Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport

Cairt Mic Léinn Erasmus

Tá sé d’aidhm ag clár Erasmus+ tacú le forbairt oideachasúil, phroifisiúnta agus phearsanta na mac léinn agus na gcéimithe atá páirteach.

Slide

Tá sé d’aidhm ag clár Erasmus+ tacú le forbairt oideachasúil, phroifisiúnta agus phearsanta na mac léinn agus na gcéimithe atá páirteach. Féachann sé freisin le comhionannas deiseanna agus rochtana, cuimsiú, éagsúlacht agus cothroime a chur chun cinn ar fud a ghníomhaíochtaí uile.

Ina theannta sin, cuidíonn an clár le cuspóirí an Aontais Eorpaigh a bhaineann leis an gclaochlú digiteach, leis an bhforbairt inbhuanaithe agus leis an tsaoránacht ghníomhach a bhaint amach.

An Chairt Mic Léinn Erasmus, léiríonn sí na luachanna agus na tosaíochtaí thuasluaite, agus é d'aidhm aige go leor eolais a thabhairt do rannpháirtithe faoina gcuid teidlíochtaí agus oibleagáidí agus deimhin a dhéanamh de chur chun feidhme rathúil a gcuid soghluaisteachta.

Faigh leagan inphriontáilte den chairt seo

Íoslódáil an chairt seo mar .pdf (ar fáil i dteangacha uile an Aontais, agus san Íoslainnis, sa Mhacadóinis, san Ioruais, sa tSeirbis agus sa Tuircis chomh maith)

Íoslódáil an chairt ó Oifig na bhFoilseachán  

Do chuid teidlíochtaí, do chuid oibleagáidí agus dualgas

  • Roimh an tréimhse soghluaisteachta

  • Le linn na tréimhse soghluaisteachta

  • Tar éis na tréimhse soghluaisteachta

Roimh an tréimhse soghluaisteachta

Do chuid teidlíochtaí

Tá tú i dteideal treoir a fháil maidir leis an bpróiseas iarratais, chomh maith le heolas maidir leis an institiúid/eagraíocht fála agus maidir le gníomhaíochtaí atá ar fáil le haghaidh na tréimhse soghluaisteachta thar lear.

Tá tú i dteideal íocaíocht réamh-mhaoinithe a fháil

  • laistigh de 30 lá féilire tar éis don dá pháirtí an comhaontú a shíniú nó
  • ar dheimhniú a fháil go bhfuil tú  tagtha isteach , agus tráth nach déanaí ná dáta tosaithe na tréimhse soghluaisteachta.

Más rud é, ar mhaithe le do staidéar, go bhfuil tú ag gabháil do shoghluaisteacht mac léinn, ba cheart duit a bheith in ann comhaontú foghlama ar líne digiteach a shíniú lena leagtar amach mionsonraí na ngníomhaíochtaí thar lear. Má chomhaontaítear é le d’institiúid féin, féadfaidh tú an comhaontú foghlama ar líne a shíniú trí Aip Mhóibíleach Erasmus+.

Tá tú i dteideal eolas a fháil maidir leis na nósanna imeachta uathaitheantais agus an córas grádaithe a úsáideann an institiúid fála.

Tá tú i dteideal eolas a fháil maidir le conas árachas a fháil, tithíocht a aimsiú, víosa a fháil (más gá), agus maidir leis na saoráidí/leis an tacaíocht atá ar fáil dóibh siúd a bhfuil riachtanais speisialta acu.

Do chuid oibleagáidí agus dualgas

Ní mór duit comhaontú deontais a shíniú leis an institiúid seolta agus comhaontú foghlama a shíniú leis an institiúid seolta agus leis an institiúid fála araon, lena leagtar amach sonraí na ngníomhaíochtaí thar lear, arb iad an bunús iad chun a chinntiú go n-aithneofar do thréimhse soghluaisteachta thar lear go huathoibríoch (trí na creidiúintí a leagan síos  nár mhór duit a thuilleamh agus trína gcur san áireamh mar chuid de do chéim sa bhaile).

Ní mór duit dul faoi mheasúnú teanga ar líne atá saor in aisce tríd an Tacaíocht Teanga ar Líne tar éis do roghnaithe (ar choinníoll go bhfuil sé sin ar fáil sa phríomhtheanga teagaisc/oibre thar lear), chun meastóireacht a dhéanamh ar do leibhéal agus chun teacht ar dheiseanna chun rochtain a fháil ar ghnéithe sonracha atá ag teacht le do riachtanais foghlama teanga chun an oiread tairbhe is féidir a bhaint as do thréimhse foghlama thar lear.

A luaithe a fhaigheann tú an t-eolas agus an treoir maidir le conas árachas a fháil ó d’Institiúid Ardoideachais, ba cheart duit a chinntiú go bhfuil cumhdach árachais sláinte agat le haghaidh na tréimhse a bheidh tú thar lear. I gcás soghluaisteachta mac léinn le haghaidh tréimhsí oiliúna, ba cheart duit a chinntiú mar aon le hóstach do thréimhse oiliúna, go nglacfaidh tú cumhdach árachais dliteanais agus éigeandála.

Le linn na tréimhse soghluaisteachta

Do chuid teidlíochtaí

Is ceart go gcaithfear leat mar a chaitear le mic léinn/fostaithe na tíre sin agus nach ndéanfar idirdhealú ort ar bhonn d'aoise, bunaidh eitnigh, cine, náisiúntachta, ballraíochta i mionlach náisiúnta, cultúir, teanga, inscne, treoshuímh ghnéasaigh, stádais phósta, freagrachtaí tuismitheora agus cúraim, breoiteachta, cumais nó míchumais, stádais meabhairshláinte, reachta sláinte, cuma fisicí, cúlra socheacnamaíoch, creidimh nó cleamhnaithe reiligiúnaigh nó easpa an chéanna, cleamhnaithe pholaitiúil nó tuairimí polaitiúla nó easpa an chéanna, nó ar bhonn aon idirdhealaithe neamhábhartha eile.

Tá tú i dteideal saoirse acadúil le linn duit a bheith ag déanamh cumarsáide nó ag roinnt smaointe agus fíricí, agus in aon taighde a d’fhéadfá a dhéanamh le linn do thréimhse soghluaisteachta freisin.

Tá tú i dteideal leas a bhaint as líonraí meantóirí agus cairde, i gcás ina bhfuil fáil orthu sin, ag an institiúid/eagraíocht fála.

Tá tú i dteideal cluas éisteachta a fáil in eagraíochtaí mac léinn ar an gcampas, i gcórais rialachais agus dearbhaithe cáilíochta na hinstitiúide fála, agus in aon seirbhísí tacaíochta mac léinn (e.g. aontais mac léinn agus ionadaithe mac léinn, ombudsmain), agus go gcoinneoidh na heagraíochtaí sin ar an eolas thú maidir leis an gcéanna.

Tá tú i dteideal leanúint de na deontais nó iasachtaí mac léinn céanna a fháil ó do thír seolta agus tú thar lear.

Tá tú i dteideal tacaíochta airgeadais breise, i bhfoirm breisithe, más rannpháirtí tú ar lú do dheiseanna nó má roghnaíonn tú taisteal ar mhodh iompair glas.

Níor cheart go gcuirfí táillí ort le haghaidh teagaisc, cláraithe, scrúduithe nó rochtain a bheith agat ar shaoráidí saotharlainne agus leabharlainne le linn na tréimhse soghluaisteachta.

Tá tú i dteideal iarraidh ar athruithe ar an gcomhaontú foghlama faoin spriocdháta arna chomhaontú ag na hinstitiúidí seolta agus fála. Tá tú i dteideal iarraidh chun síneadh a chur le fad na tréimhse soghluaisteachta a chur faoi bhráid na hinstitiúide seolta.

Do chuid oibleagáidí agus dualgas

Ní mór duit rialacha agus rialacháin na hinstitiúide/na heagraíochta fála agus na tíre is óstach a urramú, lena n-áirítear, chomh maith le cinn eile, rialacháin iompríochta, sláinte agus sábháilteachta.

Ní mór duit cód iompraíochta d’institiúide fála a urramú, trí éagsúlacht an phobail a aithint agus gan idirdhealú a dhéanamh ar dhaoine eile ar bhonn a n-aoise, bunaidh eitnigh, cine, náisiúntachta, ballraíochta i mionlach náisiúnta, cultúir, teanga, inscne, treoshuímh ghnéasaigh, stádais phósta, freagrachtaí tuismitheora agus cúraim, breoiteachta, cumais nó míchumais, stádais meabhairshláinte, reachta sláinte, cuma fisicí, cúlra socheacnamaíoch, creidimh nó cleamhnaithe reiligiúnaigh nó easpa an chéanna, cleamhnaithe pholaitiúil nó tuairimí polaitiúla nó easpa an chéanna, nó ar bhonn aon idirdhealaithe neamhábhartha eile.

Ní mór duit tú féin a iompar go freagrach agus go measúil le do phobal áitiúil agus le do phobal acadúil. Le hiompraíocht ar chaoi mheasúil le daoine eile, tugtar le tuiscint gur cheart urraim a léiriú don dlí agus, i measc nithe eile, gan ciapadh ná bulaíocht a dhéanamh ar dhaoine eile.

Ní mór duit gabháil d’iompraíocht nach mbaineann riosca sláinte nó sábháilteachta léi, duit féin nó do dhaoine eile. Ní mór duit caighdeáin sláinte agus sábháilteachta d’institiúidí/d’eagraíochtaí agus na tíre is óstach a urramú.
Ní mór duit prionsabal na sláine acadúla a urramú agus féachaint le bheith ar do theanndícheall i ngach scrúdú ábhartha nó i ngach cineál eile measúnaithe ábhartha.

Moltar duit lántairbhe a bhaint as na deiseanna foghlama uile a bheidh ar fáil ag an institiúid/eagraíocht fála, chomh maith leis an tairbhe is mó is féidir a bhaint as do thréimhse thar lear trí pháirt ghníomhach a ghlacadh sa tsochaí áitiúil trí ghníomhaíochtaí/thionscadail idirchultúrtha nó rannpháirtíochta sibhialta.

D’fhéadfaí táille bheag a ghearradh ort (ar an mbonn céanna le mic léinn de bhunadh na háite) as costais amhail árachas, ballraíocht in aontais mac léinn nó úsáid ábhar agus trealaimh a bhaineann leis an staidéar.

Aon iarraidh chun síneadh féideartha a chur le fad na tréimhse soghluaisteachta, ní mór duit í a chur isteach mí amháin ar a laghad roimh dheireadh na tréimhse a bhí beartaithe i dtús ama.

Mar aon leis na hinstitiúidí seolta agus na hinstitiúidí fála, ní mór duit a áirithiú go mbailíochtófar na hathruithe ar an gcomhaontú foghlama tar éis an iarraidh a chur isteach.

Tar éis na tréimhse soghluaisteachta

Do chuid teidlíochtaí

Tá tú i dteideal aithint acadúil uathoibríoch iomlán a fháil ón institiúid seolta le haghaidh na ngníomhaíochtaí a chuirtear i gcrích le linn na tréimhse soghluaisteachta, i gcomhréir leis an gcomhaontú foghlama.

Tá tú i dteideal, agus moltar duit, doiciméad Shoghluaisteacht Europass a iarraidh más céimí nua thú ó institiúid ardoideachais atá lonnaithe i dTír atá rannpháirteach sa Chlár.

Tá tú i dteideal tras-scríbhinn taifead a fháil, i bhformáid dhigiteach más féidir, ón institiúid fála laistigh de chúig seachtaine ón dáta a foilsíodh do thorthaí, lena dtaispeánfar na creidiúintí agus na gráid a baineadh amach. Tar éis duit an tras-scríbhinn taifead a fháil, cuirfidh an institiúid seolta faisnéis iomlán ar fáil duit maidir le haitheantas a thabhairt don mhéid a bheidh bainte amach agat.

Má tá tú cláraithe in institiúid ardoideachais atá lonnaithe i dTír atá rannpháirteach sa Chlár, tá tú i dteideal na comhpháirteanna aitheanta a bheith san áireamh agat san Fhorlíonadh Dioplóma. Tá tú i dteideal an Forlíonadh Dioplóma a fháil, i bhformáid dhigiteach, más féidir, agus ina theanga bhunaidh chomh maith.

Le linn duit cúrsa oiliúna a dhéanamh, tá tú i dteideal teastas oiliúna a fháil, i bhformáid dhigiteach, más féidir, ón institiúid/eagraíocht fála, ina dtugtar achoimre ar na cúraimí a rinneadh agus ina gcuirtear meastóireacht ar fáil. Tabharfaidh an institiúid seolta tras-scríbhinn taifead duit freisin, má shonraítear é sa chomhaontú foghlama. Mura raibh an cúrsa oiliúna ina chuid den churaclam, féadfaidh tú a iarraidh go dtaifeadfar é i ndoiciméad Soghluaisteachta Europass agus má tá tú cláraithe in institiúid ardoideachais atá lonnaithe i mballstát den Phróiseas Bologna, ba cheart an tréimhse soghluaisteachta a thaifeadadh i d’Fhorlíonadh Dioplóma freisin.

Do chuid oibleagáidí agus dualgas

Ní mór duit tuarascáil rannpháirtí a líonadh chun aiseolas a chur ar fáil maidir le do thréimhse soghluaisteachta Erasmus+ do d’institiúidí seolta agus fála, don Ghníomhaireacht Náisiúnta Erasmus+ ábhartha agus don Choimisiún Eorpach.

Ar bhonn an taithí atá agat féin, féadfaidh an Coimisiún Eorpach agus na Gníomhaíochtaí Náisiúnta Erasmus+  measúnú a dhéanamh ar an gcaoi le Clár Erasmus+ a fheabhsú agus a shaibhriú le haghaidh na nglún atá le teacht.

Moltar duit d’eispéireas soghluaisteachta a roinnt le cairde, comh-mhic léinn, baill foirne san institiúid bhaile, iriseoirí etc. chun insint do dhaoine eile faoin eispéireas agus chun ligean dóibh tairbhe a bhaint as.
Chuige sin, moltar duit Aip Mhóibíleach Erasmus+ a úsáid agus do leideanna a roinnt le mic léinn a bheidh ann amach anseo.

Moltar duit bheith rannpháirteach i bpobail alumni áitiúla agus náisiúnta agus i gComhlachais Alumni Erasmus+, eagraíochtaí agus tionscadail mac léinn a chuireann Erasmus+ agus a luachanna chun cinn, chomh maith le comhthuiscint idir daoine, cultúir agus tíortha agus idirnáisiúnú sa bhaile.

Ar feadh na tréimhse soghluaisteachta

Do chuid teidlíochtaí

Tá tú i dteideal rochtain agus deiseanna comhionanna cothromasacha a fháil faoi chlár Erasmus+, mar aon le nósanna imeachta córa, cuimsitheacha agus trédhearcacha ag gach céim de do shoghluaisteacht.

Má bhíonn fadhb agat nó má chreideann tú nach n-urramaítear do chearta, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh ar dtús le d’institiúid/d’eagraíocht seolta nó fála agus réiteach a lorg leo. Ba cheart duit an fhadhb a aithint go soiléir agus teagmháil a dhéanamh leis an duine freagrach ábhartha, de réir chineál na faidhbe. Ba cheart a n-ainmneacha agus a sonraí teagmhála a lua sa chomhaontú foghlama. Más gá, ba cheart duit dul trí na nósanna imeachta achomhairc foirmiúla arna mbunú ag an institiúid/eagraíocht seolta nó fála. Mura gcomhlíonann d’institiúid/d’eagraíocht seolta nó fála na hoibleagáidí a leagtar amach i gCairt Ardoideachais Erasmus nó i do chomhaontú deontais, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an nGníomhaireacht Náisiúnta Erasmus+ ábhartha.

Féadfaidh aontais mac léinn agus ionadaithe mac léinn, de chuid d’institiúidí seolta agus fála araon, a bheith ina gcúnamh duit. Féadfaidh na hinstitiúidí seolta agus fála a chur in iúl duit cá háit a n-aimseofar teagmhálacha na n-aontas agus na n-ionadaithe mac léinn áitiúla.

Do chuid oibleagáidí agus dualgas

Chun tacú leat féin trí gach céim de do shoghluaisteacht, moltar duit Aip Mhóibíleach Erasmus+ a íoslódáil, arb í do chéad phointe teagmhála í maidir leis na seirbhísí, na leideanna agus na deiseanna ábhartha le haghaidh do thréimhse soghluaisteachta thar lear.

Iarrtar ort freisin úsáid a bhaint as Tacaíocht Teanga ar Líne a ceapadh le haghaidh rannpháirtithe chlár Erasmus+, ionas go bhfaighidh tú rochtain ar ghnéithe sonracha foghlama teanga a chabhróidh leat máistreacht a fháil ar an teanga is mian leat a labhairt le linn do shaol laethúil nó do ghníomhaíochtaí soghluaisteachta.
Moltar duit aird a thabhairt ar thionchar do shoghluaisteachta ar an gcomhshaol, mar shampla trí bhearta a dhéanamh a laghdódh lorg carbóin do chuid taistil.

Déan teagmháil le d’institiúid/d’eagraíocht seolta agus fála maidir le cén roghanna atá ar fáil duit chun d’eispéireas Erasmus+ a dhéanamh níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol.

Cad a tharlóidh mura n-urramóidh tú an Chairt seo?

D’fhéadfadh d’institiúid seolta agus/nó fála a chinneadh deireadh a chur le do thréimhse soghluaisteachta thar lear.