Is clár an-leathan é Erasmus+ a chlúdaíonn réimse leathan gníomhaíochtaí.
Braitheann an chaoi ar féidir leat páirt a ghlacadh ann go ginearálta ar dhá fhachtóir:
- má tá iarratas á dhéanamh agat as do stuaim féin nó thar ceann eagraíochta
- an tír ina bhfuil tú féin nó d’eagraíocht lonnaithe
Iarratasóirí aonair
Más spéis leat páirt a ghlacadh ann as do stuaim féin, is é is dóichí go mbeidh ort iarratas a dhéanamh trí eagraíocht, cuir i gcás d’ollscoil, d’ionad oiliúna, do chuideachta agus mar sin de.
Féadfaidh tú a iarraidh orthu an bhfuil siad ag cur isteach ar dheontas tionscadail nó féadfaidh tú comhairle agus inspioráid a fháil ar aip Erasmus+.
Féach an méid is féidir leat iarratas a dhéanamh air as do stuaim féin
Míniúchán gairid
Eagraíochtaí is iarratasóirí
Más eagraíocht thú a bhfuil deontas nó glao ar thograí á lorg aici, léigh conas iarratas a dhéanamh agus na céimeanna clárúcháin is gá duit a dhéanamh ar dtús.
Conas iarratas a dhéanamh mar eagraíocht
Míniúchán gairid
Na sonraí go léir maidir le clár na bliana seo
Chun sonraí cuimsitheacha a fháil faoi cé atá in ann páirt a ghlacadh, déan cuardach sa Treoirleabhar don ghníomhaíocht nó don réimse a bhfuil spéis agat ann.
Ar mhaith leat iarratas a dhéanamh ó lasmuigh den Aontas?
Léigh an treoir maidir le hiarratas a dhéanamh ó lasmuigh den Aontas
Iarratas a dhéanamh le comhpháirtí tionscadail
Cuidíonn an cuardach comhpháirtí ar an tairseach ‘Maoiniúchán agus Tairiscintí’ de chuid an Aontais leat comhpháirtithe féideartha a chuardach do do thogra.
Tacaíocht airgeadais
D’fhéadfadh sé go mbeadh daoine aonair agus eagraíochtaí in ann tairbhe a bhaint as maoiniú faoin Ráthaíocht Scileanna agus Oideachais (S&E). Is tionscnamh píolótach maoinithe fiachais é seo a reáchtálann an Ciste Eorpach Infheistíochta (CEI).
Leanann S&E scéim Iasachta Máistreachta Erasmus+ a bhí ann roimhe seo idir 2015 agus 2022.
Tá maoiniú ar fáil trí idirghabhálaithe airgeadais, cuir i gcás bainc agus cistí infheistíochta sóisialta.
Féach liosta de na hidirghabhálaithe airgeadais sin faoi ‘Eolas do thairbhithe deiridh’ ar shuíomh gréasáin CEI.