leanas as gníomhaíochtaí a dtacaítear leo faoin nGníomhaíocht seo:

  • inniúlacht mhéadaithe oibriú ar leibhéal an Aontais/ar an leibhéal idirnáisiúnta: scileanna bainistíochta agus straitéisí idirnáisiúnaithe feabhsaithe; comhar treisithe le comhpháirtithe ó thíortha eile; breis acmhainní airgeadais a leithdháileadh (seachas cistí ón Aontas) chun tionscadail ón Aontas/tionscadail idirnáisiúnta a eagrú; breis cáilíochta le linn tionscadail ón Aontas/idirnáisiúnta a ullmhú agus a chur chun feidhme agus le linn monatóireacht agus obair leantach a dhéanamh orthu;
  • bealach nuálach agus feabhsaithe chun feidhmiú i leith a spriocghrúpaí, tríd an méid seo a leanas a sholáthar mar shampla: cláir atá níos tarraingtí do mhic léinn, d’oiliúnaithe, do phrintísigh, agus do dhaoine óga i gcomhréir lena riachtanais agus lena n‑ionchais; cáilíochtaí feabhsaithe na mball foirne teagaisc agus oiliúna; próisis fheabhsaithe chun inniúlachtaí a fuarthas le linn tréimhsí foghlama ar an gcoigríoch a aithint agus a bhailíochtú; breis gníomhaíochtaí éifeachtacha a théann chun tairbhe do phobail áitiúla, modhanna agus cleachtais fheabhsaithe maidir le hobair óige chun páirt ghníomhach a thabhairt do dhaoine óga agus/nó chun aghaidh a thabhairt ar ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste, srl.;
  • timpeallacht atá níos nua‑aimseartha, dinimiciúla, tiomanta agus gairmiúla laistigh den eagraíocht: réidh chun dea‑chleachtais agus modhanna nua a lánpháirtiú sna gníomhaíochtaí laethúla; i bhfabhar sineirgí le heagraíochtaí atá gníomhach i réimsí sóisialta, oideachasúla agus fostaíochta éagsúla; forbairt ghairmiúil a mball foirne a phleanáil go straitéiseach i ndáil le riachtanais aonair agus cuspóirí eagraíochtúla; cumarsáid a choinneáil ar bun, aistriú eolais agus for‑rochtain feabhsuithe, más ábhartha, beidh siad in ann mic léinn agus baill foirne acadúla den scoth a mhealladh ó gach cearn den domhan.

Sa deireadh, maidir le héifeacht chomhcheangailte na scórtha mílte tionscadal a dtacaítear leo faoin bPríomhghníomhaíocht seo, meastar go mbeidh tionchar aige sin ar na córais oideachais, oiliúna agus óige sna tíortha rannpháirteacha, agus athchóirithe beartais á spreagadh ar an mbealach sin agus acmhainní nua á mealladh le haghaidh deiseanna soghluaisteachta san Eoraip agus lastall di.

Maidir leis sin, in 2024 leanfar den Chlár a chur i bhfeidhm chun iarmhairtí socheacnamaíocha agus iarmhairtí ar oideachas de thoradh ionradh na Rúise ar an Úcráin a mhaolú trí thacú le tionscadail soghluaisteachta trína n‑éascaítear comhtháthú na ndaoine atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin