Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport

Cad é Erasmus+?

Is é Erasmus+ an clár atá ag an Aontas Eorpach chun tacú leis an oideachas, an oiliúint, an óige agus an spórt san Eoraip.

Is é €26.2 billiún buiséad measta an chláir. Is ionann an méid sin agus nach mór dhá oiread an mhaoiniúcháin i gcomparáid leis an gclár a bhí ann roimhe (2014-2020).

Le clár 2021-2027, cuirtear béim láidir ar an gcuimsiú sóisialta, an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach, agus rannpháirtíocht na hóige sa saol daonlathach.

Tacaíonn sé le tosaíochtaí agus le gníomhaíochtaí a leagtar amach sa Limistéar Eorpach Oideachais, sa Phlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach agus sa Chlár Oibre Eorpach do Scileanna. Is iad seo a leanas na rudaí eile a dhéanann an clár:

  • tacaíonn sé le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta
  • cuireann sé Straitéis an Aontais i leith na hÓige chun feidhme
  • déanann sé forbairt ar an ngné Eorpach den spórt

Conas páirt a ghlacadh

An spéis leat iarratas a dhéanamh leat féin, nó thar ceann d’eagraíochta?

Deiseanna

Cuireann Erasmus+ deiseanna soghluaisteachta agus comhair ar fáil sna réimsí seo a leanas:

  • an t-ardoideachas
  • an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint
  • an t-oideachas scoile (an t-oideachas luath-óige agus an cúram luath-óige san áireamh)
  • an t-oideachas aosach
  • daoine óga
  • an spórt

Forléargas ar dheiseanna

Buntreoir le haghaidh na ndeiseanna, liosta de na glaonna, agus comhairle maidir le conas iarratas a dhéanamh.

Tá eolas mionsonraithe faoi na deiseanna sin, eolas ar na critéir incháilitheachta san áireamh, le fáil sa Treoirleabhar do Chlár Erasmus+.

Tuairisciú

Tá torthaí Erasmus+ ar fáil i dtuarascálacha agus cnuasaigh staitisticí, agus trí Ardán na dTionscadal Erasmus+ chomh maith. San áireamh leis sin tá an chuid is mó de na tionscnaimh a mhaoinítear leis an gclár agus rogha dea-chleachtas agus scéalta ratha.

Download