An cineál maoinithe
Féadfaidh an cineál sin maoinithe tacú le soláthraithe oideachais aosaigh agus le heagraíochtaí eile atá gníomhach i réimse an oideachais aosaigh ar mian leo an méid seo a leanas a dhéanamh:
- gníomhaíochtaí malartaithe foghlama a eagrú dá bhfoghlaimeoirí agus dá mbaill foirne in eagraíochtaí eile i dtíortha eile
- múinteoirí atá faoi oiliúint a óstáil, nó cuireadh a thabhairt do shaineolaithe ó thíortha eile chuig a n-eagraíochtaí
D’fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith i measc na ngníomhaíochtaí:
- i gcás foirne: tréimhsí foghlama aonair nó grúpa d’fhoghlaimeoirí fásta i dtír eile
- i gcás foghlaimeoirí: scáthfhoghlaim, cúrsaí agus tascanna teagaisc nó oiliúna in eagraíocht eile i dtír eile
Na cineálacha tionscadal a mhaoinítear
Tionscadail ghearrthéarmacha
Bíonn gníomhaíochtaí malartaithe ar siúl thar thréimhse 6-18 mí. Is iad sin an rogha is fearr d’iarratasóirí céaduaire nó d’eagraíochtaí ar mian leo líon teoranta gníomhaíochtaí a eagrú.
Tionscadail chreidiúnaithe
Is iad eagraíochtaí a bhfuil creidiúnú Erasmus acu i réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna amháin is féidir iarratas a dhéanamh orthu seo. Ciallaíonn an maoiniú sin gur féidir le heagraíochtaí creidiúnaithe maoiniú rialta a fháil le haghaidh gníomhaíochtaí soghluaisteachta a chuireann lena bPlean Erasmus (plean ar leibhéal na heagraíochta chun gníomhaíochtaí soghluaisteachta ardcháilíochta a chur i bhfeidhm).
Bealaí eile chun páirt a ghlacadh
Is féidir le heagraíochtaí páirt a ghlacadh i dtionscadail freisin gan iarratas a chur isteach tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
- dul i bpáirt le cuibhreannas soghluaisteachta Erasmus+ atá ann cheana agus atá faoi stiúir comhordaitheoir cuibhreannais creidiúnaithe ina dtír
- rannpháirtithe ó thír eile a óstáil. is féidir le haon eagraíocht a bheith ina hóstach ar fhoghlaimeoirí nó ar bhaill foirne a thagann ó eagraíocht chomhpháirtíochta ar an gcoigríoch. Is luachmhar an t‑eispéireas é a bheith i d’ósteagraíocht agus bealach maith atá ann chun foghlaim faoin dóigh a n-oibríonn clár Erasmus+
Teagmháil
Is í an Ghníomhaireachta Náisiúnta sa tír ina bhfuil an eagraíocht is iarratasóir bunaithe a dhéanann na hiarratais a bhainistiú.
Do Ghníomhaireacht Náisiúnta a aimsiú
Sonraí teicniúla
Léigh an Treoirleabhar chun mionsonraí a fháil faoi ghníomhaíochtaí a maoiníodh, faoi chritéir roghnúcháin agus faoi mhéideanna buiséid.
Cuardach comhpháirtí
Má tá tú ag iarraidh dul isteach i gcuibhreannas atá ann cheana, is féidir leat comhpháirtithe a chuardach.
Critéir cháilíochtúla
Agus iarratas á dhéanamh acu ar mhaoiniú le haghaidh gníomhaíochtaí malartaithe, comhaontaíonn eagraíochtaí go gcloífidh siad le sraith caighdeán cáilíochta Erasmus lena gcinntítear dea-cháilíocht na ngníomhaíochtaí malartaithe a chuirtear chun feidhme.
Ba cheart dóibh a bheith ag obair freisin chun cuimsiú agus éagsúlacht, inbhuanaitheacht chomhshaoil agus oideachas digiteach a chur chun cinn trína ngníomhaíochtaí.