Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport

Clárúchán d’eagraíochtaí atá ag glacadh páirt i ngníomhaíochtaí de chuid Erasmus+ nó an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh

Aon eagraíocht ar mian léi iarratas a dhéanamh ar chreidiúnú nó ar dheontas faoi Erasmus+ nó faoin gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach, ní mór di an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • clárú le seirbhís ghinearálta fíordheimhniúcháin an Choimisiúin Eorpaigh (EU Login)
  • clárú leis an tseirbhís bainistíochta eagraíochta is ábhartha

Cláraigh le haghaidh cuntas EU Login

Sular féidir d’eagraíocht a chlárú, ní mór duit cuntas EU Login a fháil ar dtús. Is seirbhís ghinearálta fíordheimhniúcháin é EU Login le haghaidh réimse leathan seirbhísí de chuid an Choimisiúin Eorpaigh.

Cláraigh le haghaidh cuntas EU Login

Féach leat cé a bhainistíonn do ghníomhaíocht

Beidh an áit a gcláraíonn tú d’eagraíocht ag brath ar an ngníomhaíocht a bhfuil iarratas á dhéanamh agat faoi agus cé a bhainistíonn í.
Is féidir leat é seo a sheiceáil trí fhéachaint ar liosta na ngníomhaíochtaí agus a mbainistíocht faoi seach.

Le haghaidh gníomhaíochtaí láraithe a ndéanann an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr (EACEA) bainistíocht orthu

Ba cheart d’eagraíochtaí clárú tríd an Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí an Aontais’.

Nuair a bheidh tú cláraithe, gheobhaidh tú Cód Aitheantais Rannpháirtí (PIC) a bhfuil 9 ndigit ann. Úsáidfidh an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin an t-aitheantóir uathúil sin mar thagairt in aon idirghníomhaíocht.

Cláraigh d’eagraíocht le haghaidh gníomhaíocht láraithe

Le haghaidh gníomhaíochtaí díláraithe a ndéanann na Gníomhaireachtaí Náisiúnta bainistíocht orthu

Ba cheart d’eagraíochtaí clárú trí ardán Erasmus+ agus an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh.

Nuair a bheidh tú cláraithe, gheobhaidh tú Aitheantas Eagraíochta (OID) a fhéadfaidh tú a úsáid chun cur isteach ar chreidiúnú nó ar dheontas.

Cláraigh d’eagraíocht le haghaidh gníomhaíocht díláraithe

Má ghlac tú páirt cheana in aon ghníomhaíocht de chuid Erasmus+ agus an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh atá á bainistiú ag Gníomhaireacht Náisiúnta, is féidir leat d’aitheantas eagraíochta a chuardach ar an ardán céanna.

Príobháideachas

Chun a fháil amach conas a úsáidimid agus a láimhseálaimid do shonraí pearsanta, léigh ár ráiteas príobháideachais.

Last updated: