Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport

Creidiúnú Erasmus 2020 i réimsí an oideachais aosaigh, an ghairmoideachais agus gairmoiliúna agus an oideachais scoile

Reference
EAC/A02/2020
Deadline
29 Oct 2020

Is uirlis é creidiúnú Erasmus le haghaidh eagraíochtaí oideachais agus oiliúna san oideachas do dhaoine fásta, sa ghairmoideachas agus gairmoiliúint, agus san oideachas scoile atá ag iarraidh páirt a ghlacadh i malartú trasteorann agus comhar trasteorann. Nuair a thugtar creidiúnú Erasmus is deimhniú é sin go bhfuil plean curtha ar bun ag an iarratasóir chun gníomhaíochtaí soghluaisteachta ar ardcháilíocht a chur i bhfeidhm mar chuid d'iarrachtaí níos leithne a n-eagraíocht a fhorbairt.

Is féidir le heagraíochtaí a bhfuil suim acu ann iarratas a dhéanamh ar chreidiúnú Erasmus aonair dá n-eagraíocht, nó ar chreidiúnú Erasmus do chomhordaitheoirí cuibhreannais soghluaisteachta. Ní gá aon taithí a bheith ag an eagraíocht ar Erasmus+ (2014-2020) chun iarratas a dhéanamh.

Ina theannta sin, is féidir le heagraíochtaí a bhfuil Cairt Soghluaisteachta VET Erasmus+ bailí acu a gcreidiúnú a aistriú chuig an gClár amach anseo trí iarratas a dhéanamh faoin nGlao seo. Is féidir leis na heagraíochtaí sin cur isteach ar phróiseas éadrom sonrach le haghaidh eagraíochtaí a bhfuil an Chairt Soghluaisteachta gairmoideachais agus gairmoiliúna acu. Mar chuid den Ghlao seo, d'fhéadfaí lipéad barr feabhais a bhronnadh ar na heagraíochtaí a bhfuil an Chairt Soghluaisteachta gairmoideachais agus gairmoiliúna acu chun an obair atá déanta acu cheana agus a ndúthracht i leith na cáilíochta a aithint.

Gheobhaidh eagraíochtaí creidiúnaithe Erasmus rochtain simplithe ar dheiseanna ar mhaoiniú faoi Phríomhbheart 1 faoin gClár amach anseo (2021-2027).

Na Gníomhaireachtaí Náisiúnta

Is iad na Gníomhaireachtaí Náisiúnta i dtíortha uile an Chláir a bhainistíonn an Glao seo. Le haghaidh tuilleadh eolais, téigh chuig suíomh gréasáin do Ghníomhaireacht Náisiúnta.

Conas iarratas a dhéanamh

Oscail an fhoirm iarratais le haghaidh creidiúnú Erasmus (is gá logáil isteach le EU Login – is féidir cuntas a chruthú mura bhfuil ceann agat cheana).

Doiciméid

Rialacha le haghaidh iarratas a dhéanamh

Caighdeáin cháilíochta Erasmus

Dáta a fhoilsithe:  28 May 2020