Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport

Oideachas aosach

Forléargas

Tacaíonn Erasmus+ le socrúcháin oiliúna in eagraíochtaí oideachais aosach ar an gcoigríoch.

Maidir leis na deiseanna sin, d'fhéadfadh aon cheann díobh seo a leanas a bheith i gceist: cúrsaí struchtúrtha, tréimhsí oiliúna ar an gcoigríoch, scáthfhoghlaim nó tréimhsí breathnaithe i scoileanna nó in eagraíochtaí ábhartha eile.

Ar na heagraíochtaí a d'fhéadfadh a bheith i gceist tá lárionaid don fhoghlaim aosach, institiúidí ardoideachais, comhlachtaí poiblí, institiúidí taighde agus eagraíochtaí a chuireann cúrsaí nó oiliúint ar fáil.

Gheobhaidh gairmithe atá ag saothrú i réimse na foghlama aosach tuilleadh eolais tríd an bhFóram Leictreonach don Oideachas Aosach san Eoraip (EPALE).

Fad

Tréimhse nach lú ná 2 lá agus nach mó ná 2 mhí a bheidh sa socrúchán oiliúna. Níl an t-am taistil san áireamh.

Coinníollacha

Más mian leat dul faoi oiliúint ar an gcoigríoch faoi choimirce Erasmus+ ní mór don eagraíocht lena mbaineann tú iarratas a chur isteach chun páirt a ghlacadh i dtionscadal soghluaisteachta.

Déantar soghluaisteacht na foirne oideachais aosach a shuí faoi chuimsiú Phlean Forbartha Eorpach na n-eagraíochtaí óna seolfar iarrthóirí arb é is aidhm dó misean na n-eagraíochtaí sin a nuachóiriú agus a idirnáisiúnú. Ní foláir na spriocanna forbartha gairmiúla atá romhat a leagan amach sa tionscadal soghluaisteachta agus ní foláir a chinntiú dá bharr go ndéanfar a mbeidh foghlamtha agat a aithint, mar is ceart, agus a roinnt, mar is ceart, ar fud na hinstitiúide agat.

Maoiniú

Tá deontais an Aontais Eorpaigh ceaptha costais taistil agus chothabhála a chumhdach le linn duit a bheith ar an gcoigríoch, cibé táillí a bhaineann le do chúrsa san áireamh más gá, chomh maith le tacaíocht eagraíochtúil a thabhairt do na heagraíochtaí rannpháirteacha.

Cé go dtagann an maoiniú ón Aontas, is iad na heagraíochtaí oideachais aosach lena mbaineann a bhainistíonn na deontais agus is iad atá freagrach as íocaíochtaí a dhéanamh le daoine aonair.

Conas iarratas a dhéanamh

Ní féidir iarratas a chur isteach ar dheontas mar dhuine aonair. Is iad na hinstitiúidí oideachais aosach a chuirfidh iarratas isteach agus a roghnóidh iarrthóirí as measc a mball foirne do na socrúcháin oiliúna ar an gcoigríoch.

Ba cheart na baill foirne atá le dul faoi oiliúint ar an gcoigríoch a roghnú ar bhealach cothrom trédhearcach agus gach doiciméad is gá a chur ar fáil.

Tuilleadh eolais

Cuir ceist ar na teagmhálaithe iomchuí san eagraíocht oideachais aosach agat féin lena fháil amach an bhfuil na deiseanna seo ar fáil.

Sa Treoirleabhar do Chlár Erasmus+ tá eolas mionsonraithe faoi na deiseanna seo freisin:

  • Téigh go Cuid B le haghaidh critéir dhámhachtana, critéir incháilitheachta, agus rialacha maidir le maoiniú

Is féidir cabhair maidir le fiosruithe agus iarratais a fháil ó na Gníomhaireachtaí Náisiúnta.