Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport

Gníomhaíochtaí Jean Monnet

Is éard atá i nGníomhaíochtaí Jean Monnet sé Ghníomh lena bhféachtar le feabhas sa teagasc agus sa taighde ar léann an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn ar fud an domhain.

Tá na gníomhaíochtaí ceaptha freisin idirphlé maidir le beartais an Aontais a chothú idir an lucht acadúil agus lucht déanta beartas.

Tá béim ar leith chomh maith ar lánpháirtiú san Aontas agus ar ról an Aontais sa saol domhandaithe, agus déantar saoránaíocht ghníomhach agus idirphlé idir daoine agus cultúir a chur chun cinn.

Na Gníomhaíochtaí

Modúil

Cláir teagaisc ghearra, ina bhfuil 40 uair an chloig le linn bliain acadúil, ar dhisciplíní ginearálta, saindisciplíní agus ildisciplíní i réimse léann an Aontais Eorpaigh.

Tuilleadh eolais

Ollúnachtaí

Poist teagaisc d'ollúna ollscoile, a dhéanann speisialtóireacht i réimse léann an Aontais Eorpaigh, de 90 uair an chloig le linn bliain acadúil.

Tuilleadh eolais

Ionaid Barr Feabhais

Is lárphointí saineolais agus eolais na hionad seo d'ábhair léinn a bhaineann leis an Aontas.

Tuilleadh eolais

Tacaíocht a thabhairt do chomhlachais

Tá na hionaid seo deartha cuidiú le staidéar a dhéanamh ar an bpróiseas lánpháirtithe Eorpach trí ollúna, teagascóirí agus taighdeoirí a dhéanann speisialtóireacht i réimse léann an Aontais Eorpaigh a thabhairt le chéile.

Tuilleadh eolais

Líonraí

Deartha chun cuibhreannais i ndáil le léann an Aontais a chruthú agus a fhorbairt. Féadann gníomhaíochtaí ar nós faisnéis a bhailiú, cleachtais a mhalartú, eolas a fhorbairt agus comhthathú an Aontais a bheith san áireamh.

Tuilleadh eolais

Tionscadail

Tá siad ceaptha tacú le nuálaíocht, comhroinnt eolais agus cumarsáid faoi shaincheisteanna Eorpacha.

Tuilleadh eolais