Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport

Ráiteas Príobháideachais – rannpháirtithe Erasmus+ rannpháirtithe sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach a raibh tionchar ag an gcoróinvíreas orthu

Tugtar leis an ráiteas príobháideachais sin eolas breise agus ad hoc do ráiteas príobháideachais na hUirlise Soghluaisteachta+ faoin dóigh a ndéantar do shonraí pearsanta a phróiseáil agus a chosaint le linn thréimhse COVID-19.

  1. Réamhrá
  2. Cén fáth agus cén chaoi a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta?
  3. Cad iad na forais dlí ar a ndéanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil?
  4. Cé na sonraí pearsanta a bhailímid agus a phróiseálaimid?
  5. Cá fhad a choinneofar do shonraí pearsanta?
  6. Cén chaoi a gcosnaímid do shonraí pearsanta?
  7. Cé aige a mbeidh rochtain ar do shonraí pearsanta agus cé dó a nochtfar iad?
  8. Cé na cearta atá agat agus cén chaoi a bhfeidhmítear iad?
  9. Sonraí teagmhála
  10. Tuilleadh eolais

1. Réamhrá

Tá an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’ anseo feasta) tiomanta do do shonraí pearsanta a chosaint agus do phríobháideachas a urramú. Déanann an Coimisiún sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil de bhun Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001).

Sa ráiteas príobháideachais seo, mínítear an fáth a bpróiseálaimid do chuid sonraí pearsanta, an dóigh a ndéanaimid na sonraí pearsanta ar fad a thugtar dúinn a bhailiú, a láimhseáil agus a chosaint, an chaoi a n-úsáidtear iad, agus na cearta atá agat maidir le do shonraí pearsanta. Tugtar ann freisin sonraí teagmhála an Rialaitheora Sonraí atá freagrach agus lenar féidir leat do chearta a fheidhmiú, sonraí teagmhála an Oifigigh Cosanta Sonraí agus an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.

Anseo thíos tá an t-eolas maidir leis an oibríocht phróiseála dar teideal “Rannpháirtithe Erasmus+ agus rannpháirtithe sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach a raibh tionchar ag COVID-19 orthu” a fheidhmíonn AS EAC.B.4.

2. Cén fáth agus cén chaoi a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta?

Cuspóir na hoibríochta próiseála:

Baineann AS EAC úsáid as d'eolas pearsanta ón Uirlis Soghluaisteachta + chun rannpháirtithe Erasmus+ rannpháirtithe sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach atá ar thréimhse soghluaisteachta lasmuigh dá dtíortha tionscnaimh faoi láthair a aithint agus chun an t-eolas sin a thabhairt do Ghníomhaireachtaí Náisiúnta ionas go bhféadfaidh siad na bealaí is gá le haghaidh cumarsáide agus tacaíochta a ghníomhú. D'fhéadfadh sé gurbh é a bheadh i gceist leis sin sonraí teagmhála na rannpháirtithe a thabhairt d'údaráis náisiúnta agus do chomhlachtaí rialtais eile.

Ní úsáidfear do shonraí pearsanta le haghaidh cinnteoireacht uathoibrithe, próifíliú san áireamh.

3. Cad iad na forais dlí ar a ndéanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil?

Tá an phróiseáil bhreise a dhéantar ar do shonraí pearsanta, a bailíodh faoin Taifead maidir le Cosaint Sonraí ar “Uirlis Soghluaisteachta +”, bunaithe ar Airteagal 5.1(e) toisc go bhfuil sé “riachtanach chun leasanna ríthábhachtacha an ábhair sonraí (tú féin) nó duine nádúrtha eile a chosaint”.

Ní thagann na sonraí a phróiseáiltear faoi raon feidhme na gcoinníollacha maidir le Srianta (Airteagal 25) agus Comhairliúchán Roimh Ré (Airteagal 40) atá neadaithe i Rialachán 2018/1725.

4. Cé na sonraí pearsanta a bhailímid agus a phróiseálaimid?

Chun an oibríocht phróiseála sin a dhéanamh, bailíonn AS EAC na catagóirí sonraí pearsanta seo a leanas.

Sonraí daoine a ghlacann páirt i dtionscadal soghluaisteachta nó i dtionscadal de chuid an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh:

  • Aitheantas Soghluaisteachta
  • Ainm an rannpháirtí
  • Sloinne an rannpháirtí
  • Seoladh ríomhphoist an rannpháirtí
  • Seoladh dlíthiúil
  • Seoladh ríomhphoist an teagmhálaí ón eagraíocht seolta
  • Uimhir theileafóin an teagmhálaí ón eagraíocht seolta

Tá sé éigeantach sonraí pearsanta a chur ar fáil ionas go mbeifear in ann teagmháil a dhéanamh le rannpháirtithe chun tacaíocht a chur ar fáil.

5. Cá fhad a choinneofar do shonraí pearsanta?

Ní choinníonn AS EAC do shonraí pearsanta ach amháin ar feadh na tréimhse is gá chun críocha bailiúcháin nó próiseála breise. Scriosfar sonraí 2 bhliain tar éis do shonraí na rannpháirtithe a chur ar fáil do Ghníomhaireachtaí Náisiúnta.

6. Cén chaoi a gcosnaímid do shonraí pearsanta?

Déantar na sonraí uile atá i bhformáid leictreonach a stóráil ar fhreastalaithe an Choimisiúin Eorpaigh. Déantar na hoibríochtaí próiseála go léir de bhun Chinneadh (AE, Euratom) 2017/46 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2017 maidir le slándáil córas cumarsáide agus faisnéise a úsáideann an Coimisiún Eorpach.

Chun do shonraí pearsanta a chosaint, tá bearta teicniúla agus eagraíochtúla curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún. Ar na bearta teicniúla sin tá bearta iomchuí chun dul i ngleic leis an tslándáil ar líne, leis an mbaol go gcaillfí sonraí, go ndéanfaí sonraí a athrú nó go ndéanfaí rochtain neamhúdaraithe orthu, ag cur san áireamh an riosca atá i gceist leis an bpróiseáil agus na gcineálacha sonraí pearsanta atá á bpróiseáil. Ar na bearta eagraíochtúla, tá cead rochtana ar na sonraí a theorannú do dhaoine údaraithe amháin a bhfuil gá dlisteanach acu leo chun críocha na hoibríochta próiseála seo.

Is féidir na sonraí a íoslódáil i gcomhaid Excel lena dtabhairt do na faighteoirí sonraí.

7. Cé aige a mbeidh rochtain ar do shonraí pearsanta agus cé dó a nochtfar iad?

Tugtar rochtain ar do shonraí pearsanta d'fhostaithe an Choimisiúin atá freagrach as an oibríocht phróiseála sin a fheidhmiú agus do na baill foirne atá údaraithe de réir an phrionsabail “ar bhonn riachtanais eolais”. Tá ceangal ar na baill foirne sin cloí le comhaontuithe reachtúla rúndachta agus, nuair is gá, le comhaontuithe breise rúndachta.

Lasmuigh d'eagraíocht an Aontais Eorpaigh, tugtar rochtain ar do shonraí pearsanta dóibh seo a leanas:

  • Baill foirne na nGníomhaireachtaí Náisiúnta
  • Baill foirne na nÚdarás Náisiúnta agus comhlachtaí náisiúnta eile atá freagrach as ráig COVID-19 a bhainistiú

Féadfar sonraí pearsanta rannpháirtithe soghluaisteachta ó aon tír a roinnt le gníomhaireacht náisiúnta agus údarás náisiúnta na tíre óstaí (glactha). Sonraí pearsanta rannpháirtithe soghluaisteachta atá ag tabhairt faoi thréimhse soghluaisteachta eagraithe ag údarás náisiúnta nach údarás náisiúnta a dtíre féin é, roinnfear iad lena n-údarás náisiúnta agus lena ngníomhaireacht náisiúnta sa bhaile más rud é: go dtéann an rannpháirtí go dtí a thír féin nó má fhágann sé a thír féin don tréimhse soghluaisteachta.

Aistreoidh an rialaitheoir sonraí do shonraí pearsanta chuig na faighteoirí seo a leanas i dtríú tír nó in eagraíocht idirnáisiúnta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725.

Aistrítear sonraí chuig na Gníomhaireachtaí Náisiúnta arna mbunú i ngach ceann de na Ballstáit agus chuig na Gníomhaireachtaí Náisiúnta arna mbunú sna tíortha eile atá rannpháirteach in Erasmus+ agus sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach (tíortha de chuid CSTE atá ina bpáirtithe i gComhaontú LEE; tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha atá ag baint leas as straitéis réamhaontachais; Cónaidhm na hEilvéise; tíortha atá cumhdaithe ag beartas comharsanachta na hEorpa a bhfuil comhaontuithe curtha i gcrích acu leis an Aontas lena bhforáiltear go bhféadfaidís páirt a ghlacadh i gcláir an Aontais) mar a shonraítear in Airteagal 24 “Rannpháirtíocht tíortha” de Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 agus in Airteagal 11 “Tíortha rannpháirtíochta” de Rialachán (AE) 2018/1475.

Aistreofar do shonraí pearsanta bunaithe ar an méid seo a leanas:

  • cinneadh leordhóthanachta ón gCoimisiún i leith tír ar leith (Airteagal 47 de Rialachán (AE) 2018/1725)
  • coimircí iomchuí (Airteagal 48 de Rialachán (AE) 2018/1725)
  • maoluithe i gcásanna sonracha (Airteagal 50.1 de Rialachán (AE) 2018/1725)

Ní thabharfar an t-eolas a bhailímid d'aon tríú páirtí, seachas a mhéid is gá nó chun na críocha is gá chun an dlí a chomhlíonadh.

8. Cé na cearta atá agat agus cén chaoi a bhfeidhmítear iad?

Tá cearta sonracha agat mar ‘ábhar sonraí’ faoi Chaibidil III (Airteagail 14-25) de Rialachán (AE) 2018/1725, go háirithe an ceart chun do shonraí pearsanta a rochtain agus a cheartú agus an ceart chun srian a chur ar phróiseáil do shonraí pearsanta.

Tá sé de cheart agat agóid a dhéanamh i gcoinne phróiseáil do shonraí pearsanta agus i gcás ina n-éireoidh le d'agóid beidh tú i dteideal scriosadh do shonraí pearsanta a ordú.

Is féidir leat do chearta a fheidhmiú ach teagmháil a dhéanamh leis an Rialaitheoir sonraí, nó, i gcás easaontais, le hOifigeach Cosanta Sonraí an Choimisiúin Eorpaigh. Más gá, is féidir leat dul i dteagmháil leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freisin. Tá a gcuid sonraí teagmhála le fáil faoi Cheannteideal 9 thíos.

I gcás inar mian leat do chearta a fheidhmiú i gcomhthéacs oibríochta próiseála ar leith amháin nó níos mó, déan cur síos orthu (i.e. a dtagairtí taifid mar atá sonraithe faoi Cheannteideal 10 thíos) i d'iarratas.

9. Sonraí teagmhála

An Rialaitheoir Sonraí

Más mian leat do chearta a fheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2018/1725, nó má tá tuairimí, ceisteanna nó ábhair imní agat, nó más mian leat gearán a dhéanamh faoi bhailiú agus úsáid do shonraí pearsanta, déan teagmháil leis an Rialaitheoir Sonraí ag:

Chomh maith leis sin, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leo seo a leanas:

  • An Rialaitheoir Sonraí: EAC-NA-COORDINATION@ec.europa.eu
  • Rialaitheoir Cosanta Sonraí AS EAC: eac-data-protection@ec.europa.eu

Oifigeach Cosanta Sonraí an Choimisiúin

Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Cosanta Sonraí (DATA-PROTECTION-OFFICER@ec.europa.eu) maidir le ceisteanna a bhaineann le próiseáil do shonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2018/1725.

An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

Tá sé de cheart agat dul ar iontaoibh an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí (i.e. gearán a dhéanamh leis) má mheasann tú gur sáraíodh do chearta faoi Rialachán (AE) 2018/1725 mar thoradh ar phróiseáil do shonraí pearsanta ag an Rialaitheoir Sonraí.

10. Tuilleadh eolais

Foilsíonn an tOifigeach Cosanta Sonraí clár na n-oibríochtaí próiseála go léir ar shonraí pearsanta atá déanta ag an gCoimisiún, oibríochtaí a ndearnadh doiciméadú orthu agus ar tugadh fógra dó ina leith. Tá an clár le fáil ag an nasc seo: http://ec.europa.eu/dpo-register.

Áirítear an oibríocht phróiseála shonrach sin ar chlár poiblí an Oifigigh Cosanta Sonraí agus an tagairt taifid seo a leanas ag gabháil léi: DPR-EC-01229.1.