Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport

Baill foirne san oideachas aosach

Cén deis atá ann?

Tugann Erasmus+ deis d'eagraíochtaí oideachais aosach baill foirne dá gcuid a sheoladh thar lear, nó glacadh le baill foirne agus iad ar cuairt chucu, chun socrúcháin mhúinteoireachta a dhéanamh, chomh maith le hoiliúint a fháil nó a chur ar fáil.

Conas a oibríonn sé?

Eagraíochtaí atá ag iarraidh páirt a ghlacadh sna deiseanna sin, is féidir leo iarratas a dhéanamh ina gcáilíocht mar eagraíocht aonair, nó mar chuid de "chuibhreannas náisiúnta soghluaiseachta", is é sin grúpa eagraíochtaí oideachais aosach atá á bhainistiú ag eagraíocht chomhordúcháin aonair.

Baineann na heagraíochtaí sin le ceann amháin de na trí phríomhchatagóir seo a leanas:

  • Eagraíochtaí Iarrthacha - tá siad seo freagrach as iarratas a dhéanamh ar an tionscadal agus as an tionscadal a bhainistiú, agus feidhmiú freisin mar eagraíocht sallchuir,
  • Eagraíochtaí Sallchuir - eagraíocht atá i gceannas ar fhoireann a roghnú le cur thar lear agus ar íocaíochtaí deontais a bhainistiú,
  • Eagraíochtaí Glactha - atá freagrach as glacadh le foireann ón gcoigríoch.

Ní mór d'eagraíochtaí glactha a bheith ina soláthraithe cúrsa má tá na baill foirne le cúrsaí struchtúrtha a fháil nó páirt a ghlacadh in ócáid oiliúna. I gcásanna eile, féadfaidh an eagraíocht ghlactha a bheith ina heagraíocht ábhartha ar bith atá gníomhach sa réimse, ach ní mór dóibh cur síos a thabhairt ar na cuspóirí agus ar na gníomhaíochtaí roimh ré, chomh maith le cearta agus dualgais na bpáirtithe uile.

Eagraíochtaí atá ag déanamh iarratais mar chuibhreannas, ní mór dóibh uile a bheith lonnaithe sa tír chéanna, agus ní mór iad ar fad a bheith ainmnithe ag céim an iarratais. Ní mór do na heagraíochtaí uile atá ag glacadh páirt a bheith bunaithe i dtír atá páirteach sa Chlár.

Conas iarratas a dhéanamh

Bíonn an próiseas iarratais á bhainistiú ag Gníomhaireacht Náisiúnta na tíre ina bhfuil an eagraíocht nó cuibhreannas iarrthach lonnaithe. Ní féidir le heagraíocht nó cuibhreannas ach iarratas amháin a dhéanamh in aghaidh gach babhta de roghnúcháin, ach is féidir le heagraíochtaí páirt a ghlacadh i roinnt cuibhreannas éagsúil nó comhordú a dhéanamh orthu.

Tuilleadh eolais

Is é Treoirleabhar Erasmus+ an phríomhfhoinse faisnéise maidir leis na deiseanna seo; is féidir faisnéis faoi na critéir dhámhachtana, critéir incháilitheachta agus rialacha maoinithe a fháil i Roinn B.

Féadfaidh na Gníomhaireachtaí Náisiúnta nó, i gcás tíortha Comhpháirtíochta, féadfaidh Oifigí Náisiúnta (más ann dóibh) tuilleadh faisnéise a sholáthar.