Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport

Ráiteas Príobháideachais

This privacy statement is related to the Erasmus+ 2014-2020 programme. It is relevant for projects still ongoing from that period.

You can also read the privacy statement of the new Erasmus+ 2021-2027 programme.

An Uirlis Soghluaisteachta+

Sa ráiteas príobháideachais seo tugtar faisnéis faoin dóigh a ndéantar do shonraí pearsanta a phróiseáil agus a chosaint.

 Clár na n‑ábhar

  1. Réamhrá
  2. Cén fáth agus cén dóigh a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta?
  3. Cad iad na forais dlí ar a ndéanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil?
  4. Cé na sonraí pearsanta a bhailímid agus a phróiseálaimid?
  5. Cá fhad a choinneoimid do shonraí pearsanta?
  6. Cén dóigh a gcosnaímid do shonraí pearsanta?
  7. Cé aige a mbeidh rochtain ar do shonraí pearsanta agus cé dó a nochtfar iad?
  8. Cé na cearta atá agat agus cén chaoi a bhfeidhmítear iad?
  9. Sonraí teagmhála
  10. Cá háit a bhfuil eolas mionsonraithe le fáil?

Féach freisin an ráiteas príobháideachais gaolmhar ‘Erasmus+ agus rannpháirtithe an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a bhfuil tionchar ag staid COVID-19 orthu’.

1. Réamhrá

Tá an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’ feasta) tiomanta do shonraí pearsanta a chosaint agus do phríobháideachas a urramú. Déanann an Coimisiún sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil a thuilleadh de bhun Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001).

Sa ráiteas príobháideachais seo, mínítear na fáthanna a bpróiseálaimid do chuid sonraí pearsanta, an chaoi a ndéanaimid na sonraí pearsanta ar fad a thugtar dúinn a bhailiú, a láimhseáil agus a chosaint, an chaoi a n-úsáidtear an fhaisnéis sin, agus na cearta atá agat maidir le do shonraí pearsanta. Tugtar ann freisin sonraí teagmhála an Rialaitheora Sonraí atá freagrach agus lenar féidir leat do chearta a fheidhmiú, agus sonraí teagmhála an Oifigigh Cosanta Sonraí agus an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.

Siar go dtí clár na n‑ábhar

 2. Cén fáth agus cén dóigh a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta?

Cuspóir na hoibríochta próiseála:

  • bainistiú a dhéanamh ar shonraí na dtionscadal atá á maoiniú ag na cláir Erasmus+, an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach agus Foghlaim ar Feadh an tSaoil (amhail tionscadail shoghluaisteachta, tionscadail chomhair, gníomhaíochtaí tacaíochta beartais), cuspóirí an tionscadail a bhaint amach, líon agus cineál na rannpháirtithe agus gnéithe buiséadacha agus airgeadais san áireamh
  • bainistíocht a dhéanamh ar eagraíochtaí rannpháirteacha sa tionscadal chun monatóireacht agus obair leantach a chinntiú
  • tuairisciú agus cuntasacht a chur ar fáil trí staitisticí a bhailítear ón tionscadal agus na freagraí a chuir an tairbhí nó na rannpháirtithe ar fáil mar chuid de shuirbhéanna
  • suirbhéanna na rannpháirtithe aonair a bhainistiú agus staitisticí a chur ar fáil maidir leis na freagraí a thugtar, rud atá ríthábhachtach chun léargas a thabhairt ar an tslí ar úsáideadh cistí an tionscadail agus ar an tslí ar baineadh amach cuspóirí an chláir
  • tacaíocht a thabhairt dóibh sin a bheidh rannpháirteach sna cláir amach anseo (bunaithe ar thoiliú, i.e. ar bhonn deonach ‘rogha a bheith páirteach’)
  • teistiméireachtaí a chur ar fáil don phobal i gcoitinne maidir le rannpháirtíocht sna cláir (bunaithe ar thoiliú, i.e. ar bhonn deonach ‘rogha a bheith páirteach’)
  • páirt a ghlacadh i staidéir bhreise maidir leis na cláir agus le saincheisteanna an Aontais a éascú (bunaithe ar thoiliú, i.e. ar bhonn deonach ‘rogha a bheith páirteach’)
  • deis a thabhairt do líonraí Mac Léinn agus Alumni Erasmus+ teagmháil a dhéanamh le rannpháirtithe Erasmus+ chun páirt a ghlacadh ina ngníomhaíochtaí (bunaithe ar thoiliú, i.e. ar bhonn deonach ‘rogha a bheith páirteach’)
  • aiseolas ó rannpháirtithe a chur ar fáil maidir leis na cúrsaí atá á ndéanamh acu (bunaithe ar thoiliú)
  • cead a thabhairt do Líonra RAY (anailís taighde-bhunaithe ar chláir Eorpacha don aos óg) teagmháil a dhéanamh le rannpháirtithe chun páirt a ghlacadh i suirbhé taighde (bunaithe ar thoiliú, i.e. ar bhonn deonach ‘rogha a bheith páirteach’)
  • cruinneas fhaisnéis staidrimh an Choimisiúin maidir le baint amach chuspóirí an chláir a chinntiú

Ní úsáidfimid do shonraí pearsanta le haghaidh cinnteoireacht uathoibrithe, próifíliú san áireamh.

Is í d’eagraíocht (e.g. an institiúid seolta) a chuireann do shonraí pearsanta isteach in uirlis TF ar a dtugtar rochtain do phróiseálaithe éagsúla, mar a thuairiscítear i bpointe 7. Meastar gur ‘aistriú sonraí’ é rochtain a bheith ag eintiteas eile, amhail an Ghníomhaireacht Náisiúnta nó an institiúid glactha, ar na sonraí sin d’fhonn cáilíocht agus comhsheasmhacht na sonraí a chinntiú. Déantar cur síos ar na cineálacha aistrithe i gcuid 7.

Siar go dtí clár na n‑ábhar

 3. Cad iad na forais dlí ar a ndéanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil?

Déanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil ar na cúiseanna seo a leanas:

  • is gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don institiúid nó don chomhlacht de chuid an Aontais
  • is gá an phróiseáil a dhéanamh chun oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh a bhfuil an rialaitheoir faoina réir
  • is gá an phróiseáil a dhéanamh chun conradh a chomhlíonadh ar páirtí ann an t-ábhar sonraí nó chun bearta a dhéanamh arna n-iarraidh sin ag an ábhar sonraí sula ndéanfaidh sé conradh

Is gá oibríochtaí próiseála a dhéanamh le go gcomhlíonfar oibleagáidí agus freagrachtaí an Choimisiúin i ndáil le faireachán agus tuairisciú, a bunaíodh le:

  • Cinneadh Uimh. 1720/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2006 lena mbunaítear clár gníomhaíochta san earnáil um fhoghlaim ar feadh an tsaoil
  • Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear 'Erasmus+': clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh, 1719/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1720/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1298/2008/CE
  • Rialachán (AE) 2018/1475 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 lena leagtar síos creat dlíthiúil an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013, agus Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE

Ní thagann na sonraí a phróiseáiltear faoi raon feidhme na gcoinníollacha maidir le Srianta (airteagal 25) agus Comhairliúchán Roimh Ré (airteagal 40) atá neadaithe i Rialachán (AE) 2018/1725.

Siar go dtí clár na n‑ábhar

 4. Cé na sonraí pearsanta a bhailímid agus a phróiseálaimid?

Chun an oibríocht phróiseála sin a chur i gcrích, bailítear na catagóirí seo a leanas de shonraí pearsanta.

Sonraí daoine teagmhála agus ionadaithe dlíthiúla in eagraíochtaí rannpháirteacha:

  • Teideal
  • Céadainm
  • Sloinne
  • Inscne
  • Roinn
  • Post
  • Uimhir mhóibíleach
  • Guthán
  • Ríomhphost
  • Seoladh dlíthiúil
  • Facs

Sonraí bhaill foirne na nGníomhaireachtaí Náisiúnta:

  • Teideal
  • Céadainm
  • Sloinne
  • Inscne
  • Roinn
  • Post

Sonraí daoine a ghlacann páirt i ngníomhaíochtaí Erasmus+ nó i dtionscadal de chuid an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh:

  • Doiciméad aitheantais an rannpháirtí
  • Uimhir chlárúcháin an rannpháirtí (tairseach an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh)
  • Teideal
  • Céadainm
  • Sloinne
  • Dáta breithe
  • Inscne
  • Náisiúntacht
  • Tacaíocht riachtanais speisialta – bailítear seo nuair a d’fhéadfadh tionchar a bheith aige ar na socruithe is gá a dhéanamh chun go mbeadh an t-iarratasóir in ann páirt a ghlacadh sa tionscadal nó ar na suimeanna breise a fhaightear mar chuid den deontas agus le haghaidh staitisticí
  • Faoi mhíbhuntáiste/níos lú deiseanna – bailítear seo nuair a d’fhéadfadh tionchar a bheith aige ar na suimeanna breise a fhaightear mar chuid den deontas agus le haghaidh staitisticí

Is gá sonraí pearsanta a chur ar fáil ar mhaithe le bainistíocht a dhéanamh ar thionscadail agus ar ghníomhaíochtaí/soghluaisteachtaí gaolmhara.

Siar go dtí clár na n‑ábhar

 5. Cá fhad a choinneoimid do shonraí pearsanta?

Próiseálann Ard-Stiúrthóireacht EAC do shonraí pearsanta le linn thréimhse do thionscadail deontais, tréimhse is féidir a mhaireachtáil 36 mhí ar a mhéad.

Ina dhiaidh sin, ní mór d’Ard-Stiúrthóireacht EAC do shonraí pearsanta a choinneáil chomh fada agus a cheanglaítear leis an Rialachán Airgeadais (lena mbunaítear na rialacha airgeadais do bhuiséad an Aontais) chun críocha iniúchóireachta, toisc go ndéantar seiceálacha nó imscrúduithe calaoise go rialta tar éis na bearta a chur i gcrích, agus ní mór na sonraí a bheith ar fáil ionas gur féidir ceisteanna amhail rannpháirtíocht bhréige agus maoiniú dúbailte a chur as an áireamh.

I ndeireadh na dála, scriosfaimid sonraí 10 mbliana ar a mhéad tar éis dheireadh bhliain chlabhsúir an chomhaontaithe (ar a dtugtar comhaontú tarmligin nó ranníocaíochta) idir an Ghníomhaireacht Náisiúnta agus an Coimisiún. Is iondúil go maireann na comhaontuithe sin 3-4 bliana.

Siar go dtí clár na n‑ábhar

 6. Cén dóigh a gcosnaímid do shonraí pearsanta?

Déanann an Coimisiún Eorpach na sonraí uile a stóráil i lárionad sonraí atá suite laistigh den Aontas.

Déantar na hoibríochtaí próiseála go léir faoi Chinneadh (AE, Euratom) 2017/46 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2017 maidir le slándáil córas cumarsáide agus faisnéise arna n-úsáid ag an gCoimisiún Eorpach.

Chun do shonraí pearsanta a chosaint, tá bearta teicniúla agus eagraíochtúla curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún Eorpach. Ar na bearta teicniúla tá an méid seo a leanas:

  • bearta iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar shlándáil ar líne
  • riosca íoslaghdaithe maidir le caillteanas sonraí
  • athrú sonraí nó rochtain neamhúdaraithe a chosc

Ar na bearta eagraíochtúla, tá cead rochtana ar shonraí a theorannú do dhaoine údaraithe amháin a bhfuil gá dlisteanach 'ar bhonn riachtanais eolais' acu leo chun críocha na hoibríochta próiseála seo.

Siar go dtí clár na n‑ábhar

 7. Cé aige a mbeidh rochtain ar do shonraí pearsanta agus cé dó a nochtfar iad?

Is gá do shonraí pearsanta a aistriú le comhaontú chun do leasa idir an rialaitheoir (an Coimisiún Eorpach) agus duine nádúrtha nó dlítheanach eile (Gníomhaireachtaí Náisiúnta i mBallstáit an Aontais, i dtíortha LEE, chomh maith leis an Tuirc, an tSeirbia agus an Mhacadóin Thuaidh) a chur i gcrích nó a fheidhmiú. Déantar an t-aistriú trí rochtain ar do shonraí pearsanta a thabhairt d’eagraíochtaí éagsúla, mar a thuairiscítear thíos.

Na daoine ag a bhfuil rochtain ar do shonraí pearsanta agus dá nochtfar iad, braitheann sé sin ar an áit a n-aistrítear do shonraí pearsanta. Tá dhá chineál aistrithe sonraí ann faoi láthair lena gcinntítear leibhéil éagsúla cosanta:

  1. Aistrithe sonraí chuig Ballstáit an Aontais Eorpaigh, chuig tíortha an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch, nó chuig tíortha ar ghlac an Coimisiún cinneadh leordhóthanachta ina leith lena gcinntítear leibhéal leordhóthanach cosanta
  2. Aistrithe sonraí chuig tríú tíortha nach bhfuil aon chinneadh leordhóthanachta ón gCoimisiún ina leith agus leibhéal cosanta do chearta maidir le do shonraí pearsanta, d’fhéadfadh sé nach mbeadh siad coibhéiseach le reachtaíocht an Aontais.

I gcás sonraí pearsanta a aistriú laistigh den Aontas/LEE agus chuig tíortha a bhfuil cinneadh leordhóthanachta déanta ina leith:

Tugtar rochtain ar do shonraí pearsanta d’fhostaithe an Choimisiúin Eorpaigh atá freagrach as an oibríocht phróiseála sin a fheidhmiú agus do na baill foirne atá údaraithe de réir an phrionsabail ‘ar bhonn riachtanais eolais’. Tá ceangal ar na baill foirne sin cloí le comhaontuithe reachtúla rúndachta, agus nuair is gá, le comhaontuithe breise rúndachta.

Lasmuigh den Choimisiún Eorpach, tugtar rochtain ar do shonraí pearsanta dóibh seo a leanas:

  • Foireann na n-eagraíochtaí tairbhíocha a bhainistíonn an tionscadal deontais, soghluaisteacht agus gníomhaíochtaí eile tionscadail amhail tionscadail chomhair
  • foireann údaraithe eagraíochtaí comhpháirtíochta tionscadail
  • foireann údaraithe na nGníomhaireachtaí Náisiúnta
  • Saorálaithe ábhartha ó eagraíochtaí atá mar chuid de Chomhaontas Mac Léinn agus Alumni Erasmus+ (ESAA), agus baill foirne ón gcuibhreannas a cheap an Coimisiún Eorpach chun tacú le ESAA
  • úsáideoirí údaraithe i gcuideachtaí seachtracha atá ar conradh ag an gCoimisiún Eorpach nó ag na Gníomhaireachtaí Náisiúnta chun seirbhísí a sholáthar, mar shampla, forbairt agus tacaíocht na hUirlise Soghluaisteachta+
  • foireann údaraithe den Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr a chothabhálann an tseirbhís chatalóige cúrsaí Tairseach Oideachais Scoile
  • nuair a dhéantar iniúchadh nó imscrúdú, d’fhéadfadh sé go mbeadh rochtain ar do shonraí ag teastáil ó iniúchóirí seachtracha chun dlíthiúlacht agus rialtacht chur chun feidhme an tionscadail a chinntiú
  • an chuideachta árachais ainmnithe, a chaithfidh a bheith ar an eolas faoi na daoine atá le clúdach aici mar chuid dá conradh (don Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach)
  • Toscaireacht de chuid an Aontais i dtíortha seolta an rannpháirtí
  • baill foirne Ghníomhaireacht Náisiúnta um Oideachas na Fionlainne – EDUFI, Seirbhísí Idirnáisiúnaithe don Óige, Cultúr, Spórt (áit a bhfuil sé ag feidhmiú ina ról mar chomhordaitheoir ar an Líonra ‘Anailís taighde-bhunaithe ar an Aos Óg i mBun Gníomhaíochta Erasmus+’ (RAY))

Ní thabharfar an t-eolas a bhailímid d’aon tríú páirtí, seachas a mhéid is gá má éilítear sin de réir dlí náisiúnta agus chun an cuspóir sin a chomhlíonadh.

I gcás ina n-aistrítear sonraí pearsanta chuig tríú tíortha:

Aistrítear do shonraí pearsanta chuig tríú tír lasmuigh den Aontas/LEE nach bhfuil aon chinneadh leordhóthanachta déanta ina leith (chuig tíortha atá rannpháirteach sa chlár – an Tuirc, an tSeirbia agus an Mhacadóin Thuaidh san áireamh) má tá tú i gceann de na cásanna seo a leanas:

  • tá tú i mbun soghluaisteachta chuig an tríú tír
  • tá tú páirteach i dtionscadal i gcomhar le heagraíocht chomhpháirtíochta ó thríú tír
  • tá tú páirteach i dtionscadal atá faoi bhainistiú na nGníomhaireachtaí Náisiúnta sa Tuirc, sa tSeirbia nó sa Mhacadóin Thuaidh
  • tá tú páirteach i dtionscadal le heagraíocht thairbhíoch nó comhordaitheoir (le haghaidh tionscadail idir scoileanna amháin) ón Tuirc, ón tSeirbia nó ón Mhacadóin Thuaidh
  • cuireann an eagraíocht is tairbhí rochtain ar fáil ar shonraí an tionscadail do dhuine údaraithe ó thríú tír

Tugtar rochtain ar do shonraí pearsanta do na heagraíochtaí seo a leanas ón tríú tír:

  • baill foirne de chuid eagraíochtaí tairbhíocha ón Tuirc, ón tSeirbia nó ón Mhacadóin Thuaidh a bhainistíonn an tionscadal deontais, soghluaisteacht agus gníomhaíochtaí tionscadail eile, cuir i gcás tionscadail chomhair (má tá tú páirteach i dtionscadal le heagraíocht thairbhíoch nó comhordaitheoir ó na tíortha sin)
  • foireann údaraithe na nGníomhaireachtaí Náisiúnta, na n-údarás náisiúnta agus Thoscaireachtaí an Aontais ón Tuirc, ón tSeirbia nó ón Mhacadóin Thuaidh (má ghlacann tú páirt i dtionscadal atá faoi bhainistiú na nGníomhaireachtaí Náisiúnta sna tíortha sin)
  • foireann údaraithe eagraíochtaí comhpháirtíochta tionscadail ó thríú tír (má tá tú páirteach i dtionscadal i gcomhar le heagraíocht chomhpháirtíochta ó thríú tír)
  • baill foirne údaraithe na nOifigí Náisiúnta Erasmus+ sa tríú tír glactha (chun críocha staitistiúla, má dhéanann tú gníomhaíocht shoghluaisteachta go tríú tír)
  • duine údaraithe ó eagraíocht tríú tír (má tá rochtain ar do shonraí pearsanta tugtha ag eagraíocht thairbhíoch i do thionscadal).

Sa chás sin, beidh leibhéal cosanta do shonraí pearsanta ag brath ar dhlí nó ar chleachtas an tríú tír sin. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh do chearta maidir le cosaint sonraí coibhéiseach leis na cearta atá agat i dtír den Aontas/LEE nó i dtír a bhfuil cinneadh leordhóthanachta déanta ina leith. Más i dtír den Aontas/LEE atá d’institiúid seolta lonnaithe, ní mór don aistriú cloí leis na coinníollacha atá leagtha síos i gCaibidil V de Rialachán (AE) 2018/1725.

Ní thabharfar an fhaisnéis a bhailímid d’aon pháirtí eile atá lonnaithe i dtríú tír lasmuigh den Aontas/LEE, ach amháin sa mhéid agus chun na críche a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil de réir dhlí náisiúnta na tíre atá i gceist.

Siar go dtí clár na n‑ábhar

 8. Cé na cearta atá agat agus cén chaoi a bhfeidhmítear iad?

Tá cearta sonracha agat mar ‘ábhar sonraí’ faoi Chaibidil III (Airteagail 14-25) de Rialachán (AE) 2018/1725, go háirithe an ceart chun do shonraí pearsanta a rochtain agus a cheartú agus an ceart chun srian a chur ar phróiseáil do shonraí pearsanta.

Féadfaidh tú do chearta a fheidhmiú ach teagmháil a dhéanamh leis an Rialaitheoir sonraí, nó, i gcás easaontais, le hOifigeach Cosanta Sonraí an Choimisiúin Eorpaigh. Más gá, is féidir leat dul i dteagmháil leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freisin. Tá a gcuid sonraí teagmhála le fáil faoi Roinn 9 thíos.

I gcás inar mian leat do chearta a fheidhmiú i gcomhthéacs ceann amháin nó níos mó ná ceann amháin de na hoibríochtaí próiseála ar leith, déan cur síos orthu (i.e. a dtagairtí Taifid mar atá sonraithe faoi Roinn 10 thíos) i d’iarratas.

Siar go dtí clár na n‑ábhar

 9. Sonraí teagmhála

An Rialaitheoir Sonraí

An Ard-Stiúrthóireacht um Oideachas, an Óige, Spórt agus Cultúr, Aonad B.4 – Comhordú Erasmus+

Más mian leat do chearta a fheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2018/1725, nó má tá tuairimí, ceisteanna nó ábhair imní agat a bhaineann le próiseáil do shonraí pearsanta, nó más mian leat gearán a dhéanamh faoi bhailiú agus úsáid do shonraí pearsanta, seol ríomhphost chuig an Rialaitheoir Sonraí ag EU-ERASMUS-ESC-PERSONAL-DATA@ec.europa.eu.

Chomh maith leis sin, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leo seo a leanas:

Oifigeach Cosanta Sonraí an Choimisiúin Eorpaigh

Féadfaidh tú dul i dteagmháil leis an Oifigeach Cosanta Sonraí (DATA-PROTECTION-OFFICER@ec.europa.eu) maidir le ceisteanna a bhaineann le próiseáil do shonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2018/1725.

An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

Tá sé de cheart agat dul ar iontaoibh an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí (i.e. gearán a dhéanamh leis) má mheasann tú gur sáraíodh do chearta faoi Rialachán (AE) 2018/1725 mar thoradh ar phróiseáil do shonraí pearsanta ag an Rialaitheoir Sonraí.

Siar go dtí clár na n‑ábhar

 10. Cá háit a bhfuil eolas mionsonraithe le fáil?

Foilsíonn Oifigeach Cosanta Sonraí (OCS) an Choimisiúin Eorpaigh clár na n-oibríochtaí próiseála go léir ar shonraí pearsanta atá déanta ag an gCoimisiún. Tá an clár le fáil ag an nasc seo: http://ec.europa.eu/dpo-register.

Tá an oibríocht phróiseála shonrach sin curtha le clár poiblí an Oifigigh Cosanta Sonraí agus an tagairt taifid seo a leanas ag gabháil léi: DPR-EC-01069.

Tá tuilleadh eolais faoi phróiseáil sonraí pearsanta Erasmus+ agus an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh le fáil ar an leathanach maidir le Erasmus+ agus cosaint sonraí.

Siar go dtí clár na n‑ábhar