Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport

Foghlaimeoirí fásta

Forbhreathnú

Is féidir soghluaisteacht foghlama a eagrú do ghrúpa foghlaimeoirí fásta nó d’fhoghlaimeoirí fásta aonair atá ar bheagán deiseanna.

Is féidir le grúpa foghlaimeoirí fásta as an eagraíocht seolta am a chaitheamh i dtír éigin eile chun tairbhe a bhaint as an bhfoghlaim nuálach a eagraíonn eagraíocht óstach. Ba cheart go ndíreodh ábhar na ngníomhaíochtaí soghluaisteachta grúpa ar phríomhinniúlachtaí foghlaimeoirí fásta nó gnéithe an chuimsithe agus na héagsúlachta, chomh maith le gnéithe digiteacha, comhshaoil, inbhuanaitheachta, agus rannpháirtíochta an chláir.

Is féidir le foghlaimeoirí fásta tréimhse a chaitheamh ina n-aonair i dtír éigin eile le heagraíocht óstach chun feabhas a chur ar a gcuid eolais agus scileanna. Ní mór clár foghlama aonair a leagadh amach le haghaidh gach rannpháirtí agus d’fhéadfadh an fhoghlaim sa seomra ranga, an fhoghlaim sa láthair oibre, an scáthfhoghlaim, an bhreathnóireacht agus aon chur chuige nuálach eile a bheith mar chuid de.

Fad tréimhse

Is féidir le soghluaisteacht ghrúpa foghlaimeoirí fásta maireachtáil ar feadh tréimhse idir 2 agus 30 lá, agus ní mór ar a laghad beirt fhoghlaimeoirí a bheith sa ghrúpa. Níl an t-am taistil san áireamh.

Is féidir le soghluaisteacht foghlama aonair foghlaimeoirí fásta maireachtáil ar feadh tréimhse idir 2 lá agus aon mhí amháin. Níl an t-am taistil san áireamh.

Coinníollacha

Chun go mbeidh tú in ann páirt a ghlacadh i soghluaisteacht foghlaimeoirí fásta i dtír éigin eile trí Erasmus+, ní mór do d’eagraíocht oideachais aosaigh iarratas a dhéanamh chun creidiúint Erasmus a fháil i réimse an oideachais aosaigh nó chun páirt a ghlacadh i dtionscadal soghluaisteachta gearrthéarmach. Sa dá chas sin, ba cheart d’eagraíochtaí cloí le sraith caighdeán cáilíochta do thionscadail soghluaisteachta maidir le cleachtais bhainistíochta mhaithe lena gcuirtear ardcháilíocht agus tacaíocht ar fáil do rannpháirtithe, sin agus torthaí agus eolas a chomhroinnt faoin gclár.

I gcás soghluaisteacht daltaí aonair, síníonn tú Comhaontú Foghlama le d’institiúid féin agus leis an eagraíocht ina mbeidh tú. Leagtar amach sa doiciméad sin do spriocanna foghlama, do chearta agus na freagrachtaí a bheidh ort, agus an chaoi a n-aithneofar go foirmiúil an tréimhse staidéir i dtír éigin eile.

Tacaíocht airgeadais

Íocann an tAontas deontas i dtreo na gcostas taistil agus cothabhála, agus is í d’eagraíocht oideachais aosaigh a dhéanann an deontas sin a bhainistiú. Sa bhreis air sin, cuireann clár Erasmus+ maoiniú ar fáil chun tacú le cuimsiú rannpháirtithe nach mbíonn na deiseanna céanna acu.

Conas iarratas a dhéanamh

Más mian leat bheith páirteach i soghluaisteacht foghlaimeora fásta, ní féidir leat, mar dhuine aonair, iarratas díreach a dhéanamh ar dheontas. Ní mór d’eagraíochtaí oideachais aosaigh iarratais a dhéanamh agus is iad a roghnaíonn iarrthóirí do thréimhsí staidéir i dtír éigin eile.

Is ceart roghnú na bhfoghlaimeoirí fásta chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí soghluaisteachta a bheith cóir cuimsitheach trédhearcach agus dea-dhoiciméadaithe.

Tuilleadh eolais

Má tá tuilleadh eolais uait maidir leis na féidearthachtaí atá ann chun páirt a ghlacadh i soghluaisteacht mar fhoghlaimeoir fásta, cuideoidh na Gníomhaireachtaí Náisiúnta leat.

Erasmus+, what’s in it for me?

Get a summary brochure of Erasmus+ for adult learners, available for download in all languages from the EU Publications Office.