Is éard is aidhm do dheiseanna soghluaisteachta foghlama soghluaisteacht mac léinn, ball foirne, oiliúnaithe, printíseach, oibrithe deonacha, oibrithe don óige agus daoine óga a éascú.
Is é an ról atá ag na heagraíochtaí sa phróiseas seo na deiseanna sin a eagrú do dhaoine aonair. Ar na buntáistí a bheidh ann do na heagraíochtaí rannpháirteacha tá cumas méadaithe feidhmiúcháin ar an leibhéal idirnáisiúnta, scileanna feabhsaithe bainistíochta, teacht ar bhreis deiseanna maoinithe agus breis tionscadal, cumas méadaithe chun tionscadail a réiteach, a bhainistiú agus a leanúint, punann deiseanna do mhic léinn agus do bhaill foirne na n-eagraíochtaí rannpháirteacha a bheidh níos tarraingtí agus an deis chun tionscadail nuálacha a fhorbairt i gcomhar le comhpháirtithe ar fud an domhain.
Mic léinn agus baill foirne i réimse an ardoideachais
Féadfaidh eagraíochtaí mic léinn agus baill foirne a sheoladh chuig tíortha rannpháirteacha ar an gcoigríoch nó glacadh le mic léinn ó institiúidí sna tíortha sin. Féadfaidh baill foirne teagasc a dhéanamh ar an gcoigríoch nó oiliúint a chur ar fáil ansin; chomh fada le mic léinn agus iarrthóirí Dochtúireachta de féadfaidh siad sin tréimhse oiliúna a chur isteach ar an gcoigríoch nó cuid dá gcúrsa léinn a dhéanamh ann.
Foghlaimeoirí agus baill foirne i réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna
Féadfaidh eagraíochtaí printísigh nó mic léinn a sheoladh ar an gcoigríoch le haghaidh tréimhsí gairmoiliúna nó glacadh leo agus iad ar cuairt chucu chomh maith le baill foirne a sheoladh ar an gcoigríoch chun múinteoireacht a dhéanamh nó oiliúint a chur ar fáil.
Baill foirne i scoileanna
De thoradh na ndeiseanna sin is féidir le heagraíochtaí baill foirne a sheoladh ar an gcoigríoch, nó glacadh le baill foirne agus iad ar cuairt chucu, más le haghaidh múinteoireacht a dhéanamh é nó forbairt ghairmiúil.
Baill foirne i réimse an oideachais aosach
Tá deiseanna ann d'eagraíochtaí oideachais aosach baill foirne a sheoladh ar an gcoigríoch, nó glacadh le baill foirne agus iad ar cuairt chucu, chun múinteoireacht a dhéanamh, nó oiliúint agus cúrsaí a chur ar fáil.
Daoine óga agus oibrithe don óige
Féadfaidh eagraíochtaí iarratas a dhéanamh ar thionscadail a reáchtáil. Chomh fada le daoine óga, áirítear orthu sin malartuithe ógra, a ligfeadh do ghrúpaí daoine óga maireachtáil le chéile agus obair a dhéanamh ar feadh tréimhse suas le trí seachtaine, nó tionscadail de chuid na Seirbhíse Deonaí Eorpaí a mhairfeadh ar feadh tréimhse suas le 12 mhí. Chomh fada le hoibrithe don óige, tionscadail dírithe ar an oiliúint nó ar an líonrú atá i gceist.
Iasachtaí Máistreachta Erasmus+
Is féidir le hidirghabhálaithe airgeadais incháilitheacha iasachtaí a thabhairt ar choinníollacha áirithe do mhic léinn Mháistreachta a bheidh i mbun staidéir ar an gcoigríoch.