Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport

An scolaíocht

Forléargas

Cuireann Erasmus+ tacaíocht ar fáil le haghaidh socrúcháin mhúinteoireachta do ghairmithe atá páirteach san oideachas réamhscoile, bunscoile nó iarbhunscoile.

De thoradh babhta teagaisc a dhéanamh ar an gcoigríoch, is féidir leat léargas níos leithne a fháil ar an oideachas, eolas a roinnt le do chomhghleacaithe i dtír eile agus dea-chleachtais oideachais a fhoghlaim.

Tá na deiseanna seo ar fáil idir scoileanna atá lonnaithe i dtíortha atá páirteach i gClár Erasmus+.

Fad

Tréimhse nach lú ná 2 lá agus nach mó ná 2 mhí a bheidh sa socrúchán múinteoireachta. Níl an t-am taistil san áireamh.

Coinníollacha

Más mian leat tamall a thabhairt ag teagasc ar an gcoigríoch le Erasmus+, ní mór don scoil lena mbaineann tú iarratas a chur isteach chun páirt a ghlacadh i dtionscadal soghluaisteachta scolaíochta. Ní foláir an tionscadal soghluaisteachta a cheapadh mar chuid de Phlean Forbartha Eorpach na Scoile agus ní foláir don tionscadal freastal ar riachtanais forbartha atá sonraithe go soiléir. Ní foláir a chinntiú dá bharr go ndéantar do thaithí ar an gcoigríoch a aithint, mar is ceart, agus a roinnt, mar is ceart, ar fud na hinstitiúide agat.

Maoiniú

Íoctar deontais an Aontais Eorpaigh leis an eagraíocht chomhordaithe (le do scoil nó le comhordaitheoir cuibhreannais) agus tá siad ceaptha costais taistil agus chothabhála a chumhdach le linn duit a bheith ar an gcoigríoch chomh maith le tacaíocht eagraíochtúil a thabhairt do na heagraíochtaí rannpháirteacha.

Conas iarratas a dhéanamh

Ní féidir iarratas ar dheontas a chur isteach mar dhuine aonair. Is iad na scoileanna (nó comhordaitheoirí cuibhreannais thar ceann na scoileanna) a chuirfidh iarratas isteach agus a roghnóidh iarrthóirí as measc a mball foirne do na socrúcháin mhúinteoireachta ar an gcoigríoch.

Ba cheart na baill foirne atá le dul ag teagasc ar an gcoigríoch a roghnú ar bhealach cothrom, trédhearcach agus gach doiciméad is gá a chur ar fáil.

Tuilleadh eolais

Cuir ceist ar na teagmhálacha iomchuí sa scoil agat féin lena fháil amach an bhfuil na deiseanna sin ar fáil duit.

In Erasmus+ tá eolas mionsonraithe faoi na deiseanna seo freisin:

  • Téigh go Cuid B le haghaidh critéir dhámhachtana, critéir incháilitheachta, agus rialacha maidir le maoiniú

Is féidir cabhair maidir le fiosruithe agus iarratais a fháil ó na Gníomhaireachtaí Náisiúnta.

Pobal do scoileanna atá i gceist le Ríomhnascadh inar féidir le daoine aonair atá ag obair i scoileanna san Eoraip teagmháil a dhéanamh le chéile, comhoibriú, tionscadail a fhorbairt, taithí a roinnt le chéile agus páirt a ghlacadh sa phobal foghlama is mó san Eoraip.

Ardán do mhúinteoirí, scoileanna, saineolaithe agus daoine nach iad atá i gceist le School Education Gateway inar féidir faisnéis a fháil maidir le nuacht, treochtaí, beartais, tionscnaimh agus gníomhaíochtaí i réimse na scolaíochta, chomh maith le páirt a ghlacadh ann trí cheisteanna tábhachtacha a phlé agus a chur trí chéile le piaraí.