Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport

Gairmoideachas agus gairmoiliúint (teagasc foirne)

Forbhreathnú

Tacaíonn Erasmus+ le socrúcháin mhúinteoireachta in institiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna ar an gcoigríoch.

Más ag obair i réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna atá tú, is féidir leat tréimhse a chaitheamh ag teagasc in eagraíocht eile i dtíortha atá comhlachaithe le Erasmus (ar a dtugtaí tíortha Chlár Erasmus+ roimhe seo).

Ar na heagraíochtaí a d'fhéadfadh a bheith i gceist tá gnólachtaí, comhlachtaí poiblí, comhpháirtithe sóisialta, institiúidí taighde agus eagraíochtaí neamhrialtasacha.

Conas iarratas a dhéanamh

Ní féidir iarratas a chur isteach ar dheontas mar dhuine aonair. Is iad na hinstitiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna a chuirfidh iarratas isteach agus a roghnóidh iarrthóirí as measc a mball foirne do na socrúcháin teagaisc agus oiliúna i dtír eile.

Ba cheart na baill foirne atá le dul ag múineadh thar lear a roghnú ar bhealach cothrom cuimsitheach trédhearcach agus gach doiciméad is gá a chur ar fáil.

Is féidir le heagraíochtaí cuireadh a thabhairt d’oiliúnóirí, múinteoirí, saineolaithe beartais nó gairmithe cáilithe eile ó thíortha eile, ar daoine iad ar féidir leo cabhrú le feabhas a chur ar an teagasc, ar an oiliúint agus ar an bhfoghlaim san ósteagraíocht. Is féidir le heagraíochtaí is iarratasóirí múinteoirí faoi oiliúint, ar mian leo tréimhse oiliúna a dhéanamh i dtír eile, a óstáil.

Fad tréimhse

Tréimhse nach lú ná dhá lá agus nach mó ná bliain amháin a bheidh sa socrúchán teagaisc. Níl an t-am taistil san áireamh ansin.

Coinníollacha

Chun go mbeidh tú in ann a bheith ag teagasc i dtír eile le Erasmus+, ní mór do d’institiúid gairmoideachais agus gairmoiliúna iarratas a dhéanamh chun creidiúnú Erasmus a fháil i réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna nó chun páirt a ghlacadh i dtionscadal soghluaisteachta gearrthéarmach. Sa dá chas sin, ba cheart d’eagraíochtaí cloí le sraith caighdeán cáilíochta do thionscadail soghluaisteachta maidir le cleachtais bhainistíochta mhaithe lena gcuirtear ardcháilíocht agus tacaíocht ar fáil do rannpháirtithe, sin agus torthaí agus eolas a chomhroinnt faoin gclár. 

Sula gcuireann tú tús le do thréimhse teagaisc, déanfaidh tusa, an institiúid lena mbaineann tú agus an institiúid ina mbeidh tú ag tabhairt faoin socrúchán Comhaontú Soghluaisteachta a shíniú. Leagtar amach sa doiciméad sin na spriocanna foghlama agus na cearta a bheidh agat, na freagrachtaí a bheidh ort agus an chaoi a n-aithneofar an tréimhse teagaisc ar bhonn foirmiúil.

Tacaíocht airgeadais

Íoctar deontais an Aontais Eorpaigh leis an eagraíocht chomhordaithe (le do scoil nó le comhordaitheoir cuibhreannais) agus tá siad ceaptha costais taistil agus chothabhála a chumhdach le linn duit a bheith i dtír eile chomh maith le tacaíocht eagraíochtúil a thabhairt do na heagraíochtaí rannpháirteacha.

Sa bhreis air sin, cuireann clár Erasmus+ maoiniú ar fáil chun tacú le cuimsiú rannpháirtithe nach mbíonn na deiseanna céanna acu.

Faigh tuilleadh eolais

Déan teagmháil leis an institiúid ghairmoideachais agus ghairmoiliúna agat féin lena fháil amach an bhfuil na deiseanna sin ar fáil duit.

Féach Treoirleabhar Erasmus+ le haghaidh sonraí faoi chritéir dhámhachtana agus incháilitheachta agus rialacha maoiniúcháin.

Is féidir cabhair maidir le fiosruithe agus iarratais a fháil ó na Gníomhaireachtaí Náisiúnta.

Last updated: