Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport

Daoine óga agus oibrithe don óige

Cad iad na deiseanna atá ann?

Cuireann Erasmus+ deiseanna ar fáil tionscadail maidir le soghluaisteacht do dhaoine óga agus d'oibrithe don óige a eagrú.

Trí Mhalartuithe Ógra is féidir le grúpaí daoine óga as tíortha éagsúla teacht le chéile agus cónaí le chéile ar feadh tréimhse suas le 21 lá chun clár gníomhaíochtaí a chur i gcrích agus iad ag díriú ar théama is ábhartha dóibh. Is iad na daoine a bhíonn rannpháirteach sa tionscadal a dhéanann na gníomhaíochtaí a phleanáil agus a ullmhú. Tá eolas faoin gcaoi inar féidir le daoine óga bheith páirteach ar leathanach na Malartuithe Ógra.

Is féidir le heagraíochtaí tionscadail a ullmhú faoi Chuimsiú na Seirbhíse Deonaí Eorpaí, inar féidir le daoine óga páirt a ghlacadh trí obair lánaimseartha neamhíoctha a dhéanamh thar lear.

Maidir le hoibrithe don óige, féadann eagraíochtaí páirt a ghlacadh i ndeiseanna chun tacú le forbairt ghairmiúil agus líonra oibrithe óige, mar shampla:

  • seimineáir,
  • cúrsaí oiliúna,
  • imeachtaí líonraithe,
  • cuairteanna staidéir, agus
  • scáthfhoghlaim nó tréimhsí breathnaithe thar lear.

Conas a oibríonn siad?

Is féidir le heagraíochtaí nó grúpaí de dhaoine óga ar spéis leo a bheith rannpháirteach iarratas a chur isteach ar dheiseanna i gceann amháin de na róil seo a leanas:

  • Comhordaitheoir ar thionscadal soghluaisteachta do dhaoine óga – bíonn an duine seo freagrach as iarratas a chur isteach thar ceann na rannpháirtithe go léir,
  • Eagraíochtaí a chuireann daoine amach – eagraíochtaí a mbíonn sé de chúram orthu daoine óga nó oibrithe don óige a chur thar lear,
  • Eagraíochtaí a bhfuil daoine óga/oibrithe ag teacht chucu – eagraíochtaí a bhíonn freagrach as rannpháirtithe a óstáil, clár gníomhaíochtaí a fhorbairt agus tacaíocht a chur ar fáil dóibh.

Is féidir le heagraíocht nó grúpa atá bunaithe i dTír Cláir an t-iarratas a chur isteach, agus ní mór di an t-iarratas sin a chur isteach thar ceann na n-eagraíochtaí go léir atá rannpháirteach i dtionscadal.

Cén t-eolas eile atá de dhíth ort?

Malartuithe Ógra

Féadann daoine óga idir 13 bliana d'aois agus 30 bliain d'aois páirt a ghlacadh i malartuithe ógra agus maireann na malartuithe idir 5 agus 21 lá. Is féidir iad a bheith ar siúl i mBallstát nó lasmuigh den Aontas. Ní mór eagraíochtaí ó dhá thír nó níos mó ná sin bheith páirteach i malartuithe.

Oibrithe don Óige

Is féidir le hoibrithe don óige idir dhá lá agus dhá mhí a chaitheamh le ceann de na tionscadail, agus ní mór iad a reáchtáil sa tír ina bhfuil ceann de na heagraíochtaí rannpháirteacha. Is féidir suas le 50 duine a bheith rannpháirteach i dtionscadal.

Conas iarratas a dhéanamh?

Ba cheart iarratais a chur chuig an nGníomhaireacht Náisiúnta sa Tír Cláir ina bhfuil an eagraíocht is iarratasóir lonnaithe.

Tuilleadh eolais

I dTreoirleabhar Erasmus+ tá tuilleadh eolais ar na deiseanna atá ar fáil agus ar an gcaoi le hiarratas a chur isteach.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ó na Gníomhaireachtaí Náisiúnta nó, i gcás na dTíortha Comhpháirtíochta, ó na hIonaid Acmhainní SALTO don Óige (más ann dóibh), nó is féidir teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún Eorpach.