Maidir leis an gCairt
Is í Cairt Ardoideachais Erasmus (ECHE) an creat cáilíochta ginearálta le haghaidh na ngníomhaíochtaí comhair idirnáisiúnta agus Eorpacha is féidir le hinstitiúid ardoideachais a chur i gcrích faoi chuimsiú Erasmus+.
Is réamhriachtanas é Cairt Ardoideachais Erasmus a bheith bronnta ar gach institiúid ardoideachais atá lonnaithe i dtír den chlár agus atá toilteanach a bheith rannpháirteach i soghluaisteacht foghlama daoine aonair agus/nó sa chomhar le haghaidh nuálaíocht agus dea-chleachtais faoi chuimsiú Erasmus+.Cairt Ardoideachais Erasmus
I gcás institiúidí ardoideachais atá lonnaithe i dtíortha comhpháirtíochta, níl gá le Cairt Ardoideachais Erasmus, agus is trí chomhaontuithe idirinstitiúideacha idir institiúidí ardoideachais a bhunófar an creat cáilíochta.
Conas a bhronntar Cairt Ardoideachais Erasmus?
Is ar bhonn bliantúil a bhíonn glao ar thograí chun Cairt Ardoideachais Erasmus a bhronnadh.
Is féidir leat an liosta is déanaí d’institiúidí ardoideachais ag a bhfuil Cairt Ardoideachais Erasmus a íoslódáil.
Bronntar Cairt Ardoideachais Erasmus le haghaidh tréimhse iomlán chlár Erasmus+ suas go dtí 2027, agus tá dáta bailíochta sínithe ann do na tionscadail sin a thosóidh sa bhliain deiridh den Chlár. Is féidir iad a chur ar fáil ar feadh tréimhse 3 bliana (e.g. suas le 2030).
Cad atá mar chuid de Chairt Ardoideachais Erasmus?
Cuireadh prionsabail Chairt Ardoideachais Erasmus in oiriúint le go mbeadh siad ag teacht le gnéithe chlár Erasmus+ 2021-2027, mar atá an digitiú, an cuimsiú agus an inbhuanaitheacht.
I measc na nithe is tábhachtaí a cuireadh leis an gCairt nua Ardoideachais Erasmus tá gealltanas dul i dteagmháil le grúpaí tearcionadaithe i réimse na soghluaisteachta trí straitéisí maidir le cuimsiú, cleachtais ghlasa a chinntiú i dtaca le gníomhaíochtaí Erasmus+ a eagrú, an digitiú a chur chun feidhme trí thionscnamh an Chárta Mic Léinn Eorpaigh agus Aip Mhóibíleach Erasmus+, chomh maith leis an ngealltanas rannpháirtíocht saoránach mac léinn soghluaiste a fheabhsú.
Sa bhreis air sin, iarrtar ar institiúidí ardoideachais na ceanglais atá sa Mholadh ón gComhairle a chomhlíonadh i dtaca le huathaitheantas frithpháirteach chun uathaitheantas iomlán a chinntiú maidir le tréimhsí foghlama i dtír eile ar an mbealach is réidhe is féidir agus gan ceanglas a bheith ar an mac léinn aon obair chúrsa bhreise ná scrúdú breise a dhéanamh.
Dearadh prionsabail nua na Cairte Ardoideachais Erasmus i gcomhairle le Grúpa Oibre na Cairte, ar grúpa é atá comhdhéanta d’ionadaithe ó Ghníomhaireachtaí Náisiúnta Erasmus+, saineolaithe i réimse an Ardoideachais agus eagraíochtaí mac léinn.
Más mian leat cuidiú leis an institiúid lena mbaineann tú Cairt Ardoideachais Erasmus a chomhlíonadh ar bhealach níos fearr, féach na treoirlínte maidir leis an gCairt agus treoirleabhar monatóireachta na Cairte.
Féinmheasúnú
Is féidir le ceannairí Institiúidí Ardoideachais nó comhordaitheoirí Erasmus+ uirlis féinmheastóireachta na Cairte a úsáid chun feabhas a chur ar fheidhmíocht na hinstitiúide lena mbaineann siad. Is féidir leis an bhféinmheastóireacht cuidiú leat chun tuiscint a fháil ar an gcaoi a bhfuil ag éirí le d’institiúid i dtaca leis an gcairt a chur chun feidhme.Cairt Ardoideachais Erasmus
Tá leagan nua den uirlis á ullmhú agus é curtha in oiriúint do Chlár nua 2021-2027. Beidh sé ar fáil ar an leathanach seo.
Related funding opportunities
ERASMUS-EDU-2022-ECHE-CERT-FP