Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport

Foghlaimeoirí agus baill foirne sa Ghairmoideachas agus sa Ghairmoiliúint

Cén deis atá ann?

Tugann Erasmus+ deis d'eagraíochtaí a gcuid foghlaimeoirí gairmoideachais agus gairmoiliúna (VET) a sheoladh thar lear chun tairbhe a bhaint as tréimhse oiliúna, agus tugann deis do bhaill foirne oiliúint a thabhairt nó a fháil.

Conas a oibríonn sé?

Eagraíochtaí atá ag iarraidh páirt a ghlacadh sna deiseanna sin, is féidir leo iarratas a dhéanamh ina gcáilíocht mar eagraíocht gairmoideachais aonair, nó mar chuid de "chuibhreannas náisiúnta soghluaisteachta", is é sin grúpa eagraíochtaí atá á bhainistiú ag eagraíocht chomhordúcháin aonair.

Baineann na heagraíochtaí sin le ceann amháin de cheithre phríomhchatagóir:

  • Eagraíochtaí Iarrthacha - tá siad seo freagrach as iarratas a dhéanamh ar an tionscadal agus as an tionscadal a bhainistiú, ach is féidir leo freisin feidhmiú mar eagraíocht sallchuir
  • Eagraíochtaí Sallchuir - tá siad i gceannas ar fhoghlaimeoirí/bhaill foirne VET a roghnú le cur thar lear, agus as íocaíochtaí deontais a bhainistiú.
  • Eagraíochtaí Glactha - tá siad freagrach as foghlaimeoirí/baill foirne VET a ghlacadh ón gcoigríoch agus clár staidéir/oiliúna a thairiscint,
  • Eagraíochtaí idirghabhálacha - mar chomhpháirtithe i gcuibhreannas soghluaisteachta, is féidir leo seo tacú le hobair cuibhreannais agus an obair sin a éascú.

Féadfaidh eagraíochtaí poiblí nó príobháideacha atá bunaithe i dtír chláir bheith rannpháirteach, agus féadfaidh siad iarratas a dhéanamh ina n-aonar nó mar chuid de chuibhreannas soghluaiseachta náisiúnta.

Eagraíochtaí atá ag déanamh iarratais mar chuibhreannas, ní mór dóibh uile a bheith lonnaithe sa tír chláir chéanna, agus ní mór iad ar fad a bheith ainmnithe ag céim an iarratais. Ní mór trí eagraíocht ar a laghad a bheith i gcuibhreannas.

Cén t-eolas eile atá de dhíth ort?

Féadfaidh eagraíochtaí deiseanna a sholáthar do phrintísigh agus do mhic léinn freisin foghlaim thar lear, in ionad oibre nó ag scoil VET.

Sa tslí chéanna, féadfar baill foirne a sheoladh chuig fiontar nó eagraíocht chun teagasc a dhéanamh, oiliúint a thabhairt, nó oiliúint a fháil.

Ní mór d'eagraíochtaí a bhfuil sé ar intinn acu mic léinn nó baill foirne a sheoladh thar lear, nó glacadh leo ar cuairt chucu, aontú roimh ré ar na gníomhaíochtaí atá le déanamh, agus na nithe seo a leanas a shainmhíniú:

Déantar é seo tríd an gComhaontú Foghlama, do mhic léinn, agus tríd an gComhaontú Soghluaiseachta do bhaill foirne.

Mic léinn nó baill foirne a bheidh ag caitheamh níos mó ná mí thar lear faoi chuimsiú Erasmus+, beidh siad i dteideal tacaíocht teanga a fháil.

Conas iarratas a dhéanamh?

Bíonn an próiseas iarratais á bhainistiú ag Gníomhaireacht Náisiúnta na tíre ina bhfuil an eagraíocht nó cuibhreannas iarrthach bunaithe.

Ní féidir le heagraíocht nó cuibhreannas ach iarratas amháin a dhéanamh in aghaidh gach babhta roghnúcháin, ach féadfaidh eagraíochtaí a bheith ina mbaill de roinnt cuibhreannas éagsúil agus iad ar fad ag déanamh iarratais ag an am céanna.

Tuilleadh eolais?

Is é Treoirleabhar Erasmus+ an phríomhfhoinse faisnéise maidir leis na deiseanna seo; is féidir faisnéis faoi na critéir dhámhachtana, critéir incháilitheachta agus rialacha maoinithe a fháil i Roinn B.

Féadfaidh na Gníomhaireachtaí Náisiúnta nó, do thíortha Comhpháirtíochta, Oifigí Náisiúnta (más ann dóibh) tuilleadh faisnéise a sholáthar.

Erasmus+, what’s in it for me?

Get a summary brochure of Erasmus+ for VET providers, available for download in all languages from the EU Publications Office.