Skip to main content

Erasmus+ Programme Guide

The essential guide to understanding Erasmus+

Creidiúnú Erasmus i réimse na hóige

Is éard atá i gceist le creidiúnuithe Erasmus1 uirlis le haghaidh eagraíocWhtaí ar mian leo a ngníomhaíochtaí a leathnú chun malartú trasteorann agus comhar a dhéanamh agus a bheartaíonn gníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama a chur chun feidhme go tráthrialta.

Beidh ar iarratasóirí a gcur chuige maidir le bainistiú tionscadal, a gcuspóirí fadtéarmacha agus a bpleananna ar bhonn níos fadtéarmaí a leagan síos ó thaobh na ngníomhaíochtaí lena dtacófar le cistí Erasmus de agus na dtairbhí a bhfuil coinne leo. Trí chreidiúnú Erasmus i réimse na hÓige a dhámhachtain deimhnítear go bhfuil próisis agus bearta iomchuí agus éifeachtacha i bhfeidhm ag an iarratasóir chun gníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlamtha ardcháilíochta a chur chun feidhme mar atá pleanáilte agus chun iad a úsáid ar mhaithe le réimse na hóige.

Cuspóirí na gníomhaíochta

Baineann na cuspóirí seo a leanas le creidiúnú Erasmus i réimse ghníomhaíocht na hóige:

  • Forbairt phearsanta agus ghairmiúil daoine óga a neartú trí ghníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla;
  • Cumhachtú daoine óga, a saoránacht agus a rannpháirtíocht ghníomhach sa saol daonlathach a chothú;
  • Forbairt cháilíocht na hoibre óige a chothú ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta, Eorpach agus idirnáisiúnta trí fhothú acmhainneacht na n‑eagraíochtaí atá gníomhach i réimse na hóige agus trí thacú le forbairt ghairmiúil na n‑oibrithe óige;
  • An cuimsiú agus an éagsúlacht, idirphlé idirchultúrtha agus luachanna dlúthpháirtíochta, comhionannas deiseanna agus cearta an duine a chur chun cinn i measc daoine óga san Eoraip.

Rochtain ar mhaoiniú le haghaidh iarratasóirí rathúla

Gheobhaidh iarratasóirí rathúla ar chreidiúnuithe Erasmus i réimse na hÓige rochtain shimplithe ar na deiseanna maoiniúcháin seo a leanas de Phríomhghníomhaíocht 1 i réimse na hóige:

  • Tionscadail soghluaisteachta do dhaoine óga – malartuithe Ógra
  • Tionscadail soghluaisteachta le haghaidh oibrithe óige. 

Cuirtear an glao bliantúil ar mhaoiniú le haghaidh tionscadail chreidiúnaithe i láthair sa roinn ‘Deiseanna soghluaisteachta le haghaidh eagraíochtaí creidiúnaithe Erasmus i réimse na hóige’. 

Critéir incháilitheachta

Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?

Tá na cineáil eagraíochtaí seo a leanas incháilithe le hiarratas a dhéanamh:

  • ina heagraíocht neamhbhrabúsach, ina comhlachas, ina heagraíocht neamhrialtasach; ina heagraíocht neamhrialtasach Eorpach don óige; ina comhlacht poiblí ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta; ina fiontar sóisialta; ina comhlacht brabúsach atá gníomhach sa Fhreagracht Chorparáideach.

Ní mór d’eagraíochtaí is iarratasóir a bheithe bunaithe i mBallstát den Aontas nó i dtríú tír atá comhlachaithe leis an gClár.

Ní mór eagraíochtaí is iarratasóirí a bheith bunaithe go dlíthiúil 2 bhliain ar a laghad roimh an sprioc-am le haghaidh iarratais agus ní mór taithí ábhartha a bheith acu ar ghníomhaíochtaí a chur chun feidhme i réimse na hóige.

Cén áit ar féidir iarratas a dhéanamh?

Ní mór iarratais a chur faoi bhráid Ghníomhaireacht Náisiúnta na tíre ina bhfuil an eagraíocht is iarratasóir bunaithe.

Sprioc‑am chun iarratas a chur isteach

An 1 Deireadh Fómhair ar 12:00:00 (meán lae am na Bruiséile)

Caighdeáin cháilíochta Erasmus i réimse na hóige

Ní mór d’iarratasóirí ar chreidiúnú Erasmus i réimse na hÓige cloí lean óige caighdeáin cháilíochta Erasmus i réimse na hÓige mar atá ar shuíomh gréasáin Europa:

https://erasmus-plus.ec.europa.eu/document/erasmus-quality-standards-mobility-projects-youth

Critéir roghnúcháin

Ní mór d’iarratasóirí acmhainneacht oibríochtúil agus ghairmiúil leordhóthanach a bheith acu chun an plean gníomhaíochta a mholtar a chur chun feidhme, agus 2 bhliain taithí ábhartha ar a laghad ar ghníomhaíochtaí a chur chun feidhme i réimse na hóige san áireamh.

Léigh Cuid C den treoir seo chun breis eolais a fháil faoi na critéir ghinearálta maidir le hacmhainneacht oibríochtúil agus faoi na ceanglais shonracha sin d’iarratasóirí creidiúnúcháin.

Critéir eisiaimh

Ní mór d’iarratasóirí dearbhú sínithe ar a n‑onóir a chur isteach á rá nach mbaineann aon cheann de na staideanna dá dtagraítear sna critéir eisiaimh a liostaítear i gCuid C den Treoir seo leo, go bhfuil inneachar bunaidh scríofa ag an eagraíocht is iarratasóir san iarratas a cuireadh isteach, agus nár íocadh aon eagraíocht ná duine aonair seachtrach eile as an iarratas a dhréachtú.

Critéir dhámhachtana

Déanfar measúnú ar cháilíocht na dtograí trí phointí as 100 ar an iomlán a shannadh, ar bhonn na gcritéar dámhachtana agus na scor thíos. Le bheith curtha san áireamh le haghaidh dámhachtana, ní mór na tairseacha seo a leanas a bhaint amach leis na hiarratais:

  • Ar a laghad 70 pointe as 100 pointe ar an iomlán, agus
  • Leath na bpointí uasta ar a laghad i ngach ceann de na trí chritéar dámhachtana thíos.

Ábharthacht (20 pointe ar a mhéad)

Ábharthacht na heagraíochta i réimse na hóige agus cuspóirí na gníomhaíochtaí i dtéarmaí na nithe a leanas:

  • Cuspóirí agus prionsabail na heagraíochta;
  • Príomh‑spriocghrúpaí na heagraíochta;
  • Gnáthghníomhaíochtaí na heagraíochta;
  • Taithí na heagraíochta i réimse na hóige.
  • Tá an togra ábhartha chun comhluachanna an Aontais a urramú agus a chur chun cinn, cuir i gcás meas ar dhínit an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas, smacht reachta agus meas ar chearta an duine, chomh maith le troid in aghaidh aon sórt idirdhealaithe.

Forbairt straiséiseach (40 pointe ar a mhéad)

A mhéid atá an méid seo a leanas amhlaidh:

  • Tá na cuspóirí a shainaithnítear ábhartha agus i gcomhréir le cuspóirí na Gníomhaíochta agus cuireann siad le Straitéis an Aontais Eorpaigh i leith na hÓige;
  • Tá na gníomhaíochtaí beartaithe oiriúnach chun dul i ngleic leis na riachtanais agus na cuspóirí a sainaithníodh; Tá fíorthairbhe ag baint leis na gníomhaíochtaí beartaithe le haghaidh na heagraíochta, na rannpháirtithe agus na n‑eagraíochtaí rannpháirteacha, agus d’fhéadfadh tionchar níos leithne a bheith acu (mar shampla ar leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus trasnáisiúnta);
  • Tá na cuspóirí agus na gníomhaíochtaí beartaithe comhtháthaithe i ngnáthobair agus gnáthghníomhaíochtaí na heagraíochta;
  • Rannchuidíonn an eagraíocht leis an straitéis um Chuimsiú agus Éagsúlacht;
  • Déanann an eagraíocht a gníomhaíochtaí a leabú i mbunphrionsabal amháin nó níos mó (inbhuaine agus freagracht comhshaoil, rannpháirtíocht ghníomhach i réimse eagraíochtaí Erasmus+, gnéithe fíorúla).

Cáilíocht na bainistíochta agus an chomhordaithe (40 pointe ar a mhéad)

A mhéid atá an méid seo a leanas amhlaidh:

  • Tá na cuspóirí, na gníomhaíochtaí agus na spriocanna atá beartaithe soiléir agus réadúil i ndáil le hacmhainní daonna agus eagrú inmheánach an iarratasóra;
  • Tá an cur chuige comhpháirtíochta cothrom agus éifeachtach agus, i gcás inarb infheidhme, oiriúnach chun eagraíochtaí nua agus eagraíochtaí a bhfuil níos lú taithí acu a thabhairt isteach;
  • Tá na bearta chun cáilíocht gníomhaíochtaí agus sábháilteacht agus cosaint na rannpháirtithe a chinntiú iomchuí;
  • Tá prionsabal rannpháirtíochta gníomhaí óige i bhfeidhm agus beartaítear rannpháirtíocht gach rannpháirtí i ngach céim de na gníomhaíochtaí;
  • Na bearta chun gné foghlama stuama a chinntiú, tá siad ábhartha, agus tacaíocht le machnamh, sainaitheantas agus doiciméadú na dtorthaí foghlama san áireamh;
  • Na modhanna chun dul chun cinn na heagraíochta i dtreo a cuspóirí a bhaint amach (monatóireacht agus meastóireacht) agus le haghaidh bainistíocht riosca, tá siad iomchuí agus éifeachtach;
  • Maidir leis na bearta a dhíríonn ar thorthaí an tionscadail a chomhroinnt laistigh agus lasmuigh de na heagraíochtaí rannpháirteacha, tá siad iomchuí agus éifeachtach.

An líon uasta creidiúnuithe erasmus arna ndámhachtain I réimse na hóige

I dtíortha ina bhfuil an‑chuid spéise léirithe i gcreidiúnuithe Erasmus i réimse na hóige, féadfaidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta líon uasta creidiúnuithe a shocrú lena dhámhachtain. Foilseofar an cinneadh sin ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta Náisiúnta in éineacht leis an nGlao seo.

Mura socraíonn an Ghníomhaireacht Náisiúnta líon uasta creidiúnuithe formheasta, formheasfar gach iarratas a chomhlíonann na critéir a shocraítear sa Ghlao seo.

Má shocraíonn an Ghníomhaireacht Náisiúnta líon uasta creidiúnuithe formheasta, bunófar liosta rangaithe d’iarratais a chomhlíonann na critéir dhámhachtana íosta. Déanfar iarratais a dhámhachtain ag tosú ón iarratas scórála is airde go dtí go mbainfear amach an líon uasta creidiúnuithe a dhámhtar. Maidir le breis agus iarratas amháin, i gcás ina mbeidh an líon céanna pointí acu leis an gceann deiridh atá le dámhachtain, déanfar an líon uasta creidiúnuithe a dhámhtar a mhéadú chun gach iarratas ag a bhfuil an líon pointí sin a áireamh. 

Bailíocht

Déantar creidiúnú Erasmus i réimse na hóige a dhámhachtain le haghaidh na clárthréimhse iomláine go dtí 2027, faoi réir monatóireacht tráthrialta agus i gcomhréir leanúnach leis na ceanglais agus leis na treoracha maidir le creidiúnú arna n‑eisiúint ag an nGníomhaireacht Náisiúnta. Chun pleanáil réalaíoch a chinntiú, féadfar tréimhse idir 3 agus 4 bliana a chumhdach i bplean na ngníomhaíochtaí a chuirtear isteach mar chuid den iarratas agus tabharfar é cothrom le dáta go tréimhsiúil.

I gcás ina n‑éilítear creidiúnú Erasmus le haghaidh rannpháirtíocht in aon ghníomhaíocht tar éis dheireadh na clárthréimhse 2021‑2027, féadfaidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta bailíocht an chreidiúnaithe a fhadú faoi choinníollacha arna sainiú ag an gCoimisiún Eorpach. Mura ndéanfar creidiúnú a fhadú, is féidir leanúint de thionscadail a dámhadh roimhe sin a chur chun feidhme tar éis an 31 Nollaig 2027 go dtí deireadh na gcomhaontuithe deontais ábhartha.  

Féadfar an creidiúnú a fhoirceannadh aon tráth i gcás ina scoireann an eagraíocht de bheith ann nó le comhaontú na Gníomhaireachta Náisiúnta agus na heagraíochta creidiúnaithe. Féadfaidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta an creidiúnú a fhoirceannadh go haontaobhach faoi na coinníollacha ar a dtugtar tuairisc faoi ‘Tuairisciú, monatóireacht agus dearbhú cáilíochta’.  Ní fhéadfar an creidiúnú atá ag an eagraíocht chreidiúnaithe a fhoirceannadh go haontaobhach ach amháin murar úsáideadh an creidiúnú le linn 3 bliana as a chéile ar a laghad chun iarratais a chur isteach le haghaidh tionscadail soghluaisteachta chreidiúnaithe.

NeamhInaistritheacht

Ní féidir an creidiúnú a aistriú idir eagraíochtaí. Mar eisceacht, i gcás athruithe struchtúracha ar eagraíocht chreidiúnaithe (mar shampla, roinnt, cumasc, athrú ar eintiteas dlítheanach, reacht nó úinéireacht), féadfaidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta an creidiúnú a aistriú chuig eagraíocht chomharba amháin bunaithe ar iarraidh réasúnaithe.

Tuairisciú, monatóireacht agus dearbhú cáilíochta

Tuarascálacha deiridh i ndeireadh gach comhaontaithe deontais

I ndeireadh gach comhaontaithe deiridh arna fhormheas faoi chreidiúnú Erasmus i réimse na hóige, cuirfidh an eagraíocht chreidiúnaithe tuarascáil deiridh faoi na gníomhaíochtaí agus na spriocanna a soláthraíodh isteach, mar a shonraítear sa chomhaontú deontais is infheidhme.

Tuarascáil chreidiúnúcháin

Aon uair amháin ar a laghad le linn thréimhse chur chun feidhme an chreidiúnaithe, beidh ar eagraíochtaí na rudaí seo a leanas a dhéanamh:

  • tuairisc a thabhairt ar an dul chun cinn atá á dhéanamh acu chun a gcuspóirí a bhaint amach;
  • tuairisc a thabhairt ar an gcaoi a bhfuil siad ag cinntiú go bhfuil caighdeáin cháilíochta Erasmus i réimse na hÓige á gcomhlíonadh;
  • a bplean gníomhaíochta a thabhairt cothrom le dáta.

Féadfaidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta cinneadh tuarascáil ar dhul chun cinn a iarraidh maidir leis na gnéithe éagsúla a liostaítear thuas an tráth céanna, nó ar leithligh.

Féadfaidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta a chinneadh cuairt mhonatóireachta a chur in ionad na gceanglas tuairiscithe maidir le cuspóirí agus caighdeáin cháilíochta Erasmus i réimse na hÓige.

Bunaithe ar fheidhmíocht na heagraíochta creidiúnaithe de réir thorthaí tuairiscithe, monatóireachta agus seiceálacha dearbhaithe cáilíochta, nó de bharr athruithe suntasacha san eagraíocht, féadfaidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta líon agus sceideal na dtuarascálacha ar dhul chun cinn a athrú.

Ina theannta sin, féadfaidh eagraíochtaí creidiúnaithe iarraidh go deonach a gcreidiúnú a thabhairt cothrom le dáta. Bunaithe ar réasúnaíocht na heagraíochta, cinnfidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta an bhfuil údar lena thabhairt cothrom le dáta agus an bhfuil sé inghlactha.

Faireachán agus seiceálacha

Féadfaidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta cuairteanna monatóireachta, seiceálacha foirmiúla nó gníomhaíochtaí eile a eagrú chun dul chun cinn agus feidhmíocht eagraíochtaí creidiúnaithe a rianú, measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcaighdeán cáilíochta comhaontaithe, agus tacaíocht a sholáthar.

Féadfaidh seiceálacha foirmiúla a bheith i bhfoirm seiceálacha deisce nó cuairteanna ar an eagraíocht agus ar aon áitreabh eile ina reáchtáiltear nó inar reáchtáladh gníomhaíochtaí. Féadfaidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta cúnamh a iarraidh ó Ghníomhaireachtaí Náisiúnta nó ó shaineolaithe seachtracha i dtíortha eile chun gníomhaíochtaí a reáchtáiltear iontu a sheiceáil agus monatóireacht a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí sin.

Dearbhú cáilíochta

I ndiaidh tuarascáil nó gníomhaíocht monatóireachta, soláthróidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta aiseolas do na heagraíochtaí creidiúnaithe. Ina theannta sin féadfaidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta treoracha éigeantacha nó comhairleacha a sholáthar don eagraíocht chreidiúnaithe faoi conas a feidhmíocht a fheabhsú.

Bearta feabhais

I gcás iarratasóirí nuachreidiúnaithe, eagraíochtaí ardriosca, mainneachtain treoracha agus sprioc‑amanna na Gníomhaireachta a chomhlíonadh, feidhmíocht an‑íseal de réir tuairisciú, monatóireacht agus seiceálacha dearbhaithe cáilíochta, nó sáruithe ar rialacha an Chláir (lena n‑áirítear i ngníomhaíocht eile), féadfaidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta na bearta feabhais seo a leanas a dhéanamh:

  • Barúil: féadfaidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta teorainn a chur leis an leibhéal maoiniúcháin ar ar féidir an eagraíocht chreidiúnaithe iarratas a dhéanamh i ngníomhaíochtaí ina n‑éilítear creidiúnú Erasmus. Féadfar eagraíochtaí nuachreidiúnaithe a chur faoi bhreathnú má shainaithnítear riosca cur chun feidhme ísealcháilíochta le linn na seiceála ar an acmhainneacht oibríochtúil.
  • Fionraí: ní fhéadfaidh eagraíochtaí a chuirtear ar fionraí iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú i ngníomhaíochtaí ina n‑éilítear creidiúnú Erasmus. Féadfaidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta roinnt comhaontuithe deontais leanúnacha nó iad uile arna ndámhachtain faoin gcreidiúnú a chuirtear ar fionraí a fhoirceannadh.

Leanfar den tréimhse bhreathnóireachta nó fionraíochta go dtí go gcinnfidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta go bhfuil na coinníollacha agus na ceanglais cháilíochta a leagtar amach sa Ghlao comhlíonta athuair, agus go dtí go mbeidh aghaidh tugtha athuair ag an eagraíocht chreidiúnaithe ar an riosca ísealfheidhmíochta.

Eagraíochtaí atá faoi fhionraí nó faoi bhreathnú, ní fhéadfaidh siad iarratas a dhéanamh ar chreidiúnú nua.

I gcás ina leantar de bheith ag comhlíonadh threoracha agus sprioc‑amanna na Gníomhaireachta Náisiúnta, i gcás feidhmíocht an‑íseal, nó i gcás sáruithe atriallacha nó suntasacha ar rialacha an Chláir (lena n‑áirítear i ngníomhaíocht eile), féadfaidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta an creidiúnú a fhoirceannadh. 

Féadfar freisin an creidiúnú a fhoirceannadh aon tráth i gcás ina scoireann an eagraíocht de bheith ann nó le comhaontú na Gníomhaireachta Náisiúnta agus na heagraíochta creidiúnaithe. Féadfaidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta nó an eagraíocht chreidiúnaithe an t‑iarratas a fhoirceannadh go haontaobhach mura mbeidh aon iarratas ar mhaoiniú déanta faoin gcreidiúnú sin ar feadh 3 bliana as a chéile ar a laghad.

  1. Déantar príomhbhuiséad na Gníomhaíochta seo a leithdháileadh chun tacú le gníomhaíochtaí trasnáisiúnta ina bhfuil eagraíochtaí agus rannpháirtithe ó Bhallstáit den Aontas Eorpach agus ó thríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár páirteach. Mar sin féin, tá suas le 25 % den bhuiséad ar fáil chun gníomhaíochtaí soghluaisteachta idirnáisiúnta a mhaoiniú, agus eagraíochtaí agus rannpháirtithe ó thríú tíortha atá i gcomharsanacht an Aontais agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár san áireamh (réigiúin 1 go 4; féach an roinn ‘Tíortha incháilithe’ i gCuid A den Treoir seo). ↩ back
Tagged in:  Youth