Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport

Tacaíocht Teanga Ar Líne

Forbraíodh an Tacaíocht Teanga Ar Líne (TTAL) chun cuidiú le rannpháirtithe Erasmus+ agus rannpháirtithe an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh feabhas a chur ar an eolas atá acu ar an teanga ina mbeidh siad ag obair, ag staidéar nó ag déanamh obair dheonach i dtír eile chun go mbeidh siad in ann an tairbhe is mó is féidir a bhaint as an taithí.

I ngeall go bhfuil easpa scileanna teanga fós ar cheann de na príomh-bhacainní le rannpháirtíocht in oideachas, oiliúint agus deiseanna soghluaisteachta don óige san Eoraip, cuirtear tacaíocht teanga inrochtana ar fáil ar bhealach solúbtha éasca a bhuí le TTAL. Cuireann sé freisin le cuspóir sonrach de chuid an chláir Erasmus+, is é sin foghlaim teanga agus éagsúlacht teanga a chur chun cinn.

Cé dó an tairbhe?

Tá TTAL ar fáil faoi láthair le haghaidh rannpháirtithe ó na réimsí seo a leanas de chuid Erasmus+ agus Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh

  • an t-ardoideachas
  • An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach
  • An gairmoideachas agus an ghairmoiliúint
  • an fhoghlaim aosach (baill foirne ó gach réimse Oideachais agus Oiliúna agus na hÓige san áireamh)
  • scoileanna
  • daoine óga

Na teangacha a bhfuil fáil orthu

Beidh TTAL ar fáil i ngach teanga oifigiúil den Aontas: Béarla, Bulgáiris, Cróitis, Danmhairgis, Eastóinis, Fionlainnis, Fraincis, Gaeilge, Gearmáinis, Gréigis, Iodáilis, Laitvis, Liotuáinis, Máltais, Ollainnis, Polainnis, Portaingéilis, Rómáinis, Seicis, Slóvaicis, Slóivéinis, Spáinnis, Sualainnis agus Ungáiris.

Sa bhreis air sin, beidh OLS ar fáil freisin i dteangacha oifigiúla thíortha Erasmus+ agus an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh, is iad sin: an Íoslainnis, an Mhacadóinis, an Ioruais, an tSeirbis agus an Tuircis.

Conas a oibríonn sé

Ach dul faoi mheasúnú teanga TTAL sula dtéann siad thar lear, beidh rannpháirtithe Erasmus+ agus rannpháirtithe an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh in ann a dhéanamh amach cén cumas atá acu sa teanga a úsáidfidh siad le linn a dtréimhse oibre, staidéir nó oibre deonaí agus rochtain a fháil ar chonair phearsantaithe foghlama teanga.

Is réamhriachtanas é do mhic léinn ardoideachais an measúnú sin a dhéanamh i dteanga na soghluaisteachta sula n-imíonn siad thar lear ar shoghluaiseacht ar feadh 14 lá nó níos mó, lena chinntiú go mbeidh an leibhéal atá molta ag a n-eagraíocht is faighteoir á gcomhlíonadh acu (déanfar eisceacht de chainteoirí dúchais nó i gcásanna eile a bhfuil údar cuí leo). Ní chuirfidh torthaí an mheasúnaithe teanga cosc ar rannpháirtithe páirt a ghlacadh i gcláir Erasmus+ ná cláir an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh.

Beidh deis ag rannpháirtithe ar mian leo a n-inniúlacht teanga a fheabhsú cúrsaí teanga ar líne a dhéanamh sula dtéann siad thar lear agus le linn dóibh a bheith ansin. Cuimsítear le rochtain ar an gcúrsa teanga réimse leathan gníomhaíochtaí agus gníomhaíochtaí saincheaptha. Féadfaidh rannpháirtithe cúrsaí teanga a leanúint in aon cheann de na teangacha a bhfuil fáil orthu ar TTAL, gan srian ar líon na dteangacha agus ná líon na n-aonad staidéir.

I gcásanna áirithe, nuair mbeidh oiliúint sa phríomh-theanga le fáil faoi TTAL, cuirfidh an eagraíocht is seoltóir nó an eagraíocht is faighteoir tacaíocht teanga ar fáil ar bhealaí eile. Ar fhilleadh ar an eagraíocht is seoltóir dóibh, féadfaidh na rannpháirtithe measúnú deireanach a dhéanamh leis an dul chun cinn a rinne siad le linn na tréimhse thar lear a thomhas.

Conas is féidir leat páirt a ghlacadh

Má roghnaíodh tú cheana féin le dul thar lear le Erasmus+ nó leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach, seolfaidh d’institiúid nó d’eagraíocht ainm úsáideora agus pasfhocal chugat chun an t-ardán TTAL a rochtain.

Le haghaidh tuilleadh eolais, téigh i dteagmháil le d’eagraíocht is seoltóir nó le d’eagraíocht chomhordúcháin, nó Gníomhaireacht Náisiúnta.