Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport

Malartuithe ógra

Forbhreathnú

Tugann Malartuithe Ógra grúpaí daoine óga ó thíortha éagsúla le chéile le maireachtáil le chéile agus obair a dhéanamh ar chomhthionscadail ar feadh tréimhsí gearra.

Is lasmuigh de thimpeallacht na scoile a dhéantar na malartuithe ógra. Má dhéanann tú malartú, beidh tú páirteach i ngníomhaíochtaí cosúil le ceardlanna, cleachtaí, díospóireachtaí, rólimirt, gníomhaíochtaí amuigh faoin aer agus go leor eile.

Aithnítear eispéiris foghlama na rannpháirtithe trí Ógphas.

Fad tréimhse

Idir 5 agus 21 lá a mhaireann na malartuithe ógra, Níl an t-am taistil san áireamh ansin.

Coinníollacha

Is féidir le daoine atá idir 13 agus 30 bliain d’aois malartú ógra a dhéanamh. Le bheith i do cheannaire grúpa le linn malartú ógra, caithfidh tú a bheith 18 mbliana d’aois ar a laghad.

Is eagraíochtaí don aos óg, grúpaí neamhfhoirmiúla de dhaoine óga nó eagraíochtaí eile a bhainistíonn na malartuithe ógra.

Tacaíocht airgeadais

Tacaíonn an deontas ón Aontas le costais taistil agus costais a bhaineann le gníomhaíochtaí a bhfuil gá leo chun an malartú a dhéanamh.

Conas iarratas a dhéanamh

Más mian leat a bheith páirteach i malartú ógra, ní féidir leat, mar dhuine aonair, iarratas díreach a dhéanamh ar dheontas. Is eagraíocht nó grúpa daoine óga a chaithfidh an t-iarratas a dhéanamh, ansin roghnóidh an eagraíocht nó an grúpa na daoine a ghlacfaidh páirt sa mhalartú.

Tuilleadh eolais

Má tá cuidiú de dhíth ort le heagraíocht rannpháirteach oiriúnach a aimsiú nó má tá aon cheist agat, cuideoidh gníomhaireacht náisiúnta Erasmus+ do thíre leat.

Cuirtear eolas agus deiseanna ar fáil do dhaoine óga trí Thairseach Eorpach na hÓige freisin.