Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport

Tréimhsí oiliúna i dtír éigin eile do mhic léinn

Forbhreathnú

Tacaíonn Erasmus+ le tréimhsí oiliúna (socrúcháin oibre, intéirneachtaí) i dtír éigin eile i láthair oibre ar bith do mhic léinn atá cláraithe sa chóras ardoideachais i dtíortha atá páirteach sa chlár Erasmus+, ar leibhéal gearrthimthriallach an Bhaitsiléara agus na Máistreachta, agus d'iarrthóirí Dochtúireachta. Tá na deiseanna seo ar fáil do chéimithe nua chomh maith.

Cén áit le cuardach agus le hiarratas a dhéanamh

  • deiseanna tréimhsí oiliúna Erasmus+ ó chuideachtaí, féadfaidh tú iad a aimsiú ar Thairseach na dTréimhsí Oiliúna Erasmus d’Intéirnigh, tairseach a chruthaigh Líonra Mac Léinn Erasmus
  • féadfaidh tú iarratas a dhéanamh freisin trí oifig idirnáisiúnta nó Erasmus+ na hinstitiúide agat féin

Tacaíocht foghlama teanga

Is féidir leat cromadh ar an teanga a bheidh á labhairt ag do láthair oibre a fhoghlaim ach dul chuig Tacaíocht Teanga ar Líne Erasmus+.

Coinníollacha

Glactar le hiarratais ar thréimhsí oiliúna Erasmus+ ó mhic léinn atá cláraithe le hinstitiúid ardoideachais a bhfuil Cairt Ardoideachais Erasmus+ aici.

Ní mór baint a bheith ag an tréimhse oiliúna le hábhar na céime agus le riachtanais forbartha phearsanta agus, nuair is féidir, caithfear an tréimhse oiliúna sin a chomhthathú leis an gclár léinn féin.

Féadfar tréimhse oiliúna a dhéanamh in aon eagraíocht atá lonnaithe in aon áit ar domhan (cé is moite institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais).

Fad tréimhse

Féadfaidh tréimhsí oiliúna i dtír éigin eile tacaíocht Erasmus+ a fháil ó 2 mhí go 12 mhí.

Féadfaidh mic léinn agus céimithe nua soghluaisteacht chumasc a dhéanamh freisin, arb é is ciall leis gearrthréimhse fhisiciúil a dhéanamh i dtír éigin eile (idir 5 agus 30 lá) in éineacht le tréimhse fhíorúil.

Féadfaidh oiliúnaithe tréimhse staidéir i dtír éigin eile a dhéanamh in éineacht le tréimhse oiliúna Erasmus+.

Na buntáistí a bhaineann le páirt a ghlacadh 

Do mhic léinn agus do chéimithe nua

  • scileanna fiontraíochta agus cruthaitheacha a fhorbairt, ar scileanna iad a mbeidh ardmheas ag fostóirí amach anseo orthu
  • scileanna teanga iasachta, scileanna idirphearsanta agus idirchultúrtha oibre foirne a fheabhsú
  • tuiscint níos doimhne a fháil ar thír agus ar chultúr eile

Do chuideachtaí

  • féadfaidh oiliúnaí peirspictíocht nua idirnáisiúnta agus smaointe nuálacha a chur ar fáil
  • tugann oiliúnaí leis díograis úr agus breis iomaíochais agus nuálaíochta
  • féadfaidh léargas na n-oiliúnaithe a fháil ar a gcultúr baile doirse a oscailt do mhargaí nua agus do ghnó a leathnú
  • feabhas a chur ar inniúlachtaí na cuideachta: foghlaimíonn an t-oiliúnaí ó fhostaithe, ach féadfaidh fostaithe foghlaim ó oiliúnaí idirnáisiúnta freisin de réir mar a bhíonn siad ag idirghníomhú le teangacha éagsúla agus le scileanna TF cothrom le dáta

Féadfaidh cuideachtaí a dtairiscintí tréimhse oiliúna a chur ar Thairseach na dTréimhsí Oiliúna Erasmus d’Intéirnigh.

Tacaíocht airgeadais

Foilsítear leibhéil na ndeontas le haghaidh eagraíochtaí sa Treoirleabhar Erasmus+.

Faigh tuilleadh eolais

Bí cinnte go bhfuil agat eolas ar do chearta agus d’oibleagáidí agus tú i mbun staidéir nó tréimhse oiliúna i dtír éigin eile.

Is féidir le mic léinn a bhfuil tuilleadh ceisteanna acu maidir le páirt a ghlacadh in Erasmus+ teagmháil a dhéanamh lena n-institiúid nó lena ngníomhaireacht náisiúnta.

Féadfaidh institiúidí treoir a íoslódáil freisin maidir le soghluaisteacht chumaisc ina sonraítear an chaoi ar féidir le hinstitiúidí ardoideachais deiseanna soghluaisteachta cumaisc a eagrú do mhic léinn agus do bhaill foirne.

Last updated: