Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport

Céard é Erasmus+?

Is é Erasmus+ an clár atá ag an Aontas Eorpach chun tacú leis an oideachas, an oiliúint, an óige agus an spórt san Eoraip.

Is é €26.2 billiún buiséad measta an chláir. Is ionann an méid sin agus nach mór dhá oiread an mhaoiniúcháin i gcomparáid leis an gclár a bhí ann roimhe (2014-2020).

Le clár 2021-2027, cuirtear béim láidir ar an gcuimsiú sóisialta, an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach, agus rannpháirtíocht na hóige sa saol daonlathach.

Tacaíonn sé le tosaíochtaí agus le gníomhaíochtaí a leagtar amach sa Limistéar Eorpach Oideachais, sa Phlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach agus sa Chlár Oibre Eorpach do Scileanna. Is iad seo a leanas na rudaí eile a dhéanann an clár:

  • tacaíonn sé le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta
  • cuireann sé Straitéis an Aontais i leith na hÓige chun feidhme
  • déanann sé forbairt ar an ngné Eorpach den spórt

Deiseanna

Cuireann Erasmus+ deiseanna soghluaisteachta agus comhair ar fáil sna réimsí seo a leanas:

  • an t-ardoideachas
  • an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint
  • an t-oideachas scoile, an t-oideachas agus an cúram luath-óige san áireamh
  • an t-oideachas aosach
  • daoine óga
  • agus spórt

Tá eolas mionsonraithe faoi na deiseanna sin, eolas ar na critéir incháilitheachta san áireamh, le fáil sa Treoirleabhar do Chlár Erasmus+.

Torthaí

Tá torthaí Erasmus+ ar fáil i dtuarascálacha agus cnuasaigh staitisticí, agus trí Ardán na dTionscadal Erasmus+ chomh maith. Áirítear leis sin formhór na dtionscnamh atá á maoiniú ag an gclár, chomh maith le rogha dea-chleachtas agus scéalta ratha.

Opportunities

Erasmus+ offers mobility and cooperation opportunities in

  • higher education
  • vocational education and training
  • school education (including early childhood education and care)
  • adult education
  • youth
  • sport

Overview of opportunities

Introduction to the opportunities, calls listing, and advice on how to apply.

Detailed information on these opportunities, including eligibility criteria, is available in the Erasmus+ Programme Guide.

Reporting

The outcomes of Erasmus+ are available in reports and compendia of statistics, as well as through the Erasmus+ Projects Platform. This includes most of the initiatives funded by the programme and a selection of good practices and success stories.