Gníomhaireachtaí Náisiúnta
Oibríonn an tAontas i gcomhar leis na Gníomhaireachtaí Náisiúnta chun go mbeidh na rannpháirtithe chomh gníomhach agus is féidir sa chlár Erasmus+.
Cad is féidir leo a dhéanamh duitse?
Tá na Gníomhaireachtaí Náisiúnta lonnaithe i mBallstáit den Aontas agus i dtríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár (ar a dtugtaí Tíortha an Chláir roimhe seo) agus baineann a ról leis an méid seo a leanas
- eolas a chur ar fáil faoi Erasmus+
- na tionscadail a dtabharfar maoiniú dóibh a roghnú
- monatóireacht agus meastóireacht a dhéanamh ar Erasmus+
- tacaíocht a thabhairt d’iarrthóirí agus do rannpháirtithe
- comhoibriú leis na Gníomhaireachtaí Náisiúnta eile agus leis an Aontas Eorpach
- Erasmus+ a chur chun cinn
- scéalta ratha agus dea-chleachtais a chomhroinnt.
Liosta na dtíortha
Mura bhfuil do thír ar an liosta,
seans go bhfuil tú lonnaithe i dTír Chomhpháirtíochta. Féach leat liosta na nOifigí Náisiúnta Erasmus+.
Last updated: