Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport

Tréimhsí oiliúna le haghaidh gairmoideachais, printíseachtaí agus céimithe nua

Forbhreathnú

Cuireann Erasmus+ tréimhsí oiliúna (socrúcháin oibre nó tréimhsí staidéir i dtír éigin eile) ar fáil do mhic léinn atá cláraithe le hinstitiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna (VET).

Is féidir le printísigh atá ag obair i gcuideachtaí agus céimithe nua na deiseanna sin a thapú freisin.

Déanfar thú a óstáil in ionad oibre nó in institiúid VET eile, agus beidh tréimhsí foghlama atá bunaithe ar obair mar chuid de do thréimhse staidéir.

I gcás tréimhsí oiliúna, cuideoidh an rochtain a bheidh agat ar Thacaíocht Teanga ar Líne an teanga atá in úsáid san ionad oibre nó teanga theagaisc do chuid staidéir a fhoghlaim.

Fad

D’fhéadfadh tréimhse oiliúna leanúint ar aghaidh ar feadh idir 2 sheachtain agus 12 mhí.

Coinníollacha

Sula dtosaíonn tú mar oiliúnaí, ní mór duit féin, don institiúid nó eagraíocht lena mbaineann tú agus don eagraíocht ina mbeidh tú Comhaontú Foghlama a chur le chéile agus Gealltanas Cáilíochta a shíniú. Leagfar amach sa doiciméad sin na spriocanna foghlama agus na cearta a bheidh agat, na freagrachtaí a bheidh ort chomh maith leis an gcaoi a n-aithneofar an tréimhse oiliúna agat ar bhonn foirmiúil.

Ní mór don institiúid nó eagraíocht lena mbaineann tú agus don eagraíocht ina mbeidh tú a bheith lonnaithe i dtíortha atá páirteach i gClár Erasmus+.

Chun tacaíocht a fháil ó Erasmus+ i do cháil mar chéimí nua, ní mór tús a chur le do thréimhse oiliúna laistigh de bhliain i ndiaidh duit do chéim a fháil.

Maoiniú

Tá deontais an Aontais ceaptha chun costais taistil agus cothabhála a chumhdach le linn do thréimhse i dtír éigin eile.

Cé go dtagann an maoiniú ón Aontas, is iad na heagraíochtaí seolta lena mbaineann a bhainistíonn na deontais agus is iad atá freagrach as íocaíochtaí a dhéanamh le daoine aonair.

B'fhéidir go mbeidh cabhair airgid ar fáil d'fhonn cuidiú leat an teanga a bheidh á labhairt ag do láthair oibre a fhoghlaim.

Conas iarratas a dhéanamh

Ní féidir iarratas díreach a dhéanamh ar dheontas mar dhuine aonair. Ní mór d’eagraíochtaí iarratais a dhéanamh agus is iad a roghnaíonn iarrthóirí do thréimhsí oiliúna i dtír éigin eile.

Téigh i dteagmháil leis an eagraíocht VET agat féin lena fháil amach an bhfuil na deiseanna seo ar fáil duit.

Tuilleadh eolais

Sa Treoirleabhar Erasmus+ tá eolas mionsonraithe faoi na deiseanna seo freisin:

  • Téigh go Cuid B le haghaidh critéir dhámhachtana, critéir incháilitheachta, agus rialacha maidir le maoiniú

Is féidir cabhair maidir le fiosruithe agus iarratais a fháil ó na Gníomhaireachtaí Náisiúnta.