Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport

An áit le hiarratas a dhéanamh

Dírítear ar an leathanach seo ar threoir a thabhairt d’eagraíochtaí chun iarratas a dhéanamh ar dheontais agus ar ghlaonna faoi Erasmus+ agus faoin gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach.

Más spéis leat iarratas a dhéanamh mar dhuine aonair ar cheann de na cláir sin, féach ‘Conas páirt a ghlacadh’.

Is é an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr (EACEA) nó na Gníomhaireachtaí Náisiúnta a dhéanann deiseanna maoiniúcháin a bhainistiú.

Feicfidh tú cén ghníomhaireacht a dhéanann gníomhaíochtaí difriúla an chláir a bhainistiú sa liosta tionscadail thíos.

Braitheann sé ar an nglao, ach is féidir leat teacht ar eolas maidir le conas iarratas a dhéanamh trí

Níl cuntas EU Login agat? Cruthaigh do chuntas anseo.

Liosta na dtionscadal

KA1 - Soghluaisteacht Foghlama Daoine Aonair

Déan iarratas ar na nithe seo a leanas trí na Gníomhaireachtaí Náisiúnta:

  • Tionscadail soghluaisteachta do dhaltaí agus baill foirne i réimse an Oideachais scoile
  • Tionscadail soghluaisteachta d’fhoghlaimeoirí agus baill foirne i réimse an Ghairmoideachais agus na Gairmoiliúna
  • Tionscadail soghluaisteachta do mhic léinn agus baill foirne i réimse an Ardoideachais
  • Tionscadail soghluaisteachta d’fhoghlaimeoirí agus baill foirne i réimse an Oideachais aosaigh
  • Tionscadail soghluaisteachta i réimse na hóige
  • Gníomhaíochtaí Rannpháirtíochta Óige
  • Soghluaisteacht foirne i réimse an spóirt

KA2 - Comhar i measc eagraíochtaí agus institiúidí

Déan iarratas ar na nithe seo a leanas trí na Gníomhaireachtaí Náisiúnta:

  • Comhpháirtíochtaí Comhair i réimse an Ardoideachais, réimse an Ghairmoideachais agus na Gairmoiliúna, réimse an Oideachais Scoile, réimse an Oideachais Aosaigh agus na hÓige (seachas na cinn sin a chuireann Eagraíochtaí Neamhrialtasacha Eorpacha isteach)
  • Comhpháirtíochtaí ar Mhionscála i réimse an Ghairmoideachais agus na Gairmoiliúna, réimse an Oideachais Scoile, réimse an Oideachais Aosaigh agus na hÓige

Déan iarratas ar na nithe seo a leanas trí EACEA:

  • Comhpháirtíochtaí Comhair i réimse an Ardoideachais, réimse an Ghairmoideachais agus na Gairmoiliúna, réimse an Oideachais Scoile, réimse an Oideachais Aosaigh agus na hÓige a chuireann Eagraíochtaí Neamhrialtasacha Eorpacha isteach
  • Comhpháirtíochtaí Comhair agus Comhpháirtíochtaí ar Mhionscála i réimse an Spóirt
  • Ionaid Barr Feabhais Gairme
  • Gníomhaíocht Erasmus Mundus
  • Comhghuaillíochtaí Nuálaíochta
  • Forbairt acmhainní i réimse na hóige
  • Acmhainneacht a fhothú i réimse an spóirt
  • Imeachtaí neamhbhrabúis spóirt san Eoraip

KA3 - Tacaíocht d’athchóiriú beartas

Déan iarratas ar na nithe seo a leanas trí EACEA:

Óige na hEorpa le chéile

Gníomhaíochtaí Jean Monnet

Déan iarratas ar na nithe seo a leanas trí EACEA:

  • Jean Monnet i réimse an ardoideachais: Modúil, Cathaoirligh agus Ionaid Barr Feabhais
  • Jean Monnet i réimsí eile oideachais agus oiliúna: Oiliúint agus Líonraí Múinteoirí
  • Tionscnaimh foghlama an Aontais i réimsí eile oideachais agus oiliúna
  • Díospóireacht bheartais Jean Monnet: