Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport
Search the guide

Soghluaisteacht foirne i réimse an spóirt

Is é is aidhm don ghníomhaíocht seo cur le forbairt eagraíochtaí spóirt trí thacaíocht a thabhairt do shoghluaisteacht foghlama a mball foirne.

Ba cheart do na heagraíochtaí rannpháirteacha an cuimsiú agus an éagsúlacht, an inbhuaine comhshaoil, an t‑oideachas digiteach, agus rannpháirtíocht saoránach a chur chun cinn go gníomhach trína ngníomhaíochtaí. Ba cheart dóibh déanamh amhlaidh ag úsáid na ndeiseanna maoiniúcháin sonracha dá bhforáiltear leis an gclár chun na gcríoch sin, trí fheasacht a mhúscailt i measc a rannpháirtithe, trí dhea‑chleachtais a chomhroinnt, agus trí dhearadh iomchuí a roghnú le haghaidh a ngníomhaíochtaí.

Is é is aidhm ghinearálta don ghníomhaíocht seo deis a thabhairt d’fhoireann eagraíochtaí spóirt, a bhaineann le spóirt an phobail go príomha, chun a n‑inniúlachtaí agus a gcáilíochtaí a fheabhsú agus scileanna nua a shealbhú trí shoghluaisteacht foghlama trí thréimhse a chaitheamh ar an gcoigríoch, ag cur le fothú acmhainneachta agus le forbairt eagraíochtaí spóirt, dá réir sin.

Tacaíonn an ghníomhaíocht seo le forbairt ghairmiúil cóitseálaithe agus ball foirne eile (idir bhaill foirne íoctha agus oibrithe deonacha) i spóirt ar an mbunleibhéal. Féadfaidh baill foirne atá páirteach i spóirt nach bhfuil ar an mbunleibhéal, agus iad siúd atá páirteach i ngairmeacha spóirt agus i ngairmeacha nach mbaineann leis an spórt araon, an tionchar foghlama agus an malartú eolais le haghaidh baill foirne agus eagraíochtaí spóirt ar an mbunleibhéal a fheabhsú freisin san áireamh. Féadfar tacú le deiseanna soghluaisteachta foghlama do bhaill foirne i spórt nach bhfuil ar an mbunleibhéal i gcás ina bhféadfadh spórt ar an mbunleibhéal tairbhiú de rannpháirtíocht ball foirne den sórt sin.

Cuireann an Ghníomhaíocht le cuspóirí Phlean Oibre an Aontais Eorpaigh don Spórt 2021-20241 .

Ar bhonn sonrach, tá sé d’aidhm ag tionscadail soghluaisteachta i réimse an spóirt:

  • díriú ar spórt an phobail, agus an ról tábhachtach a bhíonn ag an spórt maidir le cur chun cinn gníomhaíochta fisicí agus stíl mhaireachtála shláintiúil, caidrimh idirphearsanta, cuimsiú sóisialta agus comhionannas á gcur san áireamh;
  • éirim Eorpach an spóirt agus comhar idirnáisiúnta a fhorbairt i réimse na soghluaisteachta foghlama sa spórt;
  • inniúlachtaí eagraíochtaí pobalbhunaithe a fhothú;
  • eolas agus oilteacht na mball foirne spóirt a fheabhsú;
  • luachanna coiteanna na hEorpa a chur chun cinn tríd an spórt, dea‑rialachas agus ionracas sa spórt, forbairt inbhuanaithe, chomh maith le hoideachas, oiliúint agus scileanna sa spórt, agus tríd an spórt, a chur chun cinn.
  • slí mhaireachtála ghníomhach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus saoránacht ghníomhach a chur chun cinn;
  • líonraí Eorpacha de chóitseálaithe agus baill foirne spóirt a bhunú.

Tosaíochtaí cothrománacha

Ba cheart do gach tionscadal soghluaisteachta na gnéithe seo a leanas atá comhchoiteann maidir leis an gclár iomlán Erasmus+ a chomhtháthú:

An Cuimsiú agus an Éagsúlacht

Leis an gClár Erasmus+ féachtar leis an gcomhionannas deiseanna a chur chun cinn ar fud a ghníomhaíochtaí uile agus féachtar leis an rochtain, leis an gcuimsiú, agus leis an gcothroime a chur chun cinn leis sin freisin. Ní mór d’eagraíochtaí a fhaigheann tacaíocht ón gClár a chinntiú go dtairgfidh siad deiseanna soghluaisteachta ar bhealach cuimsitheach agus cothrom do rannpháirtithe ó gach cúlra. Le roghnú na rannpháirtithe ba cheart a chinntiú go mbeidh tairbhí a bhforbartha pearsanta go hiomlán inaistrithe laistigh den eagraíocht seolta.

Le linn gníomhaíochtaí soghluaisteachta a ullmhú, a chur chun feidhme agus obair leantach a dhéanamh orthu, ba cheart do na heagraíochtaí seolta agus ósteagraíochtaí páirt a thabhairt do na rannpháirtithe i bpríomhchinntí chun an oiread tairbhí agus tionchair agus is féidir a chinntiú le haghaidh gach rannpháirtí

Inbhuaine comhshaoil

Le tionscadal ba cheart iompar atá inbhuanaithe agus freagrach ó thaobh an chomhshaoil de a chur chun cinn i measc na rannpháirtithe, agus feasacht á múscailt faoin tábhacht a bhaineann le gníomhú chun lorg comhshaoil gníomhaíochtaí soghluaisteachta a laghdú nó a chúiteamh. Ba cheart é a dhearadh agus a chur chun feidhme agus feasacht á cothú ar an gcomhshaol, mar shampla, trí chleachtais inbhuanaithe a lánpháirtiú amhail ábhair in‑athúsáidte nó éiceabhácha a roghnú, tríd an dramhaíl a laghdú agus tríd an athchúrsáil. Ba cheart na prionsabail sin a léiriú in ullmhú agus cur chun feidhme gach gníomhaíochta de chuid an chláir, go háirithe trí thacaíocht maoiniúcháin shonrach a úsáid, rud a sholáthraítear leis an gclár chun modhanna inbhuanaithe taistil a chur chun cinn.

Aistriú digiteach

Leis an gClár Erasmus+ tacaítear leis na heagraíochtaí rannpháirteacha úsáid uirlisí agus modhanna foghlama digiteacha a ionchorprú chun a ngníomhaíochtaí fisiceacha a chomhlánú, chun feabhas a chur ar an gcomhar idir eagraíochtaí comhpháirteacha, agus chun feabhas a chur ar cháilíocht na ngníomhaíochtaí.

Rannpháirtíocht sa saol daonlathach

Is é is aidhm don chlár cuidiú leis na rannpháirtithe teacht ar na tairbhithe a bhaineann leis an tsaoránacht agus leis an rannpháirtíocht ghníomhach sa saol daonlathach. Ba cheart do ghníomhaíochtaí soghluaisteachta a fhaigheann tacaíocht scileanna rannpháirtíochta a threisiú i réimsí éagsúla den tsochaí shibhialta, agus i bhforbairt inniúlachtaí sóisialta agus idirchultúrtha, na smaointeoireachta criticiúla agus na litearthachta sna meáin. Aon uair is féidir, le tionscadail ba cheart deiseanna a thairiscint do dhaoine a bheith rannpháirteach sa saol daonlathach chomh maith le deiseanna le haghaidh rannpháirtíocht saoránach agus shóisialta trí ghníomhaíochtaí foghlama foirmiúla nó neamhfhoirmiúla. Tuiscint rannpháirtithe ar an Aontas Eorpach agus ar chomhluachanna Eorpacha, agus meas ar phrionsabail dhaonlathacha, dínit an duine, an aontacht agus an éagsúlacht, idirphlé idirchultúrtha, chomh maith le hoidhreacht shóisialta, chultúrtha agus stairiúil Eorpach san áireamh, ba cheart tuiscint na rannpháirtithe ar na gnéithe sin a fheabhsú trí rannpháirtíocht sna soghluaisteachtaí.

Tionscadal a bhunú

Is í an eagraíocht is iarratasóir an príomhghníomhaí i dtionscadal de chuid Phríomhghníomhaíocht 1. Déanann an t‑iarratasóir an t‑iarratas a dhréachtú agus a chur isteach, an comhaontú deontais a shíniú le Ghníomhaireacht Náisiúnta Erasmus+, na gníomhaíochtaí soghluaisteachta a chur chun feidhme, agus tuairiscíonn an t‑iarratasóir sin dá nGníomhaireacht Náisiúnta Erasmus+ freisin. Is gníomhaíochtaí soghluaisteachta amach iad an dá chineál gníomhaíochtaí a dtacaítear leo. Ciallaíonn sin go ngníomhóidh an eagraíocht is iarratasóir mar eagraíocht seolta: déanfaidh sí rannpháirtithe a roghnú agus a sheoladh chuig ósteagraíocht ar an gcoigríoch.

Is féidir breis agus gníomhaíocht amháin a chuimsiú faoi thionscadal. Is féidir gníomhaíochtaí a chomhcheangal, ag brath ar chuspóirí an tionscadail agus riachtanais na heagraíochta rannpháirtí/na n‑eagraíochtaí rannpháirteacha agus na rannpháirtithe féin.

Baineann ceithre chéim le tionscadal: pleanáil, ullmhú, cur chun feidhme agus obair leantach.

  • Pleanáil (riachtanais, cuspóirí, torthaí foghlama agus formáidí na gníomhaíochta a shainiú, an clár oibre a fhorbairt, na gníomhaíochtaí a sceidealú srl.)
  • Ullmhú (socruithe praiticiúla, roghnú na rannpháirtithe, rannpháirtithe a ullmhú ó thaobh foghlaim teanga/idirchultúrtha de agus ó thaobh na gcúraimí de roimh imeacht, cruinnithe ullmhúcháin fhíorúla, srl.);
  • Cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí;
  • Obair leantach (meastóireacht ar na gníomhaíochtaí, torthaí foghlama na rannpháirtithe a shainaithint agus a dhoiciméadú, chomh maith le scaipeadh agus úsáid thorthaí an tionscadail, cruinnithe leantacha fíorúla).

Gníomhaíochtaí

Tacaítear leis na gníomhaíochtaí seo a leanas:

  • Scáthfhoghlaim agus tréimhse bhreathnóireachta (2-14 lá)
  • Tascanna cóitseála nó traenála (15-60 lá)

Is éard atá i gceist le scáthfhoghlaim cás inar féidir le rannpháirtithe tréimhse (2-14 lá) a chaitheamh ag eagraíocht óstála i dtír eile agus is é is cuspóir don scáthfhoghlaim cleachtais nua a fhoghlaim agus smaointe nua a bhailiú trí bhreathnóireacht agus idirphlé le piaraí, cóitseálaithe, oibrithe deonacha nó baill eile foirne ina n‑obair laethúil ag an eagraíocht óstála.

Is éard atá i gceist le tascanna cóitseála nó traenála cás inar féidir le rannpháirtithe tréimhse (15-60 lá), ina gcuireann siad cóitseáil nó traenáil ar fáil, a chaitheamh ag eagraíocht óstála i dtír eile, mar bhealach chun bheith ag foghlaim trína gcúraimí a chur i gcrích agus malartú le piaraí. Cuireann sé le fothú acmhainní eagraíochtaí pobalbhunaithe.

Ní cheadaítear go mbeadh sé de chuspóir ag gníomhaíochtaí brabús a dhéanamh.

I dteannta na soghluaisteachta fisicí, is féidir gach gníomhaíocht soghluaisteachta ball foirne a chumasc le gníomhaíochtaí fíorúla. Tá feidhm leis na faid íosta agus uasta a shonraítear thuas maidir leis an gcomhchuid soghluaisteachta fisicí.

Le haghaidh aon ghníomhaíocht, is féidir tacaíocht bhreise a sholáthar do dhaoine a thionlacann rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu. Is féidir tacú le daoine tionlacain ar feadh fhad iomlán na gníomhaíochta nó ar feadh cuid de sin.

Cuairteanna ullmhúcháin

Is é is aidhm do chuairteanna ullmhúcháin gníomhaíochtaí ardcháilíochta a chinntiú trí shocruithe riaracháin a éascú agus a ullmhú, an t‑iontaobhas agus an tuiscint a chothú agus comhpháirtíocht láidir a chur ar bun idir na heagraíochtaí agus na daoine atá páirteach.

Is féidir le heagraíochtaí cuairt ullmhúcháin chuig a gcomhpháirtí óstach a chur ar bun sula dtugtar faoin tsoghluaisteacht. Ní gníomhaíocht aonair iad cuairteanna ullmhúcháin, ach socrú tacaíochta le haghaidh soghluaisteacht ball foirne. Ní mór réasúnaíocht shoiléir a bheith mar bhonn le gach cuairt ullmhúcháin agus ní mór feabhas a chur ar raon feidhme agus cáilíocht gníomhaíochtaí soghluaisteachta leo sin. Mar shampla, is féidir cuairteanna ullmhúcháin a eagrú chun tosú ar oibriú le heagraíocht chomhpháirtíochta nua, nó chun gníomhaíochtaí soghluaisteachta níos faide a ullmhú. Is féidir cuairteanna ullmhúcháin a eagrú don dá chineál soghluaisteachta ball foirne.

Critéir Incháilitheachta

Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?

Is féidir le heagraíocht rannpháirteach a bheith:

  • Eagraíocht phoiblí nó phríobháideach atá gníomhach i réimse an spóirt agus na gníomhaíochta fisicí agus a eagraíonn spórt agus gníomhaíochtaí fisiceacha ar leibhéal an ghnáthphobail (mar shampla, eagraíocht neamhbhrabúis, údaráis poiblí áitiúil, club spóirt)
  •  Eagraíocht spóirt nach bhfuil pobalbhunaithe má bhaineann spóirt an phobail tairbhe as rannpháirtíocht a ball foirne (mar shampla, eagraíocht idirnáisiúnta)

Cén áit ar féidir iarratas a dhéanamh?

Ní mór d’eagraíochtaí is iarratasóir a bheith bunaithe i mBallstát den Aontas nó i dtríú tír ach atá comhlachaithe leis an gClár.

Cuirtear iarratais faoi bhráid na Gníomhaireachta Náisiúnta sa tír ina bhfuil an eagraíocht is iarratasóir bunaithe.

Cathain is féidir iarratas a dhéanamh?

Ní mór d’iarratasóirí a n‑iarratas ar dheontas a chur isteach faoi na dátaí seo a leanas:

An 20 Feabhra ar 12:00:00 (meán lae am na Bruiséile)

Babhta breise féideartha:

Féadfaidh Gníomhaireachtaí Náisiúnta cinneadh a dhéanamh babhta breise a oscailt. Cuirfidh Gníomhaireachtaí Náisiúnta na hiarratasóirí ar an eolas faoi oscailt an bhabhta bhreise trína suíomhanna gréasáin.

Má eagraítear babhta breise, ní mór d’iarratasóirí a n‑iarratais a chur isteach faoin 1 Deireadh Fómhair ar 12:00:00 (meán lae am na Bruiséile).

Dátaí tosaigh le haghaidh tionscadal

Tosóidh tionscadail idir an 1 Meitheamh agus an 31 Nollaig sa bhliain chéanna

Má osclaítear babhta roghnach, tosóidh tionscadail idir an 1 Eanáir agus an 31 Bealtaine an bhliain ina dhiaidh sin

Iarratas a dhéanamh

Féach cuid C den Treoir seo le haghaidh sonraí faoi conas iarratas a dhéanamh.

Fad an tionscadail

Ó 3 mhí go 18 mhí

An líon iarratas

In aghaidh an bhabhta roghnúcháin, ní fhéadfaidh eagraíocht iarratas a dhéanamh ach ar thionscadal amháin.

Eagraíochtaí a fhaigheann deontas ar thionscadal faoin gcéad bhabhta iarratas, ní fhéadfaidh siad iarratas a dhéanamh ar an dara babhta den ghlao céanna ar thograí.

Fad na ngníomhaíochtaí

Scáthfhoghlaim agus tréimhsí breathnóireachta: 2-14 lá as a chéile (gan laethanta taistil san áireamh)

Tascanna cóitseála agus traenála: 15-60 lá as a chéile (gan laethanta taistil san áireamh)

Rannpháirtithe incháilithe

  • Cóitseálaithe agus baill foirne spóirt eile in eagraíochtaí spóirt ar leibhéal an phobail
  • Baill foirne i spóirt nach spóirt an phobail iad, iad siúd atá bainteach le déghairmeacha agus gairmeacha nach mbaineann leis an spórt san áireamh, i gcás inar féidir le spórt an phobail tairbhe a bhaint as rannpháirtíocht baill foirne den sórt sin.
  • Oibrithe deonacha (seachas cóitseálaithe) in eagraíochtaí spóirt.

Ní mór do rannpháirtithe a bheith ag obair san eagraíocht seolta, nó ní mór dóibh a bheith ag obair go tráthrialta leis an eagraíocht seolta chun cuidiú le cur chun feidhme phríomhghníomhaíochtaí na heagraíochta. Ní mór do rannpháirtithe a bheith ina gcónaitheoirí i dtír a n‑eagraíochta seolta. 

I ngach cás, ní mór na cúraimí lena nasctar an rannpháirtí leis an eagraíocht seolta a dhoiciméadú ar bhealach lenar féidir leis an nGníomhaireacht Náisiúnta an nasc sin a fhíorú (mar shampla le conradh oibre nó oibre deonaí, tuairisc ar an gcúram, nó doiciméad comhchosúil).

Níl cead ag rannpháirtithe a bheith páirteach i ngníomhaíocht soghluaisteachta mar lúthchleasaithe.

An líon rannpháirtithe

Deichniúr rannpháirtithe in aghaidh an tionscadail ar a mhéad

Ionad na ngníomhaíochtaí

Ní mór gníomhaíochtaí a reáchtáil ar an gcoigríoch, i mBallstát den Aontas nó i dtríú tír ach atá comhlachaithe leis an gClár.

Critéir Incháilitheachta bhreise maidir le Cuairteanna Ullmhúcháin 

Ionad nó ionaid na gníomhaíochta

Reáchtáiltear cuairteanna ullmhúcháin i dtír na heagraíochta óstaí roimh thús na gníomhaíochta.

Rannpháirtithe incháilithe

Ionadaithe ó na heagraíochtaí rannpháirteacha a ghlacann páirt sa phríomhghníomhaíocht. Is féidir le baill foirne a bhfuil baint dhíreach acu le tionscadal a eagrú nó baill foirne atá rannpháirteach i soghluaisteacht cuairt ullmhúcháin a dhéanamh.

Critéir dhámhachtana

Déanfar measúnú ar na hiarratais a chuirtear isteach trí phointí as 100 ar an iomlán a shannadh, bunaithe ar na critéir agus ar na hualuithe thíos. Le bheith curtha san áireamh le haghaidh dámhachtana, ní mór na tairseacha seo a leanas a bhaint amach leis na hiarratais:

  • Ar a laghad 60 pointe as 100 pointe ar an iomlán, agus
  • Ar a laghad leath na bpointí uasta i ngach ceann de na trí chatagóir le haghaidh critéir dhámhachtana

Ábharthacht agus tionchar (scór uasta 30 pointe)

A mhéid atá an méid seo a leanas amhlaidh:

  • Tá próifíl, taithí agus gníomhaíochtaí an iarratasóra ábhartha don spórt de chuid an phobail;
  • Tá togra an tionscadail ábhartha i leith na nithe a leanas:
    • cuspóirí na gníomhaíochta
    • riachtanais agus forbairt na n‑eagraíochtaí rannpháirteacha
    • riachtanais agus forbairt na mball foirne rannpháirteach
  • tá an tionscadal ábhartha chun comhluachanna an Aontais a urramú agus a chur chun cinn, cuir i gcás meas ar dhínit an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas, smacht reatha agus meas ar chearta an duine, chomh maith le troid in aghaidh aon sórt idirdhealaithe.
  • A mhéid atá an togra oiriúnach chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
    • torthaí foghlama ardcháilíochta a sholáthar do bhaill foirne rannpháirteacha;
    • cleachtais oibre na heagraíochta rannpháirtí a threisiú nó a athrú go mór, agus a cáilíocht, a hinniúlachtaí agus a nuálaíocht a mhéadú
    • tionchar féideartha a imirt ar eagraíochtaí rannpháirteacha agus ar bhaill foirne le linn shaolré an tionscadail agus ina dhiaidh sin
  • A mhéid a shainíonn an tionscadal torthaí foghlama nithiúla
  • A mhéid atá an togra oiriúnach chun rannchuidiú leis na héirimí cuimsithe agus éagsúlachta, glasa, digiteacha agus rannpháirteacha den chlár;
  • A mhéid a thugann an tionscadal nuatheachtaithe agus eagraíochtaí ag a bhfuil níos lú taithí isteach sa ghníomhaíocht.

Cáilíocht dhearadh agus chur chun feidhme an tionscadail (scór uasta 40 pointe)

A mhéid atá an méid seo a leanas amhlaidh:

  • I gcuspóirí an tionscadail atá beartaithe tugtar aghaidh ar riachtanais na heagraíochta is iarratasóir, ar riachtanais a ball foirne agus déantar amhlaidh ar bhealach atá soiléir agus coincréiteach
  • Cáilíocht na socruithe praiticiúla agus na módúlachtaí bainistíochta agus tacaíochta;
  • Sa tionscadal ionchorpraítear cleachtais atá inbhuanaithe agus freagrach ó thaobh an chomhshaoil de
  • Sa tionscadal ionchorpraítear úsáid uirlisí agus modhanna foghlama digiteacha chun na gníomhaíochtaí soghluaisteachta fisicí a chomhlánú, agus chun feabhas a chur ar an gcomhar le heagraíochtaí comhpháirtíochta
  • A mhéid atá na gníomhaíochtaí deartha ar bhealach inrochtana agus cuimsitheach agus atá siad oscailte do rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu
  • Ionadaíocht chothromaithe rannpháirtithe ó thaobh inscne de;
  • I gcás ball foirne ó eagraíochtaí nach bhfuil pobalbhunaithe, míniú soiléir ar an mbealach a mbainfidh spórt an phobail tairbhe as rannpháirtíocht na mball foirne sin

Cáilíochtaí na ngníomhaíochtaí leantacha (scór uasta 30 pointe)

A mhéid atá an méid seo a leanas amhlaidh:

  • tá bearta nithiúla agus loighciúla molta ag an iarratasóir chun torthaí na ngníomhaíochtaí soghluaisteachta a lánpháirtiú in obair thráthrialta na heagraíochta
  • tá bearta nithiúla agus éifeachtacha molta ag an iarratasóir chun torthaí an tionscadail a chur in iúl laistigh den eagraíocht is iarratasóir, chun na torthaí a chomhroinnt le heagraíochtaí eile agus leis an bpobal, agus chun aitheantas a thabhairt go poiblí do mhaoiniú an Aontais Eorpaigh

Catagóir bhuiséid: Tacaíocht Eagraíochtúil

Costais incháilithe agus rialacha is infheidhme

Costais atá nasctha go díreach le cur chun feidhme gníomhaíochtaí soghluaisteachta nach gcumhdaítear le catagóirí eile costais.

Mar shampla, rannpháirtithe a ullmhú, meantóireacht agus monatóireacht a dhéanamh orthu agus tacaíocht a thabhairt dóibh le linn na soghluaisteachta, chomh maith leis na seirbhísí, na huirlisí agus an trealamh is gá chun an tionscadal a chur chun feidhme, comhchodanna fíorúla i ngníomhaíochtaí cumaisc, torthaí a chomhroinnt agus maoiniú an Aontais Eorpaigh a chur in iúl don phobal.

Le tacaíocht eagraíochtúil cumhdaítear na costais a thabhaíonn an eagraíocht seolta agus an ósteagraíocht araon. Tiocfaidh an dá eagraíocht ar chomhaontú maidir leis an deontas a fuarthas a roinnt.

Sásra maoiniúcháin: ranníocaíocht le costais aonaid.

Riail maidir le leithdháileadh: bunaithe ar an líon rannpháirtithe, cé is moite de dhaoine tionlacain.

Méid

EUR 350 in aghaidh an rannpháirtí

Catagóir bhuiséid: Taisteal

Costais incháilithe agus rialacha is infheidhme

Ranníocaíocht le costais taistil na rannpháirtithe, lena n‑áirítear daoine tionlacain, óna n‑áit bhunaidh chuig an ionad gníomhaíochta agus ar ais.

Faoi bhun 500 km,  taistealóidh rannpháirtí, mar riail ghinearálta, le modh iompair atá íseal ar astaíochtaí

Sásra maoiniúcháin: ranníocaíocht le costais aonaid.

Riail maidir le leithdháileadh: bunaithe ar an achar taistil agus ar an líon daoine.

Ní mór don iarratasóir an t‑achar idir an áit bhunaidh agus ionad na gníomhaíochta a léiriú2  tríd an áireamhán taistil lena dtacaíonn an Coimisiún Eorpach a úsáid3 .

Méid

Achar taistil

Taisteal glas

Taisteal nach taisteal glas é

10 – 99 km

EUR 56

EUR 28

100 – 499 km

EUR 285

EUR 211

500 – 1 999 km

EUR 417

EUR 309

2000 – 2999 km

EUR 535

EUR 395

3000 – 3999 km

EUR 785

EUR 580

4000 – 7999 km

EUR 1188

EUR 1188

8 000 km nó níos mo

EUR 1735

EUR 1735

Catagóir bhuiséid: Tacaíocht Aonair

Costais incháilithe agus rialacha is infheidhme

Costais chothaithe le haghaidh rannpháirtithe agus daoine tionlacain le linn na gníomhaíochta.

Más gá: tá costais chothaithe incháilithe le haghaidh am taistil roimh an ngníomhaíocht agus ina diaidh, le 2 lá taistil ar a mhéad le haghaidh rannpháirtithe agus daoine tionlacain a fhaigheann deontas taistil nach deontas taistil ghlais é, agus 6 lá taistil ar a mhéad le haghaidh rannpháirtithe i gcás deontais taistil ghlais.

Sásra maoiniúcháin: ranníocaíocht le costais aonaid.Riail maidir le leithdháileadh: bunaithe ar an líon daoine, ar fhad an fhanachta agus ar an tír óstach4

Méid

  • Grúpa tíortha 1: EUR 107 - 191
  • Grúpa tíortha 2: EUR 95 - 169
  • Grúpa tíortha 3:  EUR 84 - 148

Is bonnrátaí iad na rátaí thuas in aghaidh an lae gníomhaíochta. Déanfaidh gach gníomhaireacht náisiúnta cinneadh i dtaobh na mbonnrátaí beachta laistigh de na raonta a cheadaítear.

Íoctar an bonnráta suas leis an 14ú lá den ghníomhaíocht. Ón 15ú lá gníomhaíochta, beidh an ráta is iníoctha cothrom le 70 % den bhonnráta. Slánófar na rátaí iníoctha go dtí an euro iomlán is gaire.

Catagóir bhuiséid: Tacaíocht chuimsiúcháin

Costais incháilithe agus rialacha is infheidhme

Tacaíocht chuimsiúcháin d’eagraíochtaí: Costais a bhaineann le gníomhaíochtaí soghluaisteachta a eagrú do rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu. 

Sásra maoiniúcháin: ranníocaíocht le costais aonaid.

Riail maidir le leithdháileadh: bunaithe ar an líon rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu, cé is moite de dhaoine tionlacain.

Méid

EUR 125 in aghaidh an rannpháirtí

Tacaíocht chuimsiúcháin le haghaidh rannpháirtithe: Costais bhreise atá nasctha go díreach le rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu agus leis na daoine atá á dtionlacan (lena n‑áirítear costais taistil agus chothaithe a bhfuil údar leo mura n‑iarrtar deontas le haghaidh na rannpháirtithe sin trí na catagóirí buiséid ar a dtugtar ‘Taisteal’ agus ‘Tacaíocht aonair’).

Sásra maoiniúcháin: fíorchostais.

Riail maidir le leithdháileadh:  ní mór don iarratasóir údar a thabhairt leis an iarraidh agus ní mór don Ghníomhaireacht Náisiúnta í a fhormheas.

Méid

100 % de chostais incháilithe

Catagóir bhuiséid: Tacaíocht le haghaidh cuairt ullmhúcháin

Costais incháilithe agus rialacha is infheidhme

Costais atá nasctha le cur chun feidhme na cuairte ullmhúcháin lena n‑áirítear costais taistil agus chothaithe.

Sásra maoiniúcháin: ranníocaíocht le costais aonaid.

Méid

EUR 680 in aghaidh an rannpháirtí, agus beirt rannpháirtithe ar a mhéad in aghaidh na cuairte ullmhúcháin.

Catagóir bhuiséid: Tacaíocht teanga

Costais incháilithe agus rialacha is infheidhme

Costais a bhaineann le hábhair foghlama teanga agus oiliúint a chur ar fáil do rannpháirtithe ar gá dóibh feabhas a chur ar an eolas atá acu ar an teanga a úsáidfidh siad chun tabhairt faoin gcóitseáil nó faoin traenáil le linn a ngníomhaíochta.

Tá tacaíocht teanga incháilithe le haghaidh rannpháirtithe sna cineálacha gníomhaíochtaí seo a leanas: i scáthfhoghlaim agus tréimhsí breathnóireachta agus sannacháin cóitseála agus oiliúna. Níl tacaíocht iníoctha ach amháin mura bhfuair an rannpháirtí Tacaíocht Teanga ar Líne mar gheall nach bhfuil an teanga nó an leibhéal a éilítear ar fáil, nó mar gheall ar bhacainní áirithe a bhíonn ar rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu. 

Sásra maoiniúcháin: ranníocaíocht le costais aonaid.

Riail maidir le leithdháileadh: bunaithe ar an líon rannpháirtithe.

Méid

EUR 150 in aghaidh an rannpháirtí

Catagóir bhuiséid: Costais eisceachtúla

Costais incháilithe agus rialacha is infheidhme

Costais chun ráthaíocht airgeadais a thabhairt, má iarrann an Ghníomhaireacht Náisiúnta sin.

Costais taistil chostasaigh na rannpháirtithe agus na ndaoine atá á dtionlacan nach féidir tacú leo leis an deontas ‘Taisteal’ caighdeánach de dheasca iargúltacht gheografach nó bacainní eile. Má dhámhtar iad, cuirtear na costais eisceachtúla le haghaidh taisteal costasach in ionad na tacaíochta taistil bunaithe ar chostais aonaid.

Víosa agus costais a bhaineann le víosa, ceadanna cónaithe, vacsaínithe agus deimhnithe leighis.

Sásra maoiniúcháin: fíorchostais.

Riail maidir le leithdháileadh: ní mór don iarratasóir údar a thabhairt leis an iarraidh agus ní mór don Ghníomhaireacht Náisiúnta í a fhormheas. Tá feidhm ag taisteal costasach i gcásanna nach gcumhdaíonn an tacaíocht taistil bunaithe ar chostas aonaid 70 % de chostais taistil na rannpháirtithe.

Méid

Ráthaíocht airgeadais: 80 % de chostais incháilithe

Costais taistil chostasaigh: 80 % de chostais incháilithe

Víosa agus costais a bhaineann le víosa, ceadanna cónaithe, vacsaínithe agus deimhnithe leighis: 100 % de chostais incháilithe

  • 1 https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX:42020Y1204(01) ↩ back
  • 2 Mar shampla, má bhíonn duine ó Mhaidrid (na Spáinne) ag glacadh páirt i ngníomhaíocht atá á reáchtáil sa Róimh (an Iodáil), déanfaidh an t‑iarratasóir an t‑achar ó Mhaidrid go dtí an Róimh a ríomh (1 365.28 KM) agus ansin roghnóidh an t‑iarratasóir an banda achair taistil is infheidhme (is é sin, idir 500 agus 1 999 km). ↩ back
  • 3 https://ec.europa.eu/programmes/erasmus-plus/resources/distance-calculator_ga ↩ back
  • 4 Grúpa Tíortha 1: An Ostair, an Bheilg, an Danmhairg, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Íoslainn, Éire, an Iodáil, Lichtinstéin, Lucsamburg, an Ísiltír, an Ostair, an tSualainn

    Grúpa Tíortha 2:An tSeicia, an Eastóin, an Ghréig, an Spáinn, an Chipir, Málta, an Phortaingéil, an tSlóivéin, an tSlóvaic, an Laitvia;

    Grúpa Tíortha 3: An Bhulgáir, an Chróit, an Liotuáin, an Mhacadóin Thuaidh, an Pholainn, an Rómáin, an tSeirbia, an Tuirc, an Ungáir ↩ back

Tagged in:  Sport