Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport

An gairmoideachas agus an ghairmoiliúint

Forléargas

Tacaíonn Erasmus+ le socrúcháin mhúinteoireachta in institiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna ar an gcoigríoch.

Má tá tú ag obair i réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna is féidir leat tamall a chaitheamh ag teagasc in eagraíocht eile i dtír atá páirteach i gClár Erasmus+.

Ar na heagraíochtaí a d'fhéadfadh a bheith i gceist tá gnólachtaí, comhlachtaí poiblí, comhpháirtithe sóisialta, institiúidí taighde agus eagraíochtaí neamhrialtasacha.

Fad

Tréimhse nach lú ná 2 lá agus nach mó ná 2 mhí a bheidh sa socrúchán múinteoireachta. Níl an t-am taistil san áireamh.

Coinníollacha

Sula dtosaíonn tú do thréimhse teagaisc, síneoidh tú, an institiúid lena mbaineann tú agus an institiúid ina mbeidh tú Comhaontú Soghluaisteachta. Leagtar amach sa doiciméad sin na spriocanna foghlama agus na cearta a bheidh agat, na freagrachtaí a bheidh ort agus an chaoi a n-aithneofar an tréimhse teagaisc ar bhonn foirmiúil.

Maoiniú

Tá deontais an Aontais Eorpaigh ceaptha costais taistil agus chothabhála a chumhdach le linn duit a bheith ar an gcoigríoch chomh maith le tacaíocht eagraíochtúil a thabhairt do na hinstitiúidí rannpháirteacha.

Cé go dtagann an maoiniú ón Aontas, is iad na hinstitiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna lena mbaineann a bhainistíonn na deontais agus is iad atá freagrach as íocaíochtaí a dhéanamh le daoine aonair.

Conas iarratas a dhéanamh

Má tá tú ag obair i réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna, ní féidir iarratas a chur isteach ar dheontas mar dhuine aonair. Is iad na hinstitiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna a chuirfidh iarratas isteach agus a roghnóidh iarrthóirí as measc a mball foirne do na socrúcháin mhúinteoireachta ar an gcoigríoch.

Ba cheart na baill foirne atá le dul ag teagasc ar an gcoigríoch a roghnú ar bhealach cothrom, trédhearcach agus gach doiciméad is gá a chur ar fáil.

Mura bhfuil tú ag obair in institiúid ghairmoideachais agus ghairmoiliúna, ní féidir duit dul ag teagasc ar an gcoigríoch le Erasmus+ ach a gcuirfidh institiúid ghairmoideachais agus ghairmoiliúna cuireadh ort.

Tuilleadh eolais

Déan teagmháil leis an institiúid ghairmoideachais agus ghairmoiliúna agat féin lena fháil amach an bhfuil na deiseanna sin ar fáil duit.

Sa Treoirleabhar do Chlár Erasmus+ tá eolas mionsonraithe faoi na deiseanna seo freisin:

  • Téigh go Cuid B le haghaidh critéir dhámhachtana, critéir incháilitheachta, agus rialacha maidir le maoiniú

Is féidir cabhair a fháil ó na Gníomhaireachtaí Náisiúnta maidir le fiosruithe agus iarratais.