Forbhreathnú
Cuireann Erasmus+ tacaíocht ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí oiliúna do ghairmithe atá páirteach san oideachas réamhscoile, bunscoile nó iarbhunscoile.
D’fhéadfadh cúrsaí agus oiliúint, agus tréimhsí scáthfhoghlama a bheith i gceist leis na deiseanna sin.
Bíonn siad ar siúl i scoileanna nó in eagraíochtaí cuir i gcás institiúidí ardoideachais, comhlachtaí poiblí, institiúidí taighde agus ionaid oiliúna.
Tá na deiseanna sin ar fáil idir eagraíochtaí atá lonnaithe i dtíortha atá páirteach i gClár Erasmus+.
Conas iarratas a dhéanamh
Ní féidir iarratas díreach a dhéanamh ar dheontas mar dhuine aonair. Ní mór do do scoil iarratas a dhéanamh, agus dá réir sin roghnóidh sí iarrthóirí as measc a mball foirne le haghaidh tréimhsí oiliúna i dtír eile. Is féidir le scoileanna múinteoirí faoi oiliúint, ar mian leo tréimhse oiliúna a dhéanamh i dtír eile, a óstáil.
Ba cheart na baill foirne atá le tabhairt faoi oiliúint i dtír eile a roghnú ar bhealach cothrom cuimsitheach trédhearcach agus gach doiciméad is gá a chur ar fáil.
Ba cheart na baill foirne atá le dul ag múineadh i dtír eile a roghnú ar bhealach cothrom, trédhearcach agus gach doiciméad is gá a chur ar fáil.
Fad ama
Ní mór dhá lá ar a laghad a bheith i gceist le tréimhse oiliúna agus ní fhéadfaidh sí maireachtáil níos faide ná mí amháin (i gcás cúrsaí agus oiliúna) agus dhá mhí (i gcás scáthfhoghlama). Níl an t-am taistil san áireamh ansin.
Coinníollacha
Chun go mbeidh tú in ann páirt a ghlacadh i dtréimhse oiliúna i dtír eile trí Erasmus+, ní mór do do scoil iarratas a dhéanamh chun creidiúint Erasmus a fháil i réimse an oideachais scoile nó chun páirt a ghlacadh i dtionscadal soghluaisteachta gearrthéarmach.
Sa dá chas sin, ba cheart d’eagraíochtaí cloí le sraith caighdeán cáilíochta do thionscadail soghluaisteachta maidir le cleachtais bhainistíochta mhaithe lena gcuirtear ardcháilíocht agus tacaíocht ar fáil do rannpháirtithe, sin agus torthaí agus eolas a chomhroinnt faoin gclár.
Sula gcuireann tú tús le do thréimhse oiliúna, déanfaidh tusa, an institiúid lena mbaineann tú agus an institiúid ina mbeidh tú ag tabhairt faoin socrúchán Comhaontú Soghluaisteachta a shíniú.
Tacaíocht airgeadais
Íoctar deontais an Aontais leis an eagraíocht chomhordaithe (do scoil nó comhordaitheoir cuibhreannais). Tá deontais an Aontais ceaptha costais taistil agus cothabhála a chumhdach le linn do thréimhse thar lear, agus tugtar tacaíocht eagraíochtúil do na heagraíochtaí rannpháirteacha chomh maith.
Sa bhreis air sin, cuireann clár Erasmus+ maoiniú ar fáil chun tacú le cuimsiú rannpháirtithe nach mbíonn na deiseanna céanna acu.
Tuilleadh eolais
- cuir ceist ar na teagmhálacha iomchuí sa scoil agat féin lena fháil amach an bhfuil na deiseanna sin ar fáil duit.
- féach Treoirleabhar Erasmus+ chun sonraí a fháil faoi chritéir dhámhachtana agus incháilitheachta agus rialacha maoiniúcháin.
- tabhair cuairt ar an Ardán Eorpach um Oideachas Scoile, ardán ar a dtagann baill foirne scoile, taighdeoirí agus lucht ceaptha beartas le chéile, agus ar a bhfuil Ríomhnascadh lonnaithe