Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport

Mic léinn

Deiseanna do mhic léinn

Gné lárnach de Erasmus+ é an staidéar thar lear, agus tá sé léirithe gur gné é a mbíonn tionchar dearfach aige ar dheiseanna fostaíochta an duine ina dhiaidh sin. Is deis é freisin ar fheabhas a chur ar scileanna teanga, féinmhuinín a chothú agus tú féin a thumadh i gcultúr nua.

Tugann Erasmus+ an deis staidéar thar lear agus cúrsa oiliúna a chomhcheangal.

Tá deiseanna Erasmus+ ar fáil ar leibhéal na Baitsiléireachta, na Máistreachta agus na Dochtúireachta.

Deiseanna

Staidéar a dhéanamh thar lear

Is féidir le Erasmus+ tacaíocht airgeadais agus eile a thabhairt duit le linn do thréimhse staidéir thar lear: bíodh sé i dtír atá páirteach sa Chlár Erasmus+ nó i dtír Comhpháirtíochta.

Tuilleadh eolais

Cúrsaí oiliúna thar lear

Cuireann Erasmus+ cúrsaí oiliúna thar lear (socrúcháin oibre, tréimhsí oiliúna, etc.) ar fáil do mhic léinn atá cláraithe sa chóras ardoideachais i dTír Chláir. Tá na deiseanna sin ar fáil do chéimithe nua chomh maith.

Tuilleadh eolais

Máistreachtaí Comhpháirteacha Erasmus Mundus

Le Máistreachtaí Comhpháirteacha Erasmus Mundus, féadfaidh tú scoláireacht céime iomlán a fháil le haghaidh clár staidéir idirnáisiúnta ar leibhéal Máistreachta. Tá ardchlú bainte amach ag Máistreachtaí Comhpháirteacha Erasmus Mundus as a bhfeabhas acadúil agus a chomhtháite atá a gcuid cúrsaí in iliomad institiúidí ardoideachais i dtíortha éagsúla.

Tuilleadh eolais:

Mic léinn a bhfuil fadhb fhisiciúil, intinne nó shláinte acu

Tá maoiniú breise ar fáil agus tá an ceart ag mic léinn teacht a bheith acu ar na seirbhísí tacaíochta céanna a chuireann na hinstitiúidí a dtéann siad chucu ar fáil do mhic léinn áitiúla.

Foghlaim tuilleadh