Le go mbeidh cabhair agus tacaíocht i ngar do rannpháirtithe Erasmus+ agus le deimhin a dhéanamh de go n-oibríonn an clár go maith i ngach tír, oibríonn an tAontas Eorpach le Gníomhaireachtaí Náisiúnta chun an clár a bhainistiú.
Is sna tíortha atá rannpháirteach sa chlár atá na Gníomhaireachtaí Náisiúnta lonnaithe, agus tá an méid seo a leanas i measc na gcúraimí atá acu:
- eolas a sholáthar faoi Erasmus+
- na tionscadail a dtabharfar maoiniú dóibh a roghnú
- monatóireacht agus meastóireacht a dhéanamh ar Erasmus+
- tacaíocht a thabhairt d’iarrthóirí agus do rannpháirtithe
- comhoibriú leis na Gníomhaireachtaí Náisiúnta eile agus leis an Aontas Eorpach
- Erasmus+ a chur chun cinn
- scéalta ratha agus dea-chleachtais a chomhroinnt
In your country
Mura bhfuil do thír ar an liosta, seans go bhfuil tú lonnaithe i dtír Chomhpháirtíochta. Féach leat liosta na nOifigí Náisiúnta Erasmus+.