Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport
Search the guide

Príomhghníomhaíocht 3: Tacaíocht d’fhorbairt beartais agus comhar

Le Príomhghníomhaíocht 3, soláthraítear tacaíocht don chomhar beartais ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, rud a rannchuidíonn le cur chun feidhme na mbeartas atá ann cheana féin agus le beartais nua a fhorbairt, lenar féidir nuachóiriú agus athchóirithe a spreagadh, ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus ar leibhéal na gcóras, i réimsí an oideachais, na hoiliúna, na hóige agus an spóirt.

Tá sé d’aidhm ag na Gníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme tríd an bpríomhghníomhaíocht seo:

  • cur chun feidhme chlár oibre beartais an Aontais a ullmhú agus tacú leis maidir leis an oideachas, leis an oiliúint, leis an óige agus leis an spórt trí rialú agus feidhmiú na Modhanna Oscailte Comhordúcháin a éascú;
  • tástálacha beartais Eorpaigh a dhéanamh faoi stiúir údaráis phoiblí ardleibhéil agus lena bhfuil baint ag trialacha allamuigh i leith bearta beartais i roinnt tíortha, bunaithe ar mhodhanna meastóireachta fónta;
  • faisnéis agus eolas a bhailiú faoi chórais agus beartais oideachais, oiliúna, óige agus spóirt ar an leibhéal náisiúnta agus Eorpach, d’fhonn ceapadh beartais réasúnaithe a éascú;
  • an trédhearcacht agus aithint scileanna agus cáilíochtaí a éascú, mar aon le haistriú creidiúintí, dearbhú cáilíochta a chothú, dintiúir a sheiceáil go digiteach, tacú le bailíochtú na foghlama seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla, bainistíocht scileanna agus soláthar treorach;
  • idirphlé beartais le geallsealbhóirí laistigh agus lasmuigh den Aontas Eorpach a chothú, trí chomhdhálacha, trí imeachtaí agus trí ghníomhaíochtaí eile lena bhfuil baint ag lucht ceaptha beartas, cleachtóirí agus geallsealbhóirí eile i réimsí an oideachais, na hoiliúna, na hóige agus an spóirt, chun feasacht a mhúscailt faoi na cláir oibre beartais Eorpaigh ábhartha agus chun an Eoraip a chur chun cinn mar cheann scríbe staidéir agus taighde den scoth;
  • feabhas a chur ar chur chun feidhme an chláir i dtéarmaí cáilíochtúla trí aistriú eolais agus cleachtas i measc Gníomhaireachtaí Náisiúnta a éascú, acmhainní ‘meithle machnaimh’ a sholáthar do na Gníomhaireachtaí Náisiúnta agus don Choimisiún lenar féidir gníomhaíochtaí agus straitéisí a fhorbairt chun an clár a chur chun feidhme ar bhealach atá nasctha níos mó le forbairtí beartais, uirlisí a chur ar fáil chun acmhainneacht sineirgí agus comhlántachtaí a shaothrú níos fearr;
  • deiseanna a chur ar fáil do dhaoine ag céim ar bith dá saol le haghaidh eispéireas foghlama ar an gcoigríoch laistigh dá réimse saineolais, amhail rialachas poiblí, talmhaíocht agus forbairt tuaithe, teicneolaíochtaí nua, fiontar, srl.;
  • cur ar chumas comhlachtaí feidhmiúcháin Erasmus+ gníomhú mar éascaitheoirí le haghaidh uas‑scálú thionscadail Erasmus+ chun iarratas a dhéanamh ar dheontais nó chun sineirgí a fhorbairt trí thacaíocht Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa a bhainistítear ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach, an Chláir Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, agus na gclár a bhaineann le himirce, slándáil, ceartas agus saoránacht, sláinte agus cultúr;
  • tacú le himeachtaí, feachtais agus gníomhaíochtaí eile lena dtabharfar faisnéis do shaoránaigh agus d’eagraíochtaí faoin gclár Erasmus+ agus faoi bheartais an Aontais i réimsí an oideachais, na hoiliúna, na hóige agus an spóirt;
  • rannchuidiú le dea‑chleachtais chomh maith le scéalta ratha ó thionscadail a dtacaítear leo a shainaithint agus a scaipeadh d’fhonn infheictheacht níos mó a thabhairt dóibh agus d’fhonn iad a uas‑scálú ar leibhéal áitiúil, náisiúnta agus Eorpach.

Cé na gníomhaíochtaí a dtacaítear leo?

Déantar an Ghníomhaíocht seo a chur chun feidhme tríd an Treoirleabhar seo:

  • Óige na hEorpa le chéile

Bainistíonn an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr (EACEA) sa Bhruiséil an Ghníomhaíocht sin.

Cumhdaítear le Príomhghníomhaíocht 3 go leor gníomhaíochtaí eile lena dtacaítear le hathchóiriú beartais i réimsí an oideachais, na hoiliúna agus na hóige a gcuireann an Coimisiún Eorpach chun feidhme iad go díreach nó trí ghlaonna sonracha ar thograí a bhainistíonn an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr. Déantar na gníomhaíochtaí sin a aicmiú sna ranna seo a leanas:

  • Tacú le forbairt beartais Eorpaigh;
  • Tacú le huirlisí agus bearta an Aontais lena gcothaítear cáilíocht, trédhearcacht agus aithint scileanna, inniúlachtaí agus cáilíochtaí
  • Idirphlé beartais agus comhar le príomh‑gheallsealbhóirí agus eagraíochtaí idirnáisiúnta
  • Bearta lena rannchuidítear le cur chun feidhme cáilíochtúil agus cuimsitheach an chláir
  • Comhar le hionstraimí eile an Aontais agus tacú le beartais eile an Aontais
  • Gníomhaíochtaí scaipthe agus múscailte feasachta

Tá breis faisnéise ar na gníomhaíochtaí a dtacaítear leo le fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh agus na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin.