Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport

Idirphlé struchtúraithe

Cad is aidhm dóibh?

Tá an tIdirphlé Struchtúraithe ceaptha rannpháirtíocht ghníomhach daoine óga sa saol daonlathach a chur chun cinn agus plé a chothú maidir leis na saincheisteanna.

Is é is aidhm dóibh seo go sonrach daoine óga agus lucht déanta cinntí a thabhairt le chéile chun cuidiú le beartais san earnáil a phlé agus a fhorbairt, Straitéis an Aontais Eorpaigh i leith Daoine Óga go háirithe.

Cén deis atá ann?

Le Erasmus + tugtar an deis d'eagraíochtaí cruinnithe nó seimineáir náisiúnta, trasnáisiúnta nó idirnáisiúnta a eagrú:

  • le gur féidir le daoine óga agus lucht déanta cinntí faisnéis a roinnt agus a phlé agus idirphlé a dhéanamh
  • lena ndéantar réamhullmhúchán do na Comhdhálacha Óige oifigiúla
  • imeachtaí a eagrú lena spreagtar plé agus lena gcuirtear faisnéis ar fáil faoi théamaí i ndáil le beartas óige atá nasctha le Seachtain na hÓige
  • comhairliúcháin a eagrú do dhaoine óga
  • cruinnithe, seimineáir, imeachtaí nó díospóireachtaí idir daoine óga a agus lucht déanta cinntí a eagrú i ndáil le rannpháirtíocht sa saol daonlathach
  • imeachtaí a eagrú ina ndéantar ionsamhlú ar institiúidí daonlathach agus ar na róil a bhíonn ag daoine iontu.

Ba cheart daoine óga ceannasaíocht a léiriú agus páirt ghníomhach a ghlacadh ag gach céim de thionscadal.

Conas a oibríonn sé?

Ní mór don eagraíocht ar mian léi iarratas isteach ar chruinnithe náisiúnta nó trasnáisiúnta a chur isteach é sin a dhéanamh i gcuibhreannas le heagraíochtaí as dhá thír éagsúla, agus ar Tír Cláir ceann de na tíortha sin.

Ní mór don eagraíocht ar mian léi iarratas a chur isteach ar chruinnithe náisiúnta oibriú i gcomhar le heagraíocht amháin as Tír Cláir.

 

Is é an t-iarratasóir atá freagrach as an iarratas a chur isteach thar ceann an chuibhreannais, agus as an tionscadal a bhainistiú. Ní mór d'eagraíochtaí atá beartaithe bheith rannpháirteach i dtionscadal bheith bunaithe i dTír Cláir nó i dTír Comhpháirtíochta.

Cén t-eolas eile atá de dhíth ort?

Ní mór cruinnithe náisiúnta a reáchtáil sa tír ina bhfuil an eagraíocht is iarrthóir.

Is féidir cruinnithe trasnáisiúnta a reáchtáil i dTír Cláir ar bith atá páirteach sa tionscadal.

Is féidir gníomhaíochtaí a dhéanamh ag ceanncheathrú cheann d'institiúidí an Aontais Eorpaigh.

Ní mór do na daoine óga a ghlacfaidh páirt i dtionscadal a bheith idir trí bliana déag agus tríocha bliain d'aois agus ina gcónaí i gceann de na tíortha rannpháirteacha.

Is féidir le duine ar bith den lucht déanta cinntí bheith rannpháirteach gan beann ar a aois ná tír a chónaithe.

Maireann na tionscadail idir trí mhí agus ceithre mhí is fiche.

Ní mór tríocha duine óg ar a laghad a bheith páirteach i dtionscadal.

Conas iarratas a dhéanamh

Ní mór iarratas a chur chuig an nGníomhaireacht Náisiúnta sa Tír Cláir ina bhfuil an eagraíocht is iarratasóir lonnaithe, nó iarratas a dhéanamh tríd an suíomh gréasáin Erasmus+ Forms.

Tuilleadh eolais

Is é an Treoirleabhar don Chlár Erasmus+ an phríomhfhoinse eolais i leith na ndeiseanna seo.

Chun tuilleadh eolais a fháil is féidir teagmháil a dhéanamh leis na Gníomhaireachtaí Náisiúnta nó leis an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir.