Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport

Ráiteas príobháideachais

This privacy statement is related to the Erasmus+ 2014-2020 programme. It is relevant for projects still ongoing from that period.

You can also read the privacy statement of the new Erasmus+ 2021-2027 programme.

Clárú Eagraíochta, Foirmeacha Iarratais agus EPlusLink

Sa ráiteas príobháideachais seo tugtar faisnéis faoin dóigh a ndéantar do shonraí pearsanta a phróiseáil agus a chosaint.

Réamhrá

Tá an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’ feasta) tiomanta do do shonraí pearsanta a chosaint agus do phríobháideachas a urramú. Déanann an Coimisiún sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil a thuilleadh de bhun Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001).

Sa ráiteas príobháideachais seo, mínítear an fáth a bpróiseálaimid do chuid sonraí pearsanta, an dóigh a ndéanaimid na sonraí pearsanta ar fad a thugtar dúinn a bhailiú, a láimhseáil agus a chosaint, an chaoi a n-úsáidtear iad, agus na cearta atá agat maidir le do chuid sonraí pearsanta. Tugtar ann freisin sonraí teagmhála an Rialaitheora Sonraí atá freagrach agus lenar féidir leat do chearta a fheidhmiú, sonraí teagmhála an Oifigigh Cosanta Sonraí agus sonraí teagmhála an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.

Anseo thíos tá an t-eolas maidir leis an oibríocht phróiseála, a fheidhmíonn AS EAC.B.4, dar teideal ‘Clárú Eagraíochta, Foirmeacha Iarratais agus EPlusLink’: eolas eagraíochtaí a chlárú agus a bhainistiú, iarratais a chuirtear isteach faoi Erasmus+ agus faoin gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach a bhainistiú.

Cén fáth agus cén chaoi a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta?

Cuspóir na hoibríochta próiseála

Bailíonn AS EAC d'eolas pearsanta agus baintear úsáid as chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • é a chur ar chumas eagraíochtaí clárú, ionas go mbeidh siad in ann a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí Erasmus+ agus an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh, ar gníomhaíochtaí iad atá faoi bhainistiú na nGníomhaireachtaí Náisiúnta
  • eagraíochtaí is iarratasóirí a iarrann deontas ón gCoimisiún le haghaidh tionscadal faoi ghníomhaíochtaí Erasmus+ agus an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a aithint, ar gníomhaíochtaí iad atá faoi bhainistiú na nGníomhaireachtaí Náisiúnta
  • éascú a dhéanamh ar iarratas a chur isteach chuig cineálacha gníomhaíochtaí díláraithe éagsúla Erasmus+ agus an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh
  • nósanna imeachta roghnúcháin na n-iarratas a bhainistiú faoi ghníomhaíochtaí Erasmus+ agus an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh, ar gníomhaíochtaí iad atá faoi bhainistiú na nGníomhaireachtaí Náisiúnta
  • staitisticí anaithnide a bhunú faoi eagraíochtaí cláraithe, eagraíochtaí is iarratasóirí, tairbhithe, tionscadail, comhpháirtithe agus rannpháirtithe
  • oibleagáidí agus freagrachtaí a bhaineann le monatóireacht, measúnú, tuairisciú, agus iniúchadh a chomhlíonadh
  • measúnú a dhéanamh ar thionchar rannpháirtíocht Erasmus+ agus chlár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh ar eagraíochtaí tairbhíocha agus eolas níos fearr a fháil ar ghrúpaí rannpháirteacha chun na straitéisí for-rochtana a mhionchoigeartú trí cheistneoirí agus teicnící eile
  • torthaí na dtionscadal a scaipeadh trí uirlisí iomchuí teicneolaíochta faisnéise Erasmus+ agus an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh (Ardán Torthaí Tionscadail) a n-iarrfar toiliú soiléir agus feasach ina leith ó na teagmhálaithe sula bhfoilseofar a sonraí teagmhála
  • éascú a dhéanamh ar shonraí a aistriú chuig an gcóras um Thacaíocht Teanga ar Líne chun bainistiú na gceadúnas oiliúna teanga le haghaidh rannpháirtithe aonair i soghluaisteachtaí a éascú
  • sonraí maidir le Marc Cáilíochta agus Creidiúnaithe an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a aistriú chuig Tairseach Eorpach na hÓige, a n-iarrfar toiliú soiléir agus feasach ina leith ó na teagmhálaithe sula bhfoilseofar a sonraí teagmhála

Ní úsáidfear do shonraí pearsanta le haghaidh cinnteoireacht uathoibrithe, próifíliú san áireamh.

Cad iad na forais dlí ar a ndéanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil?

Déanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil ar na cúiseanna seo a leanas:

  • is gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don institiúid nó don chomhlacht de chuid an Aontais
  • is gá an phróiseáil a dhéanamh chun oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh a bhfuil an rialaitheoir faoina réir
  • Is gá oibríochtaí próiseála a dhéanamh le go gcomhlíonfar oibleagáidí agus freagrachtaí an Choimisiúin i ndáil le monatóireacht agus tuairisciú, ar oibleagáidí agus freagrachtaí iad a bunaíodh le Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Erasmus+ agus an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach
  • RIALACHÁN (AE) Uimh. 1288/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear 'Erasmus+': clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1719/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1720/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1298/2008/CE
  • RIALACHÁN (AE) 2018/1475 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 2 Deireadh Fómhair 2018 lena leagtar síos creat dlíthiúil an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013, agus Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE

Ní thagann na sonraí a phróiseáiltear faoi raon feidhme na gcoinníollacha maidir le Srianta (Airteagal 25) agus Comhairliúchán Roimh Ré (Airteagal 40) atá leabaithe i Rialachán 2018/1725.

Cé na sonraí pearsanta a bhailímid agus a phróiseálaimid?

Chun an oibríocht phróiseála sin a dhéanamh, bailíonn AS EAC na catagóirí sonraí pearsanta seo a leanas.

Sonraí pearsanta a bhailítear faoi dhuine teagmhála agus faoi úsáideoirí údaraithe eagraíochta cláraithe chomh maith le sonraí pearsanta a bhailítear faoi ionadaí dlíthiúil agus faoi dhaoine teagmhála na n-eagraíochtaí atá ag cur isteach ar mhaoiniú nó ag glacadh páirt i dtionscadal:

  • inscne
  • céadainm
  • sloinne
  • roinn
  • ról san eagraíocht
  • seoladh ríomhphoist gairmiúil
  • príomhlíne gutháin
  • ainm sráide agus uimhir

Tá sé éigeantach sonraí pearsanta a sholáthar chun d'eagraíocht a chlárú agus chun iarratais ar chistiú a phróiseáil.

Cá fhad a choinneoimid do shonraí pearsanta?

Ní choinníonn AS EAC do shonraí pearsanta ach amháin ar feadh na tréimhse is gá chun críocha bailiúcháin nó próiseála breise.

  • Clárú Eagraíochta. Scriosfar sonraí eagraíochtaí atá rannpháirteach i dtionscadail 10 mbliana tar éis dheireadh na bliana a chríochnaigh an tionscadal deiridh sa chlár ábhartha (a shainítear leis an idirbheart airgeadais deiridh idir an Ghníomhaireacht Náisiúnta agus an eagraíocht is tairbhí) mura bhfuil an eagraíocht rannpháirteach i gclár eile. Ina theannta sin, gach 3 bliana, scriosfar sonraí eagraíochtaí nár chuir isteach ar chistiú agus nach raibh rannpháirteach i dtionscadal le linn na tréimhse sin.
  • Foirmeacha Iarratais. Scriosfar sonraí 5 bliana tar éis an spriocdháta chun iarratais ar an nglao ábhartha ar thograí a chur isteach.
  • EPlusLink. Déanfar sonraí pearsanta a anaithnidiú 10 mbliana tar éis dheireadh na bliana a chríochnaigh an tionscadal deiridh sa chlár ábhartha (a shainítear leis an idirbheart airgeadais deiridh idir an Ghníomhaireacht Náisiúnta agus an eagraíocht is tairbhí).

Leis an oibleagáid tionchar na gclár a mheas, mar a fhoráiltear sna cinntí lena mbunaítear Erasmus+ agus an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach, ní éilítear go gcoinneofar sonraí pearsanta.

Cén chaoi a gcosnaímid do shonraí pearsanta?

Is sa Choimisiún (ar fhreastalaí lárnach) a stóráiltear na sonraí uile. Stóráiltear sonraí EPlusLink i mbunachar sonraí a dhéantar a óstáil ag gach Gníomhaireacht Náisiúnta (ina bhfuil a sonraí féin).

Déantar na hoibríochtaí próiseála go léir de bhun Chinneadh (AE, Euratom) 2017/46 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2017 maidir le slándáil córas cumarsáide agus faisnéise arna n-úsáid ag an gCoimisiún Eorpach.

Chun do shonraí pearsanta a chosaint, tá bearta teicniúla agus eagraíochtúla curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún. Ar na bearta teicniúla sin tá gníomhartha iomchuí chun dul i ngleic le slándáil ar líne, leis an mbaol go gcaillfí sonraí, go ndéanfaí sonraí a athrú nó go ndéanfaí rochtain neamhúdaraithe orthu, ag cur san áireamh an riosca atá i gceist leis an bpróiseáil agus na cineálacha sonraí pearsanta atá á bpróiseáil. Ar na bearta eagraíochtúla, ní dhéantar cead rochtana ar na sonraí pearsanta a thabhairt ach do dhaoine údaraithe amháin a bhfuil gá dlisteanach acu leo chun críocha na hoibríochta próiseála seo.

Cuirtear de cheanglas ar Ghníomhaireachtaí Náisiúnta bearta slándála teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí a ghlacadh maidir le sonraí pearsanta a chosaint.

Cé aige a bhfuil rochtain ar do shonraí pearsanta agus cé dó a nochtfar iad?

Na daoine ag a bhfuil rochtain ar do shonraí pearsanta agus dá nochtfar iad, braitheann sé sin ar an áit a n-aistrítear do shonraí pearsanta. Tá dhá chineál aistrithe sonraí ann faoi láthair a chinntíonn leibhéil éagsúla cosanta:

  1. Aistrithe sonraí chuig Ballstáit an Aontais, chuig tíortha an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch, nó chuig tíortha ar ghlac an Coimisiún cinneadh leordhóthanachta ina leith lena gcinntítear leibhéal leordhóthanach cosanta. 
  2. Aistrithe sonraí chuig tríú tíortha nach bhfuil aon chinneadh leordhóthanachta ón gCoimisiún ina leith agus leibhéal cosanta do chearta maidir le do shonraí pearsanta, d’fhéadfadh sé nach mbeadh siad coibhéiseach le reachtaíocht an Aontais.

I gcás aistrithe sonraí pearsanta laistigh den AE/LEE agus chuig tíortha a bhfuil cinneadh leordhóthanachta ina leith

Tugtar rochtain ar do shonraí pearsanta d'fhostaithe an Choimisiúin atá freagrach as an oibríocht phróiseála sin a fheidhmiú agus do na baill foirne atá údaraithe de réir an phrionsabail ‘ar bhonn riachtanais eolais’. Tá ceangal ar na baill foirne sin cloí le comhaontuithe dlíthiúla rúndachta, agus nuair is gá, le comhaontuithe breise rúndachta.

Lasmuigh d'eagraíocht an Aontais, tugtar rochtain ar do shonraí pearsanta dóibh seo a leanas:

  • foireann inmheánach na nGníomhaireachtaí Náisiúnta atá freagrach as Erasmus+ agus an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach a bhainistiú
  • úsáideoirí údaraithe i gcuideachtaí seachtracha atá ar conradh leis an gCoimisiún chun seirbhísí a sholáthar
  • i gcás iniúchóireachta: iniúchóirí seachtracha
  • Conraitheoir seachtrach um Thacaíocht Teanga Ar Líne
  • cuideachta árachais ainmnithe (i gcás an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh)

Ní thabharfar an t-eolas a bhailímid d'aon tríú páirtí, seachas a mhéid is gá nó chun na críocha is gá chun an dlí a chomhlíonadh.

I gcás aistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tíortha

Aistrítear do shonraí pearsanta chuig tríú tír lasmuigh den AE/LEE nach bhfuil aon chinneadh leordhóthanachta déanta ina leith (chuig tíortha atá rannpháirteach sa chlár – an Tuirc, an tSeirbia agus an Mhacadóin Thuaidh san áireamh) má bhaineann ceann de na cásanna seo a leanas leat:

  • is tú duine teagmhála nó úsáideoir údaraithe eagraíochta cláraithe nó duine teagmhála nó ionadaí dlíthiúil eagraíochta a chuireann iarratas isteach nó a ghlacann páirt i dtionscadal atá faoi bhainistiú Ghníomhaireachtaí Náisiúnta na Tuirce, na Seirbia, na Macadóine Thuaidh
  • is tú duine teagmhála nó ionadaí dlíthiúil eagraíocht a chuir iarratas isteach go mícheart chuig Gníomhaireacht Náisiúnta i mBallstáit AE/LEE, nuair ba cheart é a bheith curtha faoi bhráid na Gníomhaireachta Náisiúnta sa Tuirc, sa tSeirbia agus sa Mhacadóin Thuaidh; sa chás sin, déantar an t-iarratas (do shonraí pearsanta san áireamh) a atreorú chuig na Gníomhaireachtaí Náisiúnta sin
  • is tú duine teagmhála nó ionadaí dlíthiúil eagraíocht ón Tuirc, ón tSeirbia nó ón Mhacadóin Thuaidh a chuireann iarratas isteach nó a ghlacann páirt i dtionscadal KA2 atá faoi bhainistiú Gníomhaireacht Náisiúnta san AE/LEE
  • is ball foirne thú de chuid Erasmus+ nó Ghníomhaireacht Náisiúnta an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh
  • is tú duine teagmhála nó ionadaí dlíthiúil eagraíocht is iarratasóir, ar eagraíocht í a thug rochtain ar an iarratas do dhuine údaraithe ó thríú tír

Tugtar rochtain ar do shonraí pearsanta do na heagraíochtaí seo a leanas ón tríú tír:

  • baill foirne údaraithe Ghníomhaireachtaí Náisiúnta na Tuirce, na Seirbia agus na Macadóine Thuaidh (más tú duine teagmhála nó úsáideoir údaraithe eagraíochta cláraithe nó más tú duine teagmhála nó ionadaí dlíthiúil eagraíocht a chuireann iarratas isteach nó a ghlacann páirt i dtionscadal atá faoi bhainistiú na nGníomhaireachtaí Náisiúnta sin; is tú duine teagmhála nó ionadaí dlíthiúil eagraíocht a chuir iarratas isteach go mícheart chuig Gníomhaireacht Náisiúnta sa Tuirc, sa tSeirbia agus sa Mhacadóin Thuaidh, nuair ba cheart é a bheith curtha faoi bhráid na Gníomhaireachta Náisiúnta i mBallstáit AE/LEE; is tú duine teagmhála nó ionadaí dlíthiúil eagraíocht ón Tuirc, ón tSeirbia nó ón Mhacadóin Thuaidh a chuireann iarratas isteach nó a ghlacann páirt i dtionscadal KA2 faoi bhainistiú Gníomhaireacht Náisiúnta san AE/LEE; is ball foirne de chuid na Gníomhaireachta Náisiúnta thú).
  • duine údaraithe ó eagraíocht tríú tír (más tú duine teagmhála nó ionadaí dlíthiúil eagraíochta is iarratasóir, ar eagraíocht í a thug rochtain ar an iarratas do dhuine údaraithe ó thríú tír)

Sa chás sin, beidh leibhéal cosanta do shonraí pearsanta ag brath ar dhlí nó ar chleachtas an tríú tír sin. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh do chearta maidir le cosaint sonraí coibhéiseach leis na cearta atá agat i dtír AE/LEE nó i dtír a bhfuil cinneadh leordhóthanachta déanta ina leith. 

Ní thabharfar an fhaisnéis a bhailímid d’aon pháirtí eile atá lonnaithe i dtríú tír lasmuigh den AE/LEE, seachas sa mhéid is gá agus chun na críche is gá, má éilítear sin de réir dhlí náisiúnta na tíre atá i gceist.

Cad iad na cearta atá agat agus cén chaoi a bhfeidhmítear iad?

Tá cearta sonracha agat mar ‘ábhar sonraí’ faoi Chaibidil III (Airteagail 14-25) de Rialachán (AE) 2018/1725, go háirithe an ceart chun do shonraí pearsanta a rochtain agus a cheartú agus an ceart chun srian a chur ar phróiseáil do shonraí pearsanta.

Tá sé de cheart agat agóid a dhéanamh i gcoinne phróiseáil do shonraí pearsanta agus i gcás ina n-éireoidh le d'agóid beidh tú i dteideal scriosadh do shonraí pearsanta a ordú.

Is féidir leat do chearta a fheidhmiú ach teagmháil a dhéanamh leis an Rialaitheoir sonraí, nó, i gcás easaontais, le hOifigeach Cosanta Sonraí an Choimisiúin Eorpaigh. Más gá, is féidir leat dul i dteagmháil leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freisin. Tá a gcuid sonraí teagmhála le fáil faoi Cheannteideal 9 thíos.

I gcás inar mian leat do chearta a fheidhmiú i gcomhthéacs oibríochta próiseála ar leith amháin nó níos mó, déan cur síos orthu (i.e. a dtagairtí Taifid mar atá sonraithe faoi Cheannteideal 10 [Tuilleadh eolais] thíos) i d'iarratas.

Sonraí teagmhála

An Rialaitheoir Sonraí

An Ard-Stiúrthóireacht um Oideachas, an Óige, Spórt agus Cultúr, Aonad B.4 – Comhordú Erasmus+.

Más mian leat do chearta a fheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2018/1725, nó má tá tuairimí, ceisteanna nó ábhair imní agat maidir le próiseáil do shonraí pearsanta, nó más mian leat gearán a dhéanamh faoi bhailiú agus úsáid do shonraí pearsanta, seol ríomhphost chuig an Rialaitheoir Sonraí ag eu-erasmus-esc-personal-data@ec.europa.eu.

Chomh maith leis sin, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leo seo a leanas:

Oifigeach Cosanta Sonraí an Choimisiúin

Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Cosanta Sonraí (DATA-PROTECTION-OFFICER@ec.europa.eu) maidir le ceisteanna a bhaineann le próiseáil do shonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2018/1725.

An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS)

Tá an ceart agat dul ar iontaoibh an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí (i.e. gearán a dhéanamh leis) má mheasann tú gur sáraíodh do chearta faoi Rialachán (AE) 2018/1725 mar thoradh ar phróiseáil do shonraí pearsanta ag an Rialaitheoir Sonraí.

Cá háit a bhfuil eolas mionsonraithe le fáil?

Foilsíonn an tOifigeach Cosanta Sonraí clár na n-oibríochtaí próiseála go léir ar shonraí pearsanta atá déanta ag an gCoimisiún, oibríochtaí atá doiciméadaithe agus curtha in iúl dó. Tá an t-eolas sin le fáil trí Chlár an Oifigigh Cosanta Sonraí

Tá an oibríocht phróiseála shonrach sin curtha le clár poiblí an Oifigigh Cosanta Sonraí agus an tagairt taifid seo a leanas ag gabháil léi: DPR-EC-01069.

Tá tuilleadh eolais faoi phróiseáil sonraí pearsanta in Erasmus+ agus sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach le fáil ar an leathanach maidir le Erasmus+ agus cosanta sonraí.