Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport

Conas iarratas a dhéanamh


Dírítear ar an leathanach seo ar threoir a thabhairt d’eagraíochtaí chun iarratas a dhéanamh ar dheontais agus ar ghlaonna faoi Erasmus+ agus faoin gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach.

Más spéis leat iarratas a dhéanamh mar dhuine aonair ar cheann de na cláir sin, féach ‘Conas páirt a ghlacadh’.

Cuir d’iarratas i gcomparáid leis an Treoirleabhar

Déanfar d’iarratas a mheas ar bhonn na gcritéar ar a bhfuil cur síos sa Treoirleabhar.

Nuair atá iarratas á scríobh agat, ba cheart duit dá bhrí sin eolas a chur ar na ranna a bhaineann le d’iarratas, na ranna maidir le gníomhaíochtaí sonracha agus eolas eile d’iarratasóirí ina measc.

Foirmeacha iarratais

Beidh ort foirm iarratais ar leith a líonadh isteach, ach sin ag brath ar cén chuid den chlár is mian leat cur isteach uirthi.

I gcás gníomhaíochtaí díláraithe a ndéanann na Gníomhaireachtaí Náisiúnta bainistiú orthu, déan iarratas trí leathanach Erasmus+ agus trí leathanach an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh.

I gcás gníomhaíochtaí láraithe a bhainistíonn an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr, tabhair cuairt ar an leathanach ‘Conas deontas a fháil’ de chuid na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin.

Cé hiad féin?

Féadfaidh tú féachaint cén ghníomaíocht atá á bainistiú ag Gníomhaireachtaí Náisiúnta (díláraithe) nó ag an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin (láraithe).

Féach cé a bhainistíonn an ghníomhaíocht agus cá háit is ceart iarratas a dhéanamh

Ná déan dearmad

Déan deimhin de gur chláraigh tú d’eagraíocht cheana féin sula dtosaíonn tú ar d’iarratas.

Léigh faoi chlárú

Iarratas a dhéanamh le comhpháirtí tionscadail

Cuidíonn an cuardach comhpháirtí ar an tairseach ‘Maoiniúchán agus Tairiscintí’ de chuid an Aontais leat comhpháirtithe féideartha a chuardach do do thogra.

Cuardaigh comhpháirtí togra tionscadail féideartha

Tar éis duit iarratas a dhéanamh

Féach an méid a tharlóidh