Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport
Search the guide

Cad iad cuspóirí chláir Erasmus+?

Cuspóir ginearálta

Is é is cuspóir ginearálta don chlár tacú, tríd an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil, le forbairt oideachais, ghairmiúil agus phearsanta daoine san oideachas, san oiliúint, san óige agus sa spórt, san Eoraip agus lastall di, ar bhealach is go rannchuideofar leis an bhfás inbhuanaithe, le poist ardcháilíochta agus leis an gcomhtháthú sóisialta, leis an nuálaíocht a spreagadh, agus le féiniúlacht Eorpach agus saoránacht ghníomhach a neartú. Mar sin, beidh an Clár ina phríomh-ionstraim chun an Limistéar Eorpach Oideachais a thógáil, tacaíocht a thabhairt do chur chun feidhme an chomhair straitéisigh Eorpaigh i réimse an oideachais agus na hoiliúna maidir lena chláir oibre earnála fholuiteacha. Thairis sin, beidh sé ríthábhachtach chun an comhar maidir le beartas na hóige a chur chun tosaigh faoi Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019-2027 agus an éirim Eorpach sa spórt a fhorbairt.

Cuspóirí sonracha

Tá na cuspóirí sonracha seo a leanas ag an gClár:

  • Soghluaisteacht foghlama daoine aonair agus grúpaí a chur chun cinn, chomh maith leis an gcomhar, an cháilíocht, an cuimsiú agus an cothromas, an barr feabhais, an chruthaitheacht agus an nuálaíocht ar leibhéal na n‑eagraíochtaí agus na mbeartas i réimse an oideachais agus na hoiliúna;
  • Soghluaisteacht foghlama seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla agus rannpháirtíocht ghníomhach a chur chun cinn i measc daoine óga agus oibrithe óige, chomh maith leis an gcomhar, an cháilíocht, an cuimsiú, an chruthaitheacht agus an nuálaíocht ar leibhéal na n‑eagraíochtaí agus na mbeartas i réimse na hóige;
  • Soghluaisteacht foghlama ball foirne spóirt a chur chun cinn, chomh maith leis an gcomhar, an cháilíocht, an cuimsiú, an chruthaitheacht agus an nuálaíocht ar leibhéal na n‑eagraíochtaí spóirt agus na mbeartas spóirt.