Creidiúnú Erasmus i réimsí an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna, an oideachais scoile agus an oideachais aosaigh
Is éard atá i gceist le creidiúnú Erasmus ná uirlis le haghaidh eagraíochtaí sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint, san oideachas scoile agus san oideachas aosach ar mian leo dul i mbun malartú agus comhar trasteorann. Má dhámhtar creidiúnú Erasmus deimhnítear leis sin go bhfuil plean curtha ar bun ag an iarratasóir chun gníomhaíochtaí soghluaisteachta ardcháilíochta a chur chun feidhme mar chuid d’iarracht leathan chun a n‑eagraíocht a fhorbairt. Tugtar Plean Erasmus ar an bplean sin agus is cuid lárnach den iarratas ar chreidiúnú Erasmus é.
Is féidir le hiarratasóirí iarratas a dhéanamh ar chreidiúnú Erasmus aonair le haghaidh a n‑eagraíochta, nó ar chreidiúnú Erasmus do chomhordaitheoirí cuibhreannais soghluaisteachta, mar a mhínítear thíos. Ní gá taithí a fháil sa chlár roimh ré chun iarratas a dhéanamh.
Féadfar lipéad feabhais a dhámhachtain ar eagraíochtaí ag a bhfuil creidiúnú Erasmus cheana chun an obair a rinne siad cheana agus a ndúthracht i leith na cáilíochta a aithint.
Conas teacht ar dheiseanna soghluaisteachta le crediúnú Erasmus?
Gheobhaidh iarratasóirí rathúla ar chreidiúnú Erasmus rochtain shimplithe ar dheiseanna maoinithe Phríomhghníomhaíocht 1 i bhfoirm tionscadail soghluaisteachta chreidiúnaithe a chuirtear i láthair sa Treoir seo.
Cuspóirí na gníomhaíochta
I ngach ceann de na trí réimse:
An éirim Eorpach maidir leis an teagasc agus leis an bhfoghlaim a neartú tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
- luachanna an chuimsithe agus na héagsúlachta, na caoinfhulaingthe, agus na rannpháirtíochta daonlathaí a chur chun cinn
- eolas faoi oidhreacht agus éagsúlacht chomhroinnte na hEorpa a chur chun cinn
- tacú le forbairt líonraí gairmiúla ar fud na hEorpa
I réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna:
Rannchuidiú le cur chun feidhme an Mholta ón gComhairle maidir le gairmoideachas agus gairmoiliúint agus Dhearbhú <strong>Osnabrück</strong>1 agus leis an gClár Oibre Eorpach do <strong>Scileanna</strong>2 , agus le cruthú an Limistéir Eorpaigh Oideachais tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
- cáilíocht an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna tosaigh agus leanúnaí (IVET agus CVET) a mhéadú;
- príomhinniúlachtaí agus scileanna trasnaí a neartú, go háirithe foghlaim teangacha agus scileanna digiteacha;
- tacú le forbairt scileanna a bhaineann go sonrach le post agus a bhfuil gá leo sa mhargadh saothair atá ann agus a bheidh ann amach anseo;
- dea‑chleachtais a chomhroinnt agus úsáid modhanna agus teicneolaíochtaí oideolaíocha nua agus nuálacha agus a chur chun cinn, agus tacú le forbairt ghairmiúil múinteoirí, oiliúnóirí, meantóirí agus ball foirne eile sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint;
- acmhainneacht soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna a fhothú chun tionscadail soghluaisteachta ardcháilíochta a dhéanamh, agus cur lena gcumas comhpháirtíochtaí ardcháilíochta a chruthú agus forbairt á déanamh ar a straitéis um idirnáisiúnú;
- féachaint chuige go mbeidh an tsoghluaisteacht ina féidearthacht réalaíoch d’aon fhoghlaimeoir i ngairmoideachas agus gairmoiliúint tosaigh agus sa ghairmoideachas agus gairmoiliúint leanúnach, agus an meánfhad soghluaisteachta d’fhoghlaimeoirí sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint a mhéadú chun cáilíocht agus tionchar na soghluaisteachta a mhéadú;
- cáilíocht, trédhearcacht agus aithint thorthaí foghlama na dtréimhsí soghluaisteachta ar an gcoigríoch a chothú, go háirithe trí uirlisí agus ionstraimí Eorpacha a úsáid chun na críche sin.
I réimse an oideachais scoile
Cáilíocht an teagaisc agus na foghlama san oideachas scoile a mhéadú tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
- tacú le forbairt ghairmiúil múinteoirí, ceannairí scoile agus ball foirne eile scoile;
- úsáid teicneolaíochtaí nua agus modhanna teagaisc nuálacha a chur chun cinn;
- feabhas a chur ar an bhfoghlaim teanga agus ar an éagsúlacht teanga i scoileanna;
- tacú le comhroinnt agus aistriú na ndea‑chleachtas i bhforbairt teagaisc agus scoile.
Rannchuidiú le Limistéar Eorpach Oideachais a chruthú tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
- acmhainneacht scoileanna a fhothú chun dul i mbun malartuithe trasteorann agus comhar trasteorann, agus tionscadail soghluaisteachta ardcháilíochta a dhéanamh;
- féachaint chuige go mbeidh an tsoghluaisteacht foghlama ina féidearthacht réalaíoch d’aon dalta ar bith san oideachas scoile;
- aitheantas ar thorthaí foghlama daltaí agus ball foirne i dtréimhsí soghluaisteachta ar an gcoigríoch a chothú.
I réimse an oideachais aosaigh:
Rannchuidiú le Limistéar Eorpach Oideachais a chruthú agus leis an gClár Oibre Eorpach do Scileanna tríd an méid seo a leanas a <strong>dhéanamh</strong>3 :
- rannpháirtíocht daoine fásta de gach aois agus cúlra socheacnamaíoch san oideachas aosach a mhéadú, go háirithe trí rannpháirtíocht eagraíochtaí atá ag obair le foghlaimeoirí faoi mhíbhuntáiste, soláthraithe beaga oideachais aosaigh, nuatheachtaithe chuig an gClár, agus eagraíochtaí ag a bhfuil níos lú taithí, chomh maith le heagraíochtaí pobalbhunaithe ar an mbunleibhéal a chothú;
- cáilíocht an oideachais aosaigh fhoirmiúil, neamhfhoirmiúil agus sheachfhoirmiúil a mhéadú;
- feabhas a chur ar cháilíocht an oideachais aosaigh a chuirtear ar fáil trí ghairmiúlú na mball foirne agus acmhainneachta na soláthraithe oideachais aosaigh a fhothú chun cláir foghlama ardcháilíochta a chur chun feidhme;
- cáilíocht an teagaisc agus na foghlama a mhéadú i ngach foirm den oideachas aosach, agus féachaint chuige go mbeidh an fhoghlaim sin ábhartha i leith riachtanais na sochaí i gcoitinne;
- feabhas a chur ar sholáthar an oideachais aosaigh i gcás príomhinniúlachtaí mar a shainmhínítear i gcreat an Aontais (2018), lena n‑áirítear scileanna bunúsacha (an litearthacht, an uimhearthacht, scileanna digiteacha) agus scileanna eile saoil;
- acmhainneacht na soláthraithe oideachais aosaigh agus na n‑eagraíochtaí eile a fhothú, arb eagraíochtaí iad a bhfuil ról acu i réimse an oideachais aosaigh chun tionscadail soghluaisteachta ardcháilíochta a dhéanamh.
Critéir incháilitheachta
Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?
I réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna:
- Eagraíochtaí a sholáthraíonn an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint tosaigh nó leanúnach4
- Údaráis phoiblí áitiúla agus réigiúnacha, comhlachtaí comhordúcháin agus eagraíochtaí eile ag a bhfuil ról i réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna
- Cuideachtaí agus eagraíochtaí poiblí nó príobháideacha eile a óstálann foghlaimeoirí agus printísigh sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint, a chuireann oiliúint orthu agus a oibríonn leo
I réimse an oideachais scoile:
- Scoileanna a sholáthraíonn oideachas ginearálta ar an leibhéal réamh‑bhunscoile, bunscoile nó meánscoile, ar nós eagraíochtaí a sholáthraíonn oideachas agus cúram luath‑óige5
- Údaráis phoiblí áitiúla agus réigiúnacha, comhlachtaí comhordúcháin agus eagraíochtaí eile ag a bhfuil ról i réimse an oideachais scoile
I réimse an oideachais aosaigh:
- Eagraíochtaí a sholáthraíonn an t‑oideachas aosach foirmiúil, neamhfhoirmiúil agus seachfhoirmiúil6
- Údaráis phoiblí áitiúla agus réigiúnacha, comhlachtaí comhordúcháin agus eagraíochtaí eile ag a bhfuil ról i réimse an oideachais aosaigh
Sainmhínithe agus prionsabail infheidhme i ngach ceann de na trí réimse
Cinnfear incháilitheacht na n‑eagraíochtaí faoi chritéar (1) bunaithe ar na cláir oideachais agus ar na gníomhaíochtaí oideachais atá á soláthar acu. Féadfaidh eagraíocht a bheith incháilithe i mbreis agus réimse amháin má bhíonn cláir oideachais agus gníomhaíochtaí oideachais dhifriúla á soláthar aici.
Saineoidh an tÚdarás Náisiúnta inniúil i ngach tír an méid seo a leanas:
- na cláir oideachais agus na gníomhaíochtaí oideachais lena gcumasaítear d’eagraíochtaí a bheith incháilithe faoi chritéar (1), agus
- na heagraíochtaí atá incháilithe faoi chritéar (2).
Foilseofar na sainmhínithe infheidhme agus samplaí d’eagraíochtaí incháilithe ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta Náisiúnta freagraí.
Tíortha incháilithe
Ní mór d’iarratasóirí a bheith bunaithe i mBallstát den Aontas nó i dtríú tír atá comhlachaithe leis an gClár.
Cén áit ar féidir iarratas a dhéanamh?
Ní mór iarratais a chur faoi bhráid Ghníomhaireacht Náisiúnta na tíre ina bhfuil an eagraíocht is iarratasóir bunaithe.
Sprioc‑am chun iarratas a chur isteach
An 1 Deireadh Fómhair ar 12:00:00 (meán lae am na Bruiséile)
Caighdeáin cháilíochta Erasmus
Ní mór d’iarratasóirí ar chreidiúnú Erasmus suibscríobh do chaighdeáin cháilíochta Erasmus mar atá ar shuíomh gréasáin Europa:
Féadfar caighdeáin cháilíochta Erasmus a thabhairt cothrom le dáta le linn thréimhse chur chun feidhme an chreidiúnaithe. Sa chás sin, iarrfar ar na heagraíochtaí creidiúnaithe toiliú leis sin sular féidir leo iarratas a dhéanamh ar an gcéad deontas eile.
An líon iarratas
Is féidir le heagraíocht iarratas a dhéanamh uair amháin i ngach ceann de na trí réimse a chumhdaítear leis an nglao sin: an t‑oideachas aosach, an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint, agus an t‑oideachas scoile. Ní mór d’eagraíochtaí a dhéanann iarratas ar bhreis agus réimse amháin iarratais ar leithligh a chur isteach.
Ní féidir le heagraíochtaí ag a bhfuil creidiúnú Erasmus cheana iarratas a dhéanamh ar chreidiúnú nua sa réimse céanna.
Cineálacha iarratas
Is féidir le hiarratasóirí iarratas a dhéanamh mar eagraíocht aonair nó mar chomhordaitheoir cuibhreannais soghluaisteachta. Ní féidir iarratas a dhéanamh ar an dá chineál creidiúnúcháin sa réimse céanna.
Creidiúnú Erasmus do chomhordaitheoirí cuibhreannais soghluaisteachta
Is éard is cuibhreannas soghluaisteachta ann grúpa eagraíochtaí ón tír chéanna ag a bhfuil gníomhaíochtaí soghluaisteachta á gcur chun feidhme mar chuid de Phlean Erasmus comhpháirteach. Tá gach cuibhreannas soghluaisteachta comhordaithe ag ceanneagraíocht amháin: comhordaitheoir cuibhreannais soghluaisteachta nach mór a bheith creidiúnaithe le creidiúnú Erasmus.
Féadfaidh na comhordaitheoirí cuibhreannais soghluaisteachta féin gníomhaíochtaí a eagrú (mar an gcéanna le haon eagraíocht ag a bhfuil creidiúnú aonair), agus ina theannta sin is féidir leo deiseanna soghluaisteachta a sholáthar d’eagraíochtaí eile is comhaltaí ina gcuibhreannas. Níl gá le creidiúnú Erasmus do chomhaltaí cuibhreannais.
Ceanglófar ar iarratasóirí ar chomhordaitheoirí cuibhreannais soghluaisteachta tuairisc a thabhairt ar chuspóir agus comhdhéanamh pleanáilte a gcuibhreannais san iarratas. Ní mór gach eagraíocht phleanáilte is comhalta den chuibhreannas a bheith ón mBallstát céanna den Aontas nó ón tír chéanna nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár leis an gcomhordaitheoir cuibhreannais soghluaisteachta. Mar sin féin, níl gá le liosta beacht de chomhaltaí cuibhreannais ag an gcéim seo.
Chun na critéir incháilitheachta atá i bhfeidhm maidir le baill cuibhreannais agus sonraí breise a fháil, féach an roinn maidir le tionscadail soghluaisteachta chreidiúnaithe.
Critéir roghnúcháin
Ní mór d’iarratasóirí acmhainneacht oibríochtúil agus ghairmiúil oiriúnach a bheith acu chun an Plean Erasmus atá beartaithe a chur chun feidhme, chomh maith le 2 bhliain ar a laghad de thaithí ábhartha a bheith acu i réimse an iarratais agus, i gcás comhordaitheoirí cuibhreannais soghluaisteachta, acmhainneacht iomchuí chun an cuibhreannas a chomhordú. San áireamh mar thaithí ábhartha i gcomhthéacs seiceálacha ar acmhainneacht oibríochtúil, cuirfear an taithí a fuarthas roimh chumaisc nó athruithe struchtúracha comhchosúla ar eintitis phoiblí (scoileanna nó ionaid oideachais mar shampla).
Seiceálfar acmhainn airgeadais na n‑iarratasóirí ar leithligh ag céim níos déanaí, mar chuid de mheasúnú ar iarratais ar dheontais le haghaidh tionscadail chreidiúnaithe.
Léigh Cuid C den Treoir seo chun breis eolais a fháil faoi na critéir roghnúcháin.
Critéir eisiaimh agus rialacha maidir le hinneachar bunaidh agus údarthacht
Ní mór d’iarratasóirí dearbhú sínithe ar a n‑onóir a chur isteach, á dheimhniú nach bhfuil siad in aon cheann de na cásanna dá dtagraítear sna critéir eisiaimh a liostaítear i gCuid C den Treoir seo.Ina theannta sin, ach an dearbhú a shíniú, deimhneoidh na hiarratasóirí go bhfuil inneachar bunaidh a scríobh siad féin sa Phlean Erasmus a cuireadh isteach, agus nár íocadh aon eagraíocht ná duine aonair seachtrach eile as an iarratas a dhréachtú.
An tráth céanna, ceadaítear agus moltar do na hiarratasóirí comhairle beartais a iarraidh ó údaráis oideachais agus ó shaineolaithe oideachais ábhartha, nó dea‑chleachtais a mhalartú le heagraíochtaí atá comhchosúil leo sin ag a bhfuil níos mó taithí in Erasmus+. Féadfaidh iarratasóirí ar chomhordaitheoir cuibhreannais soghluaisteachta dul i gcomhairle le comhaltaí cuibhreannais féideartha agus a n‑iarratas á dhréachtú acu. Féadfaidh doiciméid straitéiseacha atá ábhartha dá bPlean Erasmus a bheith ina dtaca le hiarratas iarratasóirí, amhail straitéis um idirnáisiúnú nó straitéis arna forbairt ag a gcomhlachtaí maoirseachta nó comhordúcháin.
Critéir dhámhachtana
Déanfar meastóireacht ar iarratais ar leithligh le haghaidh an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna, an oideachais scoile agus an oideachais aosaigh. Déanfar measúnú ar cháilíocht na n‑iarratas trí phointí as 100 ar an iomlán a shannadh, bunaithe ar na critéir agus na scóir thíos.
Le bheith curtha san áireamh le haghaidh dámhachtana, ní mór na tairseacha seo a leanas a bhaint amach leis na hiarratais:
- Ar a laghad 70 pointe as 100 pointe ar an iomlán, agus
- Leath na bpointí scóir uasta ar a laghad i ngach ceann de na ceithre chritéar dámhachtana thíos.
Ábharthacht (scór uasta: 10 phointe)
A mhéid atá an méid seo a leanas amhlaidh:
- tá próifíl, taithí agus gníomhaíochtaí an iarratasóra chomh maith le spriocphobal na bhfoghlaimeoirí ábhartha do réimse an iarratais, do chuspóirí chreidiúnuithe Erasmus, agus don chineál iarratais (eagraíocht aonair nó comhordaitheoir cuibhreannais)
- tá an togra ábhartha chun comhluachanna an Aontais a urramú agus a chur chun cinn, cuir i gcás meas ar dhínit an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas, smacht reachta agus meas ar chearta an duine, chomh maith le troid in aghaidh aon sórt idirdhealaithe.
- ina theannta sin, maidir le heagraíochtaí a dhéanann iarratas chun bheith ina gcomhordaitheoirí cuibhreannais creidiúnaithe:
- tá próifíl chomhaltaí an chuibhreannais phleanáilte ábhartha i leith chríoch agus chuspóirí an chuibhreannais, mar a sainítear san iarratas, le haghaidh réimse an iarratais agus chuspóirí chreidiúnuithe Erasmus
- le cruthú an chuibhreannais tugtar breisluach soiléir dá gcomhaltaí ó thaobh chuspóirí chreidiúnuithe Erasmus
Plean Erasmus: cuspóirí (scór uasta: 40 phointe)
A mhéid atá an méid seo a leanas amhlaidh:
- tá an Plean Erasmus a mholtar i gcomhréir le cuspóirí chreidiúnaithe Erasmus
- i gcuspóirí an Phlean Erasmus a mholtar tugtar aghaidh ar riachtanais an iarratasóra, ar riachtanais a ball foirne agus ar riachtanais na bhfoghlaimeoirí agus déantar amhlaidh ar bhealach atá soiléir agus coincréiteach
- do chomhordaitheoirí cuibhreannais, tá feidhm leis na critéir sin maidir leis an gcuibhreannas pleanáilte ina iomláine agus éilítear go mbeidh cuspóirí Phlean Erasmus comhtháite le cuspóir an chuibhreannais mar a shainítear san iarratas.
- tá cuspóirí an Phlean Erasmus a mholtar agus a n‑uainiú réalaíoch agus sách uaillmhianach chun tionchar dearfach a imirt ar an eagraíocht (nó ar an gcuibhreannas).
- tá na bearta a mholtar chun dul chun cinn chuspóirí Phlean Erasmus a rianú, agus meastóireacht a dhéanamh orthu, iomchuí agus coincréiteach
- má chuireann an t‑iarratasóir doiciméid straitéiseacha i gceangal leis an iarratas: tá míniú soiléir ar an nasc idir an Plean Erasmus a mholtar agus na doiciméid a áirítear
Plean Erasmus: gníomhaíochtaí (scór uasta: 20 phointe)
A mhéid atá an méid seo a leanas amhlaidh:
- tá an líon beartaithe rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí soghluaisteachta i gcomhréir le méid agus taithí na heagraíochta is iarratasóir
- maidir le comhordaitheoirí cuibhreannais, cuirfear méid pleanáilte an chuibhreannais san áireamh
- tá an líon beartaithe rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí soghluaisteachta réalaíoch agus iomchuí le haghaidh na gcuspóirí a leagtar amach sa Phlean Erasmus
- tá próifílí na rannpháirtithe pleanáilte ábhartha i leith réimse an iarratais, an Phlean Erasmus a mholtar, agus chuspóirí chreidiúnuithe Erasmus
- i gcás inarb ábhartha agus má tá sé pleanáilte ag an iarratasóir gníomhaíochtaí soghluaisteachta a eagrú le haghaidh foghlaimeoirí: rannpháirtíocht rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu
Plean Erasmus: bainistíocht (scór uasta: 30 phointe)
A mhéid atá an méid seo a leanas amhlaidh:
- tá bealaí nithiúla molta ag an iarratasóir chun rannchuidiú le bunphrionsabail chreidiúnú Erasmus ar a bhfuil tuairisc i gcaighdeáin cháilíochta Erasmus
- tá leithdháileadh soiléir agus iomlán cúraimí molta ag an iarratasóir i gcomhréir le caighdeáin cháilíochta Erasmus
- tá acmhainní iomchuí leithdháilte ag an iarratasóir chun gníomhaíochtaí an chláir a bhainistiú i gcomhréir le caighdeáin cháilíochta Erasmus
- tá rannpháirtíocht iomchuí ann ar leibhéal bainistíochta na heagraíochta
- sainíodh bearta iomchuí chun leanúnachas ghníomhaíochtaí an chláir a chinntiú i gcás athruithe i mbaill foirne nó bainistíocht na heagraíochta is iarratasóir
- tá bearta nithiúla agus loighciúla molta ag an iarratasóir chun torthaí na ngníomhaíochtaí soghluaisteachta a lánpháirtiú in obair thráthrialta na heagraíochta
- do chomhordaitheoirí cuibhreannais, tá feidhm leis na critéir sin maidir leis an gcuibhreannas pleanáilte ina iomláine
An líon uasta creidiúnuithe Erasmus a dhámhtar
Déanfaidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta líon uasta creidiúnuithe a shocrú lena dhámhachtain i ngach tír, bunaithe ar an mbuiséad atá ar fáil. Déanfar an cinneadh sin ar leithligh le haghaidh gach ceann de na trí réimse agus foilseofar é ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta Náisiúnta 14 lá féilire ar a laghad roimh an sprioc‑am chun iarratais a chur isteach faoin nGlao seo.
Déanfar an roghnú bunaithe ar liosta rangaithe d’iarratais a chomhlíonann na critéir dhámhachtana íosta. Déanfar iarratais a dhámhachtain ag tosú ón iarratas scórála is airde go dtí go mbainfear amach an líon uasta creidiúnuithe a dhámhtar. I gcás ina bhfuil an scór céanna ag níos mó ná iarratas amháin agus atá ag an gceann deireanach a dhámhfar, méadófar an líon uasta creidiúnuithe a dhámhfar chun gach iarratas a bhfuil an scór sin aige a chuimsiú.
Bailíocht
Tosóidh bailíocht chreidiúnuithe Erasmus a dhámhtar faoin nglao seo ar thograí an 1 Feabhra 2026 agus leanfaidh siad de bheith bailí ar feadh na clárthréimhse atá ann faoi láthair go dtí an 31 Nollaig 2027.
I gcás ina n‑éilítear creidiúnú Erasmus le haghaidh rannpháirtíocht in aon ghníomhaíocht tar éis dheireadh na clárthréimhse 2021‑2027, féadfaidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta bailíocht an chreidiúnaithe a fhadú faoi choinníollacha arna sainiú ag an gCoimisiún Eorpach. I bhfianaise na féidearthachta sin, féadfaidh na hiarratasóirí Pleananna Erasmus a chur isteach a mbeidh tréimhse idir 2 bhliain agus 5 bliana i gceist leo. Mura ndéanfar creidiúnú a fhadú, is féidir leanúint de thionscadail a dámhadh roimhe sin a chur chun feidhme tar éis an 31 Nollaig 2027 go dtí deireadh na gcomhaontuithe deontais ábhartha.
Féadfar an creidiúnú a fhoirceannadh aon tráth i gcás ina scoireann an eagraíocht chreidiúnaithe de bheith ann nó le comhaontú na Gníomhaireachta Náisiúnta agus na heagraíochta creidiúnaithe. Féadfaidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta an creidiúnú a fhoirceannadh go haontaobhach faoi na coinníollacha ar a dtugtar tuairisc faoi ‘Tuairisciú, monatóireacht agus dearbhú cáilíochta’. Ní fhéadfar an creidiúnú atá ag an eagraíocht chreidiúnaithe a fhoirceannadh go haontaobhach ach amháin murar úsáideadh an creidiúnú le linn 3 bliana as a chéile ar a laghad chun iarratais a chur isteach le haghaidh tionscadail soghluaisteachta chreidiúnaithe.
Neamh-inaistritheacht
Ní féidir creidiúnú Erasmus a aistriú idir eagraíochtaí. I gcás athruithe struchtúracha ar eagraíocht chreidiúnaithe (deighilt, cumasc, athrú ar eintiteas dlíthiúil, reacht nó úinéireacht, mar shampla, nó aistriú foirmiúil cúraimí agus acmhainní idir institiúidí san earnáil phoiblí mar shampla), féadfaidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta an creidiúnú a aistriú chuig aon eagraíocht chomharba amháin bunaithe ar iarraidh réasúnaithe.
Tuairisciú, monatóireacht agus dearbhú cáilíochta
Tuarascálacha deiridh i ndeireadh gach comhaontaithe deontais
Ag deireadh gach comhaontú deontais dá bhformheastar faoi chreidiúnú Erasmus, cuirfidh an eagraíocht chreidiúnaithe tuarascáil chríochnaitheach isteach maidir leis na gníomhaíochtaí a cuireadh chun feidhme, mar a shonraítear sa chomhaontú deontais is infheidhme.
Tuarascálacha creidiúnúcháin
Bunaithe ar inneachar an Phlean Erasmus fhormheasta, agus ar a laghad uair amháin i rith thréimhse 5 bliana, beidh ar eagraíochtaí creidiúnaithe an méid seo a leanas a dhéanamh:
- tuairisciú ar conas a d’áirithigh siad go n‑urramófar caighdeáin cháilíochta Erasmus
- tuairisciú ar dhul chun cinn a gcuspóirí maidir lena bPlean Erasmus
- a bPlean Erasmus a thabhairt cothrom le dáta
Féadfaidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta cinneadh a dhéanamh na gnéithe éagsúla a liostaítear thuas a iarraidh an tráth céanna, nó ar leithligh.
Féadfaidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta cinneadh cuairt monatóireachta struchtúrtha a chur in ionad aon tuarascáil chreidiúnúcháin.
Bunaithe ar fheidhmíocht na heagraíochta creidiúnaithe de réir thorthaí tuairiscithe, monatóireachta agus seiceálacha dearbhaithe cáilíochta, nó de bharr athruithe suntasacha san eagraíocht, féadfaidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta líon agus sceideal na dtuarascálacha ar dhul chun cinn a athrú.
Ina theannta sin, féadfaidh eagraíochtaí creidiúnaithe a iarraidh dá ndeoin féin a bPlean Erasmus a thabhairt cothrom le dáta. Bunaithe ar réasúnaíocht na heagraíochta, cinnfidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta an bhfuil údar lena thabhairt cothrom le dáta. Má thugtar Plean Erasmus cothrom le dáta, is féidir go n‑áireofar iarraidh ann chun athrú ó chreidiúnú eagraíochta aonair chuig creidiúnú do chomhordaitheoir cuibhreannais soghluaisteachta, nó a mhalairt.
Faireachán agus seiceálacha
Féadfaidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta seiceálacha foirmiúla, cuairteanna monatóireachta nó gníomhaíochtaí eile a eagrú chun dul chun cinn agus feidhmíocht eagraíochtaí creidiúnuithe a rianú, a chinntiú go n‑urramófar na caighdeáin cháilíochta chomhaontaithe, agus tacaíocht a sholáthar.
Féadfaidh seiceálacha foirmiúla a bheith i bhfoirm seiceálacha deisce nó cuairteanna a thabhairt ar an eagraíocht chreidiúnaithe, ar chomhaltaí cuibhreannais, ar eagraíochtaí tacaíochta, agus ar aon áitreabh eile ina reáchtáiltear gníomhaíochtaí ábhartha. Féadfaidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta cúnamh a iarraidh ó Ghníomhaireachtaí Náisiúnta i dtíortha eile chun gníomhaíochtaí a reáchtáiltear iontu a sheiceáil agus monatóireacht a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí sin.
I ndiaidh tuarascáil nó gníomhaíocht monatóireachta, soláthróidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta aiseolas don eagraíocht chreidiúnaithe. Ina theannta sin féadfaidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta treoracha éigeantacha nó comhairleacha a sholáthar don eagraíocht chreidiúnaithe faoi conas a feidhmíocht a fheabhsú.
I gcás iarratasóirí nuachreidiúnaithe nó eagraíochtaí ardriosca, nó i gcás mainneachtain treoracha agus sprioc-amanna na Gníomhaireachta a chomhlíonadh, feidhmíocht an-íseal de réir tuairisciú, monatóireacht agus seiceálacha dearbhaithe cáilíochta, nó sáruithe ar rialacha an Chláir (lena n‑áirítear i ngníomhaíocht eile), féadfaidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta na bearta feabhais seo a leanas a dhéanamh:
- Barúil: féadfaidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta teorainn a chur leis an leibhéal maoiniúcháin ar ar féidir an eagraíocht chreidiúnaithe iarratas a dhéanamh i ngníomhaíochtaí ina n‑éilítear creidiúnú Erasmus. Féadfar eagraíochtaí nuachreidiúnaithe a chur faoi bhreathnú má shainaithnítear riosca cur chun feidhme ísealcháilíochta le linn na seiceála ar an acmhainneacht oibríochtúil.
- Fionraí: ní fhéadfaidh eagraíochtaí a chuirtear ar fionraí iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú i ngníomhaíochtaí ina n‑éilítear creidiúnú Erasmus. Féadfaidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta roinnt comhaontuithe deontais leanúnacha nó iad uile arna ndámhachtain faoin gcreidiúnú a chuirtear ar fionraí a fhoirceannadh.
- Foirceannadh: i gcás mainneachtain leanúnach treoracha agus sprioc‑amanna na Gníomhaireachta Náisiúnta a chomhlíonadh, feidhmíocht an-íseal, neamhghníomhaíocht fhadtéarmach, nó i gcás sáruithe athfhillteacha nó suntasacha ar rialacha an Chláir (i ngníomhaíocht eile chomh maith), féadfaidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta an creidiúnú agus gach comhaontú deontais leanúnach arna ndámhachtain faoin gcreidiúnú sin a fhoirceannadh.
Leanfar den tréimhse bhreathnóireachta nó fionraíochta go dtí go gcinnfidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta go bhfuil na coinníollacha agus na ceanglais cháilíochta a leagtar amach sa Ghlao seo comhlíonta athuair, agus go dtí go mbeidh aghaidh tugtha athuair ag an eagraíocht chreidiúnaithe ar an riosca ísealfheidhmíochta.
Ní fhéadfaidh eagraíochtaí faoi fhionraí ná faoi bhreathnú iarratas a dhéanamh ar chreidiúnú nua sa réimse céanna.
Aitheantas barr feabhais
Aithneofar na heagraíochtaí creidiúnaithe is fearr feidhmíochta trí lipéid barr feabhais a bhronnfar mar chuid den Ghlao seo. Déanfaidh gach Gníomhaireacht Náisiúnta na coinníollacha maidir le lipéad barr feabhais a fháil agus maidir lena n‑athbhreithniú go tréimhsiúil a shainiú agus foilseofar iad ar a suíomh gréasáin.
- https://www.cedefop.europa.eu/files/osnabrueck_declaration_eu2020.pdf ↩ back
- https://ec.europa.eu/social/main.jsp?catId=1223&langId=ga ↩ back
- https://ec.europa.eu/social/main.jsp?catId=1223&langId=ga ↩ back
- Soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna atá bunaithe i mBallstát den Aontas nó i dtríú tír atá comhlachaithe leis an gClár agus a bhfuil stádas agus feidhm speisialta acu faoi mhaoirseacht na n údarás náisiúnta i dtír eile, d’fhéadfadh sé go mbeadh orthu iarratas a dhéanamh chuig Gníomhaireacht Náisiúnta na tíre maoirseachta. Chun eolas beacht a fháil ar gach cás, déan teagmháil leis an nGníomhaireacht Náisiúnta sa tír óstach nó sa tír ina bhfuil an t‑údarás náisiúnta ábhartha. Mar gheall ar na ceanglais go mbeidh na gníomhaíochtaí soghluaisteachta uile ina ngníomhaíochtaí trasnáisiúnta, ní féidir le soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna a bhfuil stádas speisialta den chineál sin acu gníomhaíochtaí soghluaisteachta a eagrú le heagraíochtaí eile a bhfuil an stádas céanna acu (is é sin, faoi mhaoirseacht an Údaráis Náisiúnta agus na Gníomhaireachta Náisiúnta céanna), fiú má tá an eagraíocht eile lonnaithe i dtír eile. ↩ back
- Scoileanna atá bunaithe i mBallstát den Aontas Eorpach nó i dtríú tír atá comhlachaithe leis an gClár agus a bhfuil stádas agus feidhm speisialta acu faoi mhaoirseacht na n údarás náisiúnta i dtír eile, d’fhéadfadh sé go mbeadh orthu iarratas a dhéanamh chuig Gníomhaireacht Náisiúnta na tíre maoirseachta. Chun eolas beacht a fháil ar gach cás, déan teagmháil leis an nGníomhaireacht Náisiúnta sa tír óstach nó sa tír ina bhfuil an t‑údarás náisiúnta ábhartha. Mar gheall ar na ceanglais go mbeidh na gníomhaíochtaí soghluaisteachta uile ina ngníomhaíochtaí trasnáisiúnta, ní féidir le scoileanna a bhfuil stádas speisialta den chineál sin acu gníomhaíochtaí soghluaisteachta a eagrú le heagraíochtaí eile a bhfuil an stádas céanna acu (is é sin, faoi mhaoirseacht an Údaráis Náisiúnta agus na Gníomhaireachta Náisiúnta céanna), fiú má tá an eagraíocht eile lonnaithe i dtír eile. ↩ back
- Gan dochar do shainmhínithe atá bunaithe ag an Údarás Náisiúnta inniúil, tabhair faoi deara go meastar go bhfuil eagraíochtaí a sholáthraíonn an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint d’fhoghlaimeoirí fásta ina soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna go hiondúil seachas ina soláthraithe oideachais aosaigh. Chun breis eolais a fháil, féach na sainmhínithe is infheidhme ar shuíomh gréasáin do Ghníomhaireachta Náisiúnta. ↩ back