Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport
Search the guide

Creidiúnú Erasmus i réimsí an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna, an oideachais scoile agus an oideachais aosaigh

Is éard atá i gceist le creidiúnú Erasmus ná uirlis le haghaidh eagraíochtaí sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint, san oideachas scoile agus san oideachas aosach ar mian leo dul i mbun malartú agus comhar trasteorann. Má dhámhtar creidiúnú Erasmus deimhnítear leis sin go bhfuil plean curtha ar bun ag an iarratasóir chun gníomhaíochtaí soghluaisteachta ardcháilíochta a chur chun feidhme mar chuid d’iarracht leathan chun a n‑eagraíocht a fhorbairt. Tugtar Plean Erasmus ar an bplean sin agus is cuid lárnach den iarratas ar chreidiúnú Erasmus é.

Is féidir le hiarratasóirí iarratas a dhéanamh ar chreidiúnú Erasmus aonair le haghaidh a n‑eagraíochta, nó ar chreidiúnú Erasmus do chomhordaitheoirí cuibhreannais soghluaisteachta, mar a mhínítear thíos. Ní gá taithí a fháil sa chlár roimh ré chun iarratas a dhéanamh.

Féadfar lipéad feabhais a dhámhachtain ar eagraíochtaí ag a bhfuil creidiúnú Erasmus cheana chun an obair a rinne siad cheana agus a ndúthracht i leith na cáilíochta a aithint.

Conas teacht ar dheiseanna soghluaisteachta le crediúnú Erasmus?

Gheobhaidh iarratasóirí rathúla ar chreidiúnú Erasmus rochtain shimplithe ar dheiseanna maoinithe Phríomhghníomhaíocht 1 i bhfoirm tionscadail soghluaisteachta chreidiúnaithe a chuirtear i láthair sa Treoir seo.

Cuspóirí na gníomhaíochta

I ngach ceann de na trí réimse:

An éirim Eorpach maidir leis an teagasc agus leis an bhfoghlaim a neartú tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • luachanna an chuimsithe agus na héagsúlachta, na caoinfhulaingthe, agus na rannpháirtíochta daonlathaí a chur chun cinn
  • eolas faoi oidhreacht agus éagsúlacht chomhroinnte na hEorpa a chur chun cinn
  • tacú le forbairt líonraí gairmiúla ar fud na hEorpa

I réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna:

Rannchuidiú le cur chun feidhme an Mholta ón gComhairle maidir le gairmoideachas agus gairmoiliúint agus Dhearbhú Osnabrück1  agus leis an gClár Oibre Eorpach do Scileanna2 , agus le cruthú an Limistéir Eorpaigh Oideachais tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • cáilíocht an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna tosaigh agus leanúnaí (IVET agus CVET) a mhéadú
  • príomhinniúlachtaí agus scileanna trasnaí a neartú, go háirithe foghlaim teangacha agus scileanna digiteacha
  • tacú le forbairt scileanna a bhaineann go sonrach le post agus a bhfuil gá leo sa mhargadh saothair atá ann agus a bheidh ann amach anseo
  • dea‑chleachtais a chomhroinnt agus úsáid modhanna agus teicneolaíochtaí nua, nuálacha agus oideolaíocha a chur chun cinn, agus tacú le forbairt ghairmiúil múinteoirí, oiliúnóirí, meantóirí agus ball foirne eile sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint 
  • acmhainneacht soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna a fhothú chun tionscadail soghluaisteachta ardcháilíochta a chur i gcrích, agus cur lena gcumas comhpháirtíochtaí ardcháilíochta a dhéanamh agus forbairt á déanamh ar a straitéis um idirnáisiúnú
  • féachaint chuige go mbeidh an tsoghluaisteacht ina féidearthacht réalaíoch d’aon fhoghlaimeoir sa ghairmoideachas agus gairmoiliúint tosaigh agus sa ghairmoideachas agus gairmoiliúint leanúnach, agus an meánfhad soghluaisteachta d’fhoghlaimeoirí sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint a mhéadú chun cáilíocht agus tionchar na soghluaisteachta a mhéadú
  • cáilíocht, trédhearcacht agus aithint thorthaí foghlama na dtréimhsí soghluaisteachta ar an gcoigríoch a chothú, go háirithe trí uirlisí agus ionstraimí Eorpacha a úsáid chun na críche sin

I réimse an oideachais scoile

Cáilíocht an teagaisc agus na foghlama san oideachas scoile a mhéadú tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • tacú le forbairt ghairmiúil múinteoirí, ceannairí scoile agus ball foirne scoile eile
  • úsáid teicneolaíochtaí nua agus modhanna teagaisc nuálacha a chur chun cinn
  • feabhas a chur ar fhoghlaim teanga agus ar an éagsúlacht teanga i scoileanna
  • tacú le comhroinnt agus aistriú dea‑chleachtas i bhforbairt teagaisc agus scoile

Rannchuidiú le Limistéar Eorpach Oideachais a chruthú tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • acmhainneacht scoileanna a fhothú chun dul i mbun malartuithe trasteorann agus comhar trasteorann, agus tionscadail soghluaisteachta ardcháilíochta a chur i gcrích
  • féachaint chuige go mbeidh an tsoghluaisteacht foghlama ina féidearthacht réalaíoch d’aon dalta san oideachas scoile
  • aitheantas ar thorthaí foghlama daltaí agus ball foirne i dtréimhsí soghluaisteachta ar an gcoigríoch a chothú

I réimse an oideachais aosaigh: 

Rannchuidiú le Limistéar Eorpach Oideachais a chruthú agus leis an gClár Oibre Eorpach do Scileanna tríd an méid seo a leanas a dhéanamh3 :

  • cáilíocht an oideachais aosaigh fhoirmiúil, neamhfhoirmiúil agus sheachfhoirmiúil a mhéadú
  • feabhas a chur ar cháilíocht an oideachais aosaigh a trí ghairmiúlú na mball foirne agus fothú acmhainneachta soláthraithe oideachais aosaigh chun cláir foghlama ardcháilíochta a chur chun feidhme
  • cáilíocht an teagaisc agus na foghlama a mhéadú i ngach foirm den oideachas aosach, agus féachaint chuige go mbeidh an méid sin ábhartha i leith riachtanais na sochaí i gcoitinne
  • feabhas a chur ar sholáthar an oideachais aosaigh le haghaidh príomhinniúlachtaí mar a shainmhínítear i gcreat an Aontais (2018), lena n‑áirítear scileanna bunúsacha (an litearthacht, an uimhearthacht, scileanna digiteacha) agus scileanna saoil eile  
  • acmhainneacht soláthraithe oideachais aosaigh agus eagraíochtaí eile a fhothú ag a bhfuil ról i réimse an oideachais aosaigh chun tionscadail soghluaisteachta ardcháilíochta a chur i gcrích
  • rannpháirtíocht daoine fásta de gach aois agus cúlra socheacnamaíoch san oideachas aosach a mhéadú, go háirithe trí rannpháirtíocht eagraíochtaí atá ag obair le foghlaimeoirí faoi mhíbhuntáiste, soláthraithe beaga oideachais aosaigh, nuatheachtaithe chuig an gclár, agus eagraíochtaí ag a bhfuil níos lú taithí, chomh maith le heagraíochtaí pobalbhunaithe an ghnáthphobail a chothú

Critéir incháilitheachta

Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?

I réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna:

  1. Eagraíochtaí a sholáthraíonn an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint tosaigh nó leanúnach4
  2. Údaráis phoiblí áitiúla agus réigiúnacha, comhlachtaí comhordúcháin agus eagraíochtaí eile ag a bhfuil ról i réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna
  3. Cuideachtaí agus eagraíochtaí poiblí nó príobháideacha eile a óstálann foghlaimeoirí agus printísigh sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint, a chuireann oiliúint orthu agus a oibríonn leo

I réimse an oideachais scoile:

  1. Scoileanna a sholáthraíonn an t‑oideachas ginearálta ar an leibhéal réamh‑bhunscoile, bunscoile nó meánscoile5
  2. Údaráis phoiblí áitiúla agus réigiúnacha, comhlachtaí comhordúcháin agus eagraíochtaí eile ag a bhfuil ról i réimse an oideachais scoile

I réimse an oideachais aosaigh:

  1. Eagraíochtaí a sholáthraíonn an t‑oideachas aosach foirmiúil, neamhfhoirmiúil agus seachfhoirmiúil6
  2. Údaráis phoiblí áitiúla agus réigiúnacha, comhlachtaí comhordúcháin agus eagraíochtaí eile ag a bhfuil ról i réimse an oideachais aosaigh

Sainmhínithe agus prionsabail infheidhme i ngach ceann de na trí réimse

Cinnfear incháilitheacht na n‑eagraíochtaí faoi chritéar (1) bunaithe ar na cláir oideachais agus ar na gníomhaíochtaí oideachais atá á soláthar acu. Féadfaidh eagraíocht a bheith incháilithe i mbreis agus réimse amháin má bhíonn cláir oideachais agus gníomhaíochtaí oideachais dhifriúla á soláthar aici.

Saineoidh an tÚdarás Náisiúnta inniúil i ngach tír an méid seo a leanas:

  • na cláir oideachais agus na gníomhaíochtaí oideachais lena gcumasaítear d’eagraíochtaí a bheith incháilithe faoi chritéar (1), agus
  • na heagraíochtaí atá incháilithe faoi chritéar (2).

Foilseofar na sainmhínithe infheidhme agus samplaí d’eagraíochtaí incháilithe ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta Náisiúnta freagraí.

Tíortha incháilithe

Ní mór d’iarratasóirí a bheith bunaithe i mBallstát den Aontas nó i dtríú tír ach atá comhlachaithe leis an gClár.

Cén áit ar féidir iarratas a chur isteach?

Ní mór iarratais a chur faoi bhráid Ghníomhaireacht Náisiúnta na tíre ina bhfuil an eagraíocht is iarratasóir bunaithe.

Sprioc‑am chun iarratas a chur isteach

An 1 Deireadh Fómhair ar 12:00:00 (meán lae am na Bruiséile)

Caighdeáin cháilíochta Erasmus

Ní mór d’iarratasóirí ar chreidiúnú Erasmus suibscríobh do chaighdeáin cháilíochta Erasmus mar atá ar shuíomh gréasáin Europa: https://erasmus-plus.ec.europa.eu/document/erasmus-quality-standards-mobility-projects-vet‑adults-schools

Féadfar caighdeáin cháilíochta Erasmus a thabhairt cothrom le dáta le linn thréimhse bhailíochta an chreidiúnúcháin. Sa chás sin, iarrfar ar na heagraíochtaí creidiúnaithe toiliú leis sin sular féidir leo iarratas a dhéanamh ar an gcéad deontas eile.

An líon iarratas

Is féidir le heagraíocht iarratas a dhéanamh uair amháin i ngach ceann de na trí réimse a chumhdaítear leis an nglao sin: an t‑oideachas aosach, an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint, agus an t‑oideachas scoile. Ní mór d’eagraíochtaí a dhéanann iarratas ar bhreis agus réimse amháin iarratais ar leithligh a chur isteach.

Ní féidir le heagraíochtaí ag a bhfuil creidiúnú Erasmus cheana iarratas a dhéanamh ar chreidiúnú nua sa réimse céanna.

Cineálacha iarratas

Is féidir le hiarratasóirí iarratas a dhéanamh mar eagraíocht aonair nó mar chomhordaitheoir cuibhreannais soghluaisteachta. Ní féidir iarratas a dhéanamh ar an dá chineál creidiúnúcháin sa réimse céanna.

Creidiúnú Erasmus do chomhordaitheoirí cuibhreannais soghluaisteachta

Is éard is cuibhreannas soghluaisteachta ann grúpa eagraíochtaí ón tír chéanna ag a bhfuil gníomhaíochtaí soghluaisteachta á gcur chun feidhme mar chuid de Phlean Erasmus comhpháirteach. Tá gach cuibhreannas soghluaisteachta comhordaithe ag ceanneagraíocht amháin: comhordaitheoir cuibhreannais soghluaisteachta nach mór a bheith creidiúnaithe le creidiúnú Erasmus.

Féadfaidh na comhordaitheoirí cuibhreannais soghluaisteachta féin gníomhaíochtaí a eagrú (mar an gcéanna le haon eagraíocht ag a bhfuil creidiúnú aonair), agus ina theannta sin is féidir leo deiseanna soghluaisteachta a sholáthar d’eagraíochtaí eile is comhaltaí ina gcuibhreannas. Níl gá le creidiúnú Erasmus do chomhaltaí cuibhreannais.

Ceanglófar ar iarratasóirí ar chomhordaitheoirí cuibhreannais soghluaisteachta tuairisc a thabhairt ar chuspóir agus comhdhéanamh pleanáilte a gcuibhreannais san iarratas. Ní mór gach eagraíocht phleanáilte is comhalta den chuibhreannas a bheith ón mBallstát céanna den Aontas nó ón tír chéanna nach bhfuil san Aontas ach atá comhlachaithe leis an gClár leis an gcomhordaitheoir cuibhreannais soghluaisteachta. Mar sin féin, níl gá le liosta beacht de chomhaltaí cuibhreannais ag an gcéim seo.

Chun na critéir incháilitheachta atá i bhfeidhm maidir le baill cuibhreannais agus sonraí breise a fháil, féach an roinn maidir le tionscadail soghluaisteachta chreidiúnaithe.

Eagraíochtaí tacaíochta

Is éard atá in eagraíocht tacaíochta eagraíocht a chuidíonn le heagraíocht chreidiúnaithe i ngnéithe praiticiúla de thionscadal a chur chun feidhme, gnéithe nach mbaineann le cúraimí lárnacha tionscadail mar a shainmhínítear i gcaighdeáin cháilíochta Erasmus.

Féadfaidh aon eagraíocht atá gníomhach i réimse an oideachais agus na hoiliúna a bheith ina heagraíocht tacaíochta. Ní mór ról agus oibleagáidí na n‑eagraíochtaí tacaíochta a bheith sainithe go foirmiúil eatarthu féin agus an eagraíocht chreidiúnaithe. Gníomhaíonn an eagraíocht tacaíochta faoi mhaoirseacht na heagraíochta creidiúnaithe, agus fanann an eagraíocht tairbhí freagrach as torthaí agus cáilíocht na ngníomhaíochtaí a cuireadh chun feidhme. Ní mór do na rannchuidithe uile de chuid eagraíochtaí tacaíochta a bheith i gcomhréir le caighdeáin cháilíochta Erasmus.

I gcuibhreannas soghluaisteachta, déanfar eagraíochtaí atá ina mbaill den chuibhreannas a mheas mar eagraíochtaí tacaíochta má ghlacann siad, ar bhonn córasach, cúraimí atá nasctha le gníomhaíochtaí soghluaisteachta le haghaidh rannpháirtithe a oibríonn le nó a chláraigh in eagraíochtaí eile atá ina mbaill den chuibhreannas.

Meastar nach eagraíochtaí tacaíochta iad na hósteagraíochtaí a chuireann ábhar foghlama agus meantóireacht ar fáil do rannpháirtithe na n‑eagraíochtaí is tairbhithe, mura bhfuil siad ag tabhairt tacaíochta an tráth céanna don tairbhí i gcúraimí bainistíochta tionscadail eile a dhéanann an eagraíocht seolta de ghnáth.

Critéir roghnúcháin

Ní mór d’iarratasóirí acmhainneacht oibríochtúil agus ghairmiúil leordhóthanach a bheith acu chun an Plean Erasmus a mholtar a chur chun feidhme, lena n‑áirítear ar a laghad dhá bhliain de thaithí ábhartha a bheith acu i réimse an iarratais agus, i gcás comhordaitheoir cuibhreannais soghluaisteachta, acmhainneacht iomchuí chun an cuibhreannas a chomhordú.

Léigh Cuid C den Treoir seo chun breis eolais a fháil faoi na critéir ghinearálta maidir le hacmhainneacht oibríochtúil agus faoi na ceanglais shonracha sin d’iarratasóirí creidiúnúcháin.

Critéir eisiaimh

Ní mór d’iarratasóirí dearbhú sínithe ar a n‑onóir a chur isteach á rá nach mbaineann aon cheann de na staideanna dá dtagraítear sna critéir eisiaimh a liostaítear i gCuid C den Treoir seo leo, go bhfuil inneachar bunaidh scríofa ag an iarratasóir sa Phlean Erasmus a cuireadh isteach, agus nár íocadh aon eagraíocht ná duine aonair seachtrach eile as an iarratas a dhréachtú.

An tráth céanna, ceadaítear agus moltar do na hiarratasóirí comhairle beartais a iarraidh ó údaráis oideachais agus ó shaineolaithe oideachais ábhartha, nó dea‑chleachtais a mhalartú le heagraíochtaí atá comhchosúil leo sin ag a bhfuil níos mó taithí in Erasmus+. Féadfaidh iarratasóirí ar chomhordaitheoir cuibhreannais soghluaisteachta dul i gcomhairle le comhaltaí cuibhreannais féideartha agus a n‑iarratas á dhréachtú acu. Féadfaidh doiciméid straitéiseacha atá ábhartha dá bPlean Erasmus a bheith ina dtaca le hiarratas iarratasóirí, amhail straitéis um idirnáisiúnú nó straitéis arna forbairt ag a gcomhlachtaí maoirseachta nó comhordúcháin.

Critéir dhámhachtana

Déanfar meastóireacht ar iarratais ar leithligh le haghaidh an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna, an oideachais scoile agus an oideachais aosaigh. Déanfar measúnú ar cháilíocht na n‑iarratas trí phointí as 100 ar an iomlán a shannadh, bunaithe ar na critéir agus na hualuithe thíos.

Le bheith curtha san áireamh le haghaidh dámhachtana, ní mór na tairseacha seo a leanas a bhaint amach leis na hiarratais:

  • Ar a laghad 70 pointe as 100 pointe ar an iomlán, agus
  • Ar a laghad leath na bpointí scóir uasta i ngach ceann de na ceithre chatagóir le haghaidh critéir dhámhachtana

Ábharthacht - (scór uasta: 10 phointe)

A mhéid atá an méid seo a leanas amhlaidh:

  • tá próifíl, taithí agus gníomhaíochtaí an iarratasóra chomh maith le spriocphobal na bhfoghlaimeoirí ábhartha do réimse an iarratais, do chuspóirí chreidiúnuithe Erasmus, agus don chineál iarratais (eagraíocht aonair nó comhordaitheoir cuibhreannais)
  • tá an togra ábhartha chun comhluachanna an Aontais a urramú agus a chur chun cinn, cuir i gcás meas ar dhínit an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas, smacht reatha agus meas ar chearta an duine, chomh maith le troid in aghaidh aon sórt idirdhealaithe.
  • ina theannta sin, maidir le heagraíochtaí a dhéanann iarratas chun bheith ina gcomhordaitheoirí cuibhreannais creidiúnaithe:
    • tá próifíl chomhaltaí an chuibhreannais phleanáilte ábhartha i leith chríoch agus chuspóirí an chuibhreannais, mar a sainítear san iarratas, le haghaidh réimse an iarratais agus chuspóirí chreidiúnuithe Erasmus
    • le cruthú an chuibhreannais tugtar breisluach soiléir dá gcomhaltaí ó thaobh chuspóirí chreidiúnuithe Erasmus

Plean Erasmus: Cuspóirí - (scór uasta: 40 phointe)

A mhéid atá an méid seo a leanas amhlaidh:

  • tá an Plean Erasmus a mholtar i gcomhréir le cuspóirí chreidiúnaithe Erasmus
  • i gcuspóirí an Phlean Erasmus a mholtar tugtar aghaidh ar riachtanais an iarratasóra, ar riachtanais a ball foirne agus ar riachtanais na bhfoghlaimeoirí agus déantar amhlaidh ar bhealach atá soiléir agus coincréiteach
    • do chomhordaitheoirí cuibhreannais, tá feidhm leis na critéir sin maidir leis an gcuibhreannas pleanáilte ina iomláine agus éilítear go mbeidh cuspóirí Phlean Erasmus comhtháite le cuspóir an chuibhreannais mar a shainítear san iarratas.
  • tá cuspóirí an Phlean Erasmus a mholtar agus a n‑uainiú réalaíoch agus sách uaillmhianach chun tionchar dearfach a imirt ar an eagraíocht (nó ar an gcuibhreannas).
  • tá na bearta a mholtar chun dul chun cinn chuspóirí Phlean Erasmus a rianú, agus meastóireacht a dhéanamh orthu, iomchuí agus coincréiteach
  • má chuireann an t‑iarratasóir doiciméid straitéiseacha i gceangal leis an iarratas: tá míniú soiléir ar an nasc idir an Plean Erasmus a mholtar agus na doiciméid a áirítear

Plean Erasmus: Gníomhaíochtaí - (scór uasta: 20 phointe)

A mhéid atá an méid seo a leanas amhlaidh:

  • tá an líon beartaithe rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí soghluaisteachta i gcomhréir le méid agus taithí na heagraíochta is iarratasóir
    • maidir le comhordaitheoirí cuibhreannais, cuirfear méid pleanáilte an chuibhreannais san áireamh
  • tá an líon beartaithe rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí soghluaisteachta réalaíoch agus iomchuí le haghaidh na gcuspóirí a leagtar amach sa Phlean Erasmus
  • tá próifílí na rannpháirtithe pleanáilte ábhartha i leith réimse an iarratais, an Phlean Erasmus a mholtar, agus chuspóirí chreidiúnuithe Erasmus
  • i gcás inarb ábhartha agus má tá sé pleanáilte ag an iarratasóir gníomhaíochtaí soghluaisteachta a eagrú le haghaidh foghlaimeoirí: rannpháirtíocht rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu

Plean Erasmus: Bainistíocht - (scór uasta: 30 phointe)

A mhéid atá an méid seo a leanas amhlaidh:

  • tá bealaí nithiúla molta ag an iarratasóir chun rannchuidiú le bunphrionsabail chreidiúnú Erasmus ar a bhfuil tuairisc i gcaighdeáin cháilíochta Erasmus
  • tá leithdháileadh soiléir agus iomlán cúraimí molta ag an iarratasóir i gcomhréir le caighdeáin cháilíochta Erasmus
  • tá acmhainní iomchuí leithdháilte ag an iarratasóir chun gníomhaíochtaí an chláir a bhainistiú i gcomhréir le caighdeáin cháilíochta Erasmus
  • tá rannpháirtíocht iomchuí ann ar leibhéal bainistíochta na heagraíochta
  • sainíodh bearta iomchuí chun leanúnachas ghníomhaíochtaí an chláir a chinntiú i gcás athruithe i mbaill foirne nó bainistíocht na heagraíochta is iarratasóir 
  • tá bearta nithiúla agus loighciúla molta ag an iarratasóir chun torthaí na ngníomhaíochtaí soghluaisteachta a lánpháirtiú in obair thráthrialta na heagraíochta
    • do chomhordaitheoirí cuibhreannais, tá feidhm leis na critéir sin maidir leis an gcuibhreannas pleanáilte ina iomláine

An líon uasta creidiúnuithe Erasmus a dhámhtar

I dtíortha ina bhfuil an‑suim léirithe i gcreidiúnuithe Erasmus, féadfaidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta líon uasta creidiúnuithe a shocrú lena dhámhachtain. Déanfar an cinneadh ar leithligh le haghaidh gach ceann de na trí réimse agus foilseofar ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta Náisiúnta é i dteannta an Ghlao seo.

Mura socraíonn an Ghníomhaireacht Náisiúnta líon uasta creidiúnuithe formheasta le haghaidh réimse ar leith, gach iarratasóir a chomhlíonann na critéir íosta a shocraítear sa Ghlao seo, bronnfar creidiúnú orthu.

Má shocraíonn an Ghníomhaireacht Náisiúnta líon uasta creidiúnuithe formheasta le haghaidh réimse ar leith, bunófar liosta rangaithe d’iarratais lena gcomhlíontar na critéir íosta. Déanfar iarratais a dhámhachtain ag tosú ón iarratas scórála is airde go dtí go mbainfear amach an líon uasta creidiúnuithe a dhámhtar. Maidir le breis agus iarratas amháin, i gcás ina mbeidh an líon céanna pointí acu leis an gceann deiridh atá le dámhachtain, déanfar an líon uasta creidiúnuithe a dhámhtar a mhéadú chun gach iarratas ag a bhfuil an líon pointí sin a áireamh.

Bailíocht

Tosóidh bailíocht chreidiúnuithe Erasmus a dhámhtar faoin nglao ar thograí seo ar an 1 Feabhra 2024 agus leanfaidh sé a bheith bailí feadh na clárthréimhse go dtí 2027. Chun pleanáil réalaíoch a chinntiú, leis an bPlean Erasmus a chuirfear isteach, cumhdófar tréimhse is giorra ná 2 bhliain go 5 bliana, agus tabharfar cothrom le dáta é go tréimhsiúil.

I gcás ina n‑éilítear creidiúnú Erasmus le haghaidh rannpháirtíocht in aon ghníomhaíocht tar éis dheireadh na clárthréimhse 2021‑2027, féadfaidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta bailíocht an chreidiúnaithe a fhadú faoi choinníollacha arna sainiú ag an gCoimisiún Eorpach. I bhfianaise na féidearthachta sin, féadfaidh na hiarratasóirí Pleananna Erasmus a shíneann níos faide ná 2027 a chur isteach.

Féadfar an creidiúnú a fhoirceannadh aon tráth i gcás ina scoireann an eagraíocht de bheith ann nó le comhaontú na Gníomhaireachta Náisiúnta agus na heagraíochta creidiúnaithe. Féadfaidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta an creidiúnú a fhoirceannadh go haontaobhach faoi na coinníollacha ar a dtugtar tuairisc faoi ‘Tuairisciú, monatóireacht agus dearbhú cáilíochta’.  Ní fhéadfar an creidiúnú atá ag an eagraíocht chreidiúnaithe a fhoirceannadh go haontaobhach ach amháin murar úsáideadh an creidiúnú le linn 3 bliana as a chéile ar a laghad chun iarratais a chur isteach le haghaidh tionscadail soghluaisteachta chreidiúnaithe.

Neamh-inaistritheacht

Ní féidir creidiúnú Erasmus a aistriú idir eagraíochtaí. Mar eisceacht, i gcás athruithe struchtúracha ar eagraíocht chreidiúnaithe (mar shampla, roinnt, cumasc, athrú ar eintiteas dlítheanach, reacht nó úinéireacht), féadfaidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta an creidiúnú a aistriú chuig eagraíocht chomharba amháin bunaithe ar iarraidh réasúnaithe.

Tuairisciú, monatóireacht agus dearbhú cáilíochta

Tuarascálacha deiridh i ndeireadh gach comhaontaithe deontais

I ndeireadh gach comhaontaithe deiridh arna fhormheas faoi chreidiúnú Erasmus, cuirfidh an eagraíocht chreidiúnaithe tuarascáil deiridh faoi na gníomhaíochtaí agus na spriocanna a soláthraíodh isteach, mar a shonraítear sa chomhaontú deontais is infheidhme.

Tuarascálacha creidiúnúcháin

Bunaithe ar inneachar an Phlean Erasmus fhormheasta, agus ar a laghad uair amháin i rith tréimhse 5 bliana, ceanglófar ar eagraíochtaí creidiúnaithe an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • tuairisciú ar conas a d’áirithigh siad go n‑urramófar caighdeáin cháilíochta Erasmus
  • tuairisciú ar dhul chun cinn a gcuspóirí maidir lena bPlean Erasmus
  • a bPlean Erasmus a thabhairt cothrom le dáta

Féadfaidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta cinneadh a dhéanamh na gnéithe éagsúla a liostaítear thuas a iarraidh an tráth céanna, nó ar leithligh.

Féadfaidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta cinneadh cuairt monatóireachta struchtúrtha a chur in ionad aon tuarascáil chreidiúnúcháin.

Bunaithe ar fheidhmíocht na heagraíochta creidiúnaithe de réir thorthaí tuairiscithe, monatóireachta agus seiceálacha dearbhaithe cáilíochta, nó de bharr athruithe suntasacha san eagraíocht, féadfaidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta líon agus sceideal na dtuarascálacha ar dhul chun cinn a athrú.

Ina theannta sin, féadfaidh eagraíochtaí creidiúnaithe iarraidh go deonach a bPlean Erasmus a thabhairt cothrom le dáta. Bunaithe ar réasúnaíocht na heagraíochta, cinnfidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta an bhfuil údar lena thabhairt cothrom le dáta. Má thugtar Plean Erasmus cothrom le dáta, is féidir go n‑áireofar iarraidh ann chun athrú ó chreidiúnú eagraíochta aonair chuig creidiúnú do chomhordaitheoir cuibhreannais soghluaisteachta, nó a mhalairt.

Faireachán agus seiceálacha

Féadfaidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta seiceálacha foirmiúla, cuairteanna monatóireachta nó gníomhaíochtaí eile a eagrú chun dul chun cinn agus feidhmíocht eagraíochtaí creidiúnuithe a rianú, a chinntiú go n‑urramófar na caighdeáin cháilíochta chomhaontaithe, agus tacaíocht a sholáthar.

Féadfaidh seiceálacha foirmiúla a bheith i bhfoirm seiceálacha deisce nó cuairteanna a thabhairt ar an eagraíocht chreidiúnaithe, ar chomhaltaí cuibhreannais, ar eagraíochtaí tacaíochta, agus ar aon áitreabh eile ina reáchtáiltear gníomhaíochtaí ábhartha. Féadfaidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta cúnamh a iarraidh ó Ghníomhaireachtaí Náisiúnta i dtíortha eile chun gníomhaíochtaí a reáchtáiltear iontu a sheiceáil agus monatóireacht a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí sin.

I ndiaidh tuarascáil nó gníomhaíocht monatóireachta, soláthróidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta aiseolas don eagraíocht chreidiúnaithe. Ina theannta sin féadfaidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta treoracha éigeantacha nó comhairleacha a sholáthar don eagraíocht chreidiúnaithe faoi conas a feidhmíocht a fheabhsú.

I gcás iarratasóirí nuachreidiúnaithe nó eagraíochtaí ardriosca, nó i gcás mainneachtain treoracha agus sprioc-amanna na Gníomhaireachta a chomhlíonadh, feidhmíocht an‑íseal de réir tuairisciú, monatóireacht agus seiceálacha dearbhaithe cáilíochta, nó sáruithe ar rialacha an Chláir (lena n‑áirítear i ngníomhaíocht eile), féadfaidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta na bearta feabhais seo a leanas a dhéanamh:

  • Barúil: féadfaidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta teorainn a chur leis an leibhéal maoiniúcháin ar ar féidir an eagraíocht chreidiúnaithe iarratas a dhéanamh i ngníomhaíochtaí ina n‑éilítear creidiúnú Erasmus.

Féadfar eagraíochtaí nuachreidiúnaithe a chur faoi bhreathnú má shainaithnítear riosca cur chun feidhme ísealcháilíochta, nó má chuireann measúnóirí an iarratais laigí tromchúiseacha in iúl sa Phlean Erasmus de chuid an iarratasóra.

  • Fionraí: ní fhéadfaidh eagraíochtaí a chuirtear ar fionraí iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú i ngníomhaíochtaí ina n‑éilítear creidiúnú Erasmus. Féadfaidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta roinnt comhaontuithe deontais leanúnacha nó iad uile arna ndámhachtain faoin gcreidiúnú a chuirtear ar fionraí a fhoirceannadh.
  • Foirceannadh: i gcás ina leantar de bheith ag comhlíonadh threoracha agus sprioc‑amanna na Gníomhaireachta Náisiúnta, i gcás feidhmíocht an‑íseal, nó i gcás sáruithe atriallacha nó suntasacha ar rialacha an Chláir (lena n‑áirítear i ngníomhaíocht eile), féadfaidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta an creidiúnú agus gach comhaontú deontais atá fós ag dul ar aghaidh faoin gcruidiúnú sin a fhoirceannadh.

Leanfar den tréimhse bhreathnóireachta nó fionraíochta go dtí go gcinnfidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta go bhfuil na coinníollacha agus na ceanglais cháilíochta a leagtar amach sa Ghlao seo comhlíonta athuair, agus go dtí go mbeidh aghaidh tugtha athuair ag an eagraíocht chreidiúnaithe ar an riosca ísealfheidhmíochta.

Ní fhéadfaidh eagraíochtaí faoi fhionraí ná faoi bhreathnú iarratas a dhéanamh ar chreidiúnú nua sa réimse céanna.

Aitheantas barr feabhais

Aithneofar na heagraíochtaí creidiúnaithe is feidhmiúla trí lipéid barr feabhais a dhámhachtain.

Mar chuid den Ghlao seo, dámhfar lipéad barr feabhais ar gach eagraíocht incháilithe a bhain amach meánscór 85 phointe ar a laghad sa mheastóireacht ar a dhá thuarascáil chríochnaitheacha deiridh do thionscadail soghluaisteachta chreidiúnaithe (cuirfear tionscadail a cuireadh i gcrích faoi chairt soghluaisteachta VET roimhe seo le linn chlárthréimhse Erasmus+ 2014-2020 san áireamh le haghaidh eagraíochtaí gairmoideachais agus gairmoiliúna a rinneadh a athchreidiúnú tríd an bpróiseas roghnúcháin éadrom faoi ghlao 2020 ar thograí). Ionas go gcuirfear an tuarascáil chríochnaitheach san áireamh, ní mór í a bheith curtha isteach, meastóireacht a bheith déanta uirthi agus í a bheith curtha i gcrích ar a dhéanaí faoin sprioc-am le haghaidh iarratas maidir le creidiúnúcháin Erasmus.

Beidh lipéid feabhais a dhámhtar bailí ar feadh 3 bliana, ag tosú ón 1 Feabhra i mbliain an Ghlao seo.

  • 1 https://www.cedefop.europa.eu/files/osnabrueck_declaration_eu2020.pdf ↩ back
  • 2 https://ec.europa.eu/social/main.jsp?catId=1223&langId=ga ↩ back
  • 3 https://ec.europa.eu/social/main.jsp?catId=1223&langId=ga ↩ back
  • 4 Soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna ag a bhfuil stádas speisialta agus atá faoi mhaoirseacht na n‑údarás náisiúnta i dtír eile, d’fhéadfadh sé go mbeadh orthu iarratas a chur isteach chuig Gníomhaireacht Náisiúnta na tíre maoirseachta. Chun eolas beacht a fháil ar gach cás, déan teagmháil leis an nGníomhaireacht Náisiúnta sa tír óstach nó sa tír ina bhfuil an t‑údarás náisiúnta ábhartha. ↩ back
  • 5 Eagraíochtaí a sholáthraíonn oideachas agus cúram na luath‑óige san áireamh. Eagraíochtaí ag a bhfuil stádas speisialta agus atá faoi mhaoirseacht na n‑údarás áitiúil i dtír eile (mar shampla Lycée français nó scoileanna Gearmánacha), d’fhéadfadh go mbeadh orthu iarratas a chur isteach chuig Gníomhaireacht Náisiúnta na tíre maoirseachta. Chun eolas beacht a fháil ar gach cás, déan teagmháil leis an nGníomhaireacht Náisiúnta sa tír óstach nó sa tír ina bhfuil an t‑údarás náisiúnta ábhartha. ↩ back
  • 6 Gan dochar do shainmhínithe atá bunaithe ag an Údarás Náisiúnta inniúil, tabhair faoi deara go meastar go bhfuil eagraíochtaí a sholáthraíonn an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint d’fhoghlaimeoirí fásta ina soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna go hiondúil seachas ina soláthraithe oideachais aosaigh. Chun breis eolais a fháil, féach na sainmhínithe is infheidhme ar shuíomh gréasáin do Ghníomhaireachta Náisiúnta. ↩ back
Tagged in:  Vocational education and training Adult education School education