Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport

Comhghuaillíochtaí Eolais

Cad is aidhm dóibh?

Is éard is Comhghuaillíochtaí Eolais ann tionscadail thrasnáisiúnta a thugann institiúidí ardoideachais agus gnóthais le chéile d'fhonn aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna comhchoiteanna.

Tríd is tríd, is éard is aidhm dóibh cur le cumas nuálaíochta na hEorpa agus tacú le córais ardoideachais na hEorpa a nuachóiriú.

Bíonn Comhghuaillíochtaí Eolais dírithe ar cheann amháin nó níos mó de na haidhmeanna seo a bhaint amach:

  • modhanna múinteoireachta agus foghlama atá nua, nuálach agus ildisciplíneach a cheapadh;
  • an fhiontraíocht a chothú agus scileanna fiontraíochta ball foirne atá ag obair san ardoideachas nó i ngnóthais a chothú;
  • eolas a mhalartú agus réitigh nua a aimsiú trí bheith ag obair i bpáirt le chéile.

Cén deis atá ann?

A bhuí le Comhghuaillíochtaí Eolais tugtar an deis d'eagraíochtaí tionscadal a cheapadh a chuideoidh le ceann de na haidhmeanna thuasluaite a bhaint amach. Tá na deiseanna sin ar fáil do dhisciplín nó d'earnáil ar bith agus tá siad ar fáil le haghaidh an chomhair thrasearnála freisin.

Is iad na cuspóirí céanna a bhíonn ag na comhpháirtithe i gComhghuaillíocht Eolais agus oibríonn siad i gcomhar le chéile chun torthaí a bhaint amach a dhéanfaidh tairbhe don uile chomhpháirtí.

Mar shampla, d'fhéadfaí tacaíocht a chur ar fáil ar mhaithe leis na nithe seo a leanas:

  • borradh a chur faoin nuálaíocht san ardoideachas agus i réimse an ghnó;
  • an fhiontraíocht agus scileanna fiontraíochta a fhorbairt;
  • sreabhadh agus malartú eolais a chothú idir réimse an ardoideachais agus réimse an ghnó.

Conas a oibríonn sé?

Eagraíochtaí a bhfuil rún acu iarratas a chur isteach, ní foláir dóibh sin a dhéanamh faoi scáth cuibhreannas ina mbeidh:

  • sé eagraíocht neamhspleácha ar a laghad ó thrí Thír Chláir ar a bheag
  • ar institiúidí ardoideachais dhá cheann díobh sin ar an gcuid is lú de, agus
  • ar fiontair/gnóthais dhá cheann eile díobh sin ar a laghad (tá comhairleachtaí agus idirghabhálaithe incháilithe ar choinníoll gur féidir leo a léiriú go bhfuil taithí ábhartha acu agus go bhfuil siad tiomanta don réimse lena mbaineann).

Is féidir le heagraíochtaí ó Thíortha Comhpháirtíochta a bheith rannpháirteach ach ní foláir dóibh a léiriú cén luach breise atá sa chuibhreannas de bharr a rannpháirteachais ann.

Ní foláir an cuibhreannas a bheith faoi cheannas iarratasóra, arb é atá ann an eagraíocht a chuireann an moladh isteach thar ceann na gcomhpháirtithe agus atá freagrach as cur chun feidhme foriomlán an tionscadail. Is féidir aon cheann díobh seo a bheith i gcomhpháirtithe an tionscadail:

  • comhpháirtithe iomlána, i.e. comhpháirtithe a bhfuil páirt ghníomhach sa tionscadal acu faoi cheannas an iarratasóra, nó
  • comhpháirtithe comhlachaithe, i.e. comhpháirtithe a chuidíonn le cúraimí nó le gníomhaíochtaí ar leith a dhéanamh.

Ní foláir ról na gcomhpháirtithe comhlachaithe a leagan síos go soiléir ag céim an iarratais. Níl comhpháirithe comhlachaithe i dteideal maoiniú a fháil. An dá shaghas comhpháirtithe atá luaite thuas, is féidir iad a bheith lonnaithe i dTíortha Cláir nó i dTíortha Comhpháirtíochta.

Cén t-eolas eile atá de dhíth ort

I dtaca le tionscadail, tréimhse dhá bhliain nó tréimhse trí bliana a bhíonn i gceist cé gur féidir síneadh suas le sé mhí a chur léi, ach sin a iarraidh.

Is é €700,000 uasmhéid an mhaoinithe a chuirtear ar fáil do thionscadal dhá bhliain agus is é €1,000,000 an t-uasmhéid do thionscadal trí bliana.

Maidir le hinstitiúidí ardoideachais atá lonnaithe i dTíortha Cláir, caithfidh Cairt Ardoideachais Erasmus bhailí a bheith acu. Ní chaithfidh Cairt Ardoideachais Erasmus a bheith ag institiúidí ardoideachais ó Thíortha Comhpháirtíochta.

Ní foláir an dearbhú cáilíochta a bheith ina chuid den tionscadal d'fhonn a chinntiú go mbainfear amach na torthaí a bhfuil coinne leo agus d'fhonn a chinntiú nach ar eagraíochtaí comhpháirtíochta amháin a bheidh tionchar aige.

Ba cheart go gcuirfeadh Comhghuaillíochtaí Eolais foilseacháin amach, mar shampla tuarascálacha, treoirlínte agus lámhleabhair, agus go gcuirfidís ar fáil iad, nuair is féidir sin, mar acmhainní oideachais oscailte. Ba cheart dóibh leas a bhaint as tionscnaimh atá ann cheana féin agus ba cheart dóibh uirlisí ríomhaireachta a úsáid ina gcuid oibre.

Ba cheart do Chomhghuaillíochtaí Eolais páirt a ghlacadh i ngrúpaí téamacha agus tionscnaimh eile atá ceaptha malartú dea-chleachtas a chur chun cinn. Agus a mbuiséad á gcinneadh acu, ba cheart do Chomhghuaillíochtaí Eolais an costas atá ar an tionscadal acu, agus ar thorthaí an tionscadail sin, a chur i láthair san Fhóram an Aontais Eorpaigh le haghaidh Idirphlé idir Ollscoileanna agus Gnóthais, ba cheart dóibh sin a chur san áireamh.

Conas iarratas a dhéanamh

Ba cheart iarratas a dhéanamh mar fhreagra ar cheann de na glaonna bliantúla ar mholtaí a eisíonn an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir.

Tuilleadh eolais

Is é an Treoirleabhar do Chlár Erasmus+ an phríomhfhoinse eolais faoi Chomhghuaillíochtaí Eolais, ach mar sin féin tá tuilleadh eolais faoin bpróiseas iarratais le fáil ón nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir.

Chun tuilleadh eolais a fháil is féidir teagmháil a dhéanamh leis an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir.