Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport

An tOideachas aosach

Forléargas

Tacaíonn Erasmus+ le socrúcháin mhúinteoireachta in eagraíochtaí oideachais aosach thar lear.

Má oibríonn tú i réimse an oideachais aosach, is féidir leat tréimhse a chaitheamh ag múineadh nó is féidir leat oiliúint a thabhairt ag eagraíocht eile i dtír atá páirteach sa Chlár Erasmus+.

Le linn tréimhse den sórt sin i dtír eile is féidir feabhas a chur ar do scileanna teanga agus ar do chuid eolais chultúrtha, agus beidh léargas nua ar chleachtais agus cur chuige múinteoireachta le fáil agat.

Fad

Tréimhse nach lú ná 2 lá agus nach mó ná 2 mhí a bheidh sa socrúchán múinteoireachta. Níl an t-am taistil san áireamh.

Coinníollacha

Más mian leat daoine fásta a mhúineadh thar lear le Erasmus+ ní mór iarratas a chur isteach chun páirt a ghlacadh i dtionscadal soghluaisteachta.

Maoiniú

Tá deontais an Aontais Eorpaigh ceaptha costais taistil agus cothabhála a chumhdach le linn do thréimhse thar lear, agus tugtar tacaíocht eagraíochtúil do na heagraíochtaí rannpháirteacha chomh maith.

Cé go dtagann an maoiniú ón Aontas, is iad na heagraíochtaí oideachais aosach lena mbaineann a bhainistíonn na deontais agus is iad atá freagrach as íocaíochtaí a dhéanamh le daoine aonair.

Conas iarratas a dhéanamh

Ní féidir iarratas a chur isteach ar dheontas mar dhuine aonair. Is iad institiúidí oideachais aosach a chuirfidh iarratas isteach agus a roghnóidh iarrthóirí as measc a mbaill foirne do na socrúcháin mhúinteoireachta thar lear.

Ba cheart na baill foirne atá le dul ag múineadh thar lear a roghnú ar bhealach cothrom, trédhearcach agus gach doiciméad is gá a chur ar fáil.

Tuilleadh eolais

Cuir ceist san eagraíocht oideachais aosach ina bhfuil tú lena fháil amach an bhfuil na deiseanna seo ar fáil.

Sa Treoirleabhar do Chlár Erasmus+ tá eolas mionsonraithe faoi na deiseanna seo freisin:

  • Téigh go Roinn D le haghaidh critéir dhámhachtana, critéir incháilitheachta, agus rialacha maidir le maoiniú

Is féidir cabhair a fháil ó na Gníomhaireachtaí Náisiúnta maidir le fiosruithe agus iarratais.