Tosaíochtaí an chláir
Cad iad na tosaíochtaí ar cheart duit a bheith ar an eolas fúthu agus tú ag cur isteach ar thionscadal Erasmus+ nó á reáchtáil?
Tá ceithre thosaíocht laistigh de chlár Erasmus+ (2021-2027) mar atá faoi láthair. Tugtar ‘tosaíochtaí cothrománacha’ orthu sin, agus tá feidhm acu maidir le gach gníomhaíocht sa chlár. Léiríonn siad comhluachanna Eorpacha agus freagraíonn siad ar na príomhdhúshláin inár sochaithe sa lá atá inniu ann.
Má tá togra tionscadail á cheapadh agat féin nó ag d’eagraíocht, nó má tá gníomhaíochtaí do thionscadail maoinithe á bpleanáil agat, ba cheart duit na tosaíochtaí sin a chur san áireamh.
Tugann na tosaíochtaí idir threoir agus spreagadh do thionscadail de gach cineál – ó ghníomhaíochtaí soghluaisteachta áitiúla go comhar idirnáisiúnta – agus cuidíonn siad leis an gclár a dhéanamh níos cuimsithí, níos inbhuanaithe, níos digití agus níos daonlathaí.
Seo a leanas forléargas ar na ceithre thosaíocht, agus samplaí de thionscadail le haghaidh gach ceann acu.
An cuimsiú agus an éagsúlacht
An comhshaol agus an comhrac in aghaidh an athraithe aeráide
An claochlú digiteach
Rannpháirtíocht sa saol daonlathach
An chaoi le haghaidh a thabhairt ar na tosaíochtaí sin
Tá eolas mionsonraithe faoi thosaíochtaí Erasmus+ le fáil i dtreoirleabhar Erasmus+. Beidh ort iad sin a bheith ar eolas agat agus d’iarratas nó do ghníomhaíochtaí tionscadail á n-ullmhú agat.