Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport

Soghluaisteacht daltaí

Forléargas

Is féidir soghluaisteacht foghlama a eagrú do ghrúpa daltaí nó do dhaltaí aonair.

Is féidir le grúpa daltaí ón scoil seolta am a chaitheamh i mbun foghlama lena bpiaraí i dtír eile. Ní mór múinteoirí nó daoine údaraithe ón scoil seolta a bheith in éineacht leis na daltaí ó thús deireadh na gníomhaíochta ina hiomláine.

Is féidir soghluaisteacht daltaí aonair a dhéanamh ar bhonn gearrthéarmach nó fadtéarmach. Le linn na gníomhaíochta, is féidir le daltaí tréimhse a chaitheamh i dtír éigin eile chun staidéar a dhéanamh i scoil chomhpháirtíochta nó tréimhse oiliúna a dhéanamh in eagraíocht ábhartha eile i dtír eile. Ní mór clár foghlama aonair a leagadh amach le haghaidh gach rannpháirtí.

Fad tréimhse

Is féidir le soghluaisteacht ghrúpa daltaí scoile maireachtáil ar feadh tréimhse idir 2 agus 30 lá, agus ní mór ar a laghad beirt daltaí a bheith sa ghrúpa. Níl an t-am taistil san áireamh.

Is féidir le soghluaisteacht foghlama aonair ghearrthéarmach do dhaltaí maireachtáil ar feadh tréimhse idir 10 agus 29 lá. Níl an t-am taistil san áireamh.

Is féidir le soghluaisteacht foghlama aonair fhadtéarmach do dhaltaí maireachtáil ar feadh tréimhse idir aon mhí amháin agus aon bhliain amháin. Níl an t-am taistil san áireamh.

Coinníollacha

Chun go mbeidh tú in ann páirt a ghlacadh i soghluaisteacht daltaí i dtír éigin eile trí Erasmus+, ní mór do do scoil iarratas a dhéanamh chun creidiúint Erasmus a fháil i réimse an oideachais scoile nó chun páirt a ghlacadh i dtionscadal soghluaisteachta gearrthéarmach.

Sa dá chas sin, ba cheart d’eagraíochtaí cloí le sraith caighdeán cáilíochta do thionscadail soghluaisteachta maidir le cleachtais bhainistíochta mhaithe lena gcuirtear ardcháilíocht agus tacaíocht ar fáil do rannpháirtithe, sin agus torthaí agus eolas a chomhroinnt faoin gclár.

I gcás soghluaisteacht daltaí aonair, síníonn tú Comhaontú Foghlama le d’institiúid féin agus leis an eagraíocht ina mbeidh tú. Leagtar amach sa doiciméad sin do chuid spriocanna foghlama, do chearta agus na freagrachtaí a bheidh ort, agus an chaoi a n-aithneofar go foirmiúil an tréimhse staidéir i dtír éigin eile.

Tacaíocht airgeadais

Íocann an tAontas deontas i dtreo na gcostas taistil agus cothabhála, agus is í do scoil a dhéanann an deontas sin a bhainistiú. Sa bhreis air sin, cuireann clár Erasmus+ maoiniú ar fáil chun tacú le cuimsiú rannpháirtithe nach mbíonn na deiseanna céanna acu.

Conas iarratas a dhéanamh

Más mian leat bheith páirteach i soghluaisteacht daltaí, ní féidir leat, mar dhuine aonair, iarratas díreach a dhéanamh ar dheontas. Ní mór do scoileanna iarratais a dhéanamh agus is iad a roghnaíonn iarrthóirí do thréimhsí staidéir i dtír éigin eile.

Is ceart roghnú na ndaltaí chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí soghluaisteachta a bheith cóir cuimsitheach trédhearcach agus dea-dhoiciméadaithe.

Tuilleadh eolais

Má tá tuilleadh eolais uait maidir leis na féidearthachtaí atá ann chun páirt a ghlacadh i soghluaisteacht mar dhalta, cuideoidh na Gníomhaireachtaí Náisiúnta leat.

Erasmus+, what's in it for me?

Get a summary brochure of Erasmus+ for schools, available for download in all languages from the EU Publications Office.