Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport

Deiseanna oiliúna don fhoireann

A bhuí le Erasmus+ tá deiseanna oiliúna ar fáil do bhaill foirne atá ag obair i réimse an oideachais, cibé acu atá múinteoireacht ar siúl acu nó nach bhfuil.

I dtaca le tréimhsí oiliúna ar an gcoigríoch, d’fhéadfadh aon cheann díobh seo a leanas a bheith i gceist: an scáthfhoghlaim, tréimhsí breathnaithe, cúrsaí forbartha gairmiúla nó imeachtaí sonracha atá dírithe ar inniúlachtaí a fhorbairt.

Cuireann Erasmus+ tacaíocht ar fáil le haghaidh oiliúint in institiúidí oideachais agus in eagraíochtaí ábhartha atá ag feidhmiú lasmuigh den earnáil.

Tá deiseanna ar fáil do bhaill foirne atá ag obair ar gach leibhéal den oideachas páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí forbartha gairmiúla.

An t-ardoideachas

Cuireann Erasmus+ tacaíocht ar fáil le haghaidh tréimhsí oiliúna do bhaill foirne atá ag obair in institiúidí ardoideachais. A bhuí le Erasmus+ féadfaidh tú dul faoi oiliúint in institiúid ardoideachais i dtír atá páirteach i gClár Erasmus+ nó i dtír chomhpháirtíochta. Má tá tú ag obair in institiúid ardoideachais i dtír atá páirteach sa Chlár, tá an deis ann freisin oiliúint a fháil in eagraíocht lasmuigh den earnáil atá lonnaithe i dtír atá páirteach sa Chlár nó i dtír Chomhpháirtíochta.

Tuilleadh eolais

Gairmoideachas agus gairmoiliúint

Cuireann Erasmus+ tacaíocht ar fáil le haghaidh forbairt ghairmiúil daoine atá ag obair i réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna trí thréimhsí oiliúna ar an gcoigríoch. Is éard a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis na deiseanna sin cúrsaí struchtúrtha, tascanna oiliúna nó tréimhsí scáthfhoghlama in institiúid gairmoideachais agus gairmoiliúna nó in eagraíocht ábhartha eile, atá lonnaithe i dtír atá páirteach i gClár Erasmus+.

Tuilleadh eolais

An scolaíocht

Cuireann Erasmus+ tacaíocht ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí oiliúna do ghairmithe atá páirteach san oideachas réamhscoile, bunscoile nó iar-bhunscoile. Is éard a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis na deiseanna sin cúrsaí struchtúrtha, tascanna oiliúna nó tréimhsí scáthfhoghlama i scoileanna agus in eagraíochtaí ábhartha eile a bhfuil baint acu leis an scolaíocht agus atá lonnaithe i dtír atá páirteach i gClár Erasmus+.

Tuilleadh eolais

An t-oideachas aosach

Tacaíonn Erasmus+ le socrúcháin oiliúna in eagraíochtaí oideachais aosach ar an gcoigríoch. Is éard a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis na deiseanna sin cúrsaí struchtúrtha, tascanna oiliúna nó tréimhsí scáthfhoghlama in eagraíochtaí a bhfuil baint acu leis an oideachas aosach agus atá lonnaithe i dtír atá páirteach i gClár Erasmus+.

Tuilleadh eolais

Baill foirne a bhfuil riocht fisiciúil, intinne nó riocht a bhaineann leis an tsláinte orthu

Tá breis maoinithe le fáil. Tá sé de cheart ag baill foirne na seirbhísí tacaíochta céanna a fháil agus a chuireann na hinstitiúidí glactha ar fáil do bhaill foirne áitiúla.

Tuilleadh eolais