Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport

Oiliúint Múinteoirí Jean Monnet

Próifíl an iarratasóra

  • Institiúidí ardoideachais a sholáthraíonn cláir oiliúna múinteoirí
  • Institiúidí/gníomhaireachtaí a chuireann oiliúint ar mhúinteoirí

Na hinstitiúidí/gníomhaireachtaí sin atá bunaithe i dtíortha atá páirteach sa Chlár Erasmus+, caithfidh Cairt Ardoideachais Erasmus (ECHE) a bheith acu.

Ní theastaíonn ECHE ó na cinn atá bunaithe i dtíortha comhpháirtíochta.

Fad tréimhse: 3 bliana

Uasmhéid an deontais in aghaidh an chláir oiliúna múinteoirí: €300,000 (uasmhéid 80% de na costais iomlána)

Cad atá incháilithe mar Oiliúint Múinteoirí Jean Monnet?

Is é is soláthraí oiliúna múinteoirí Jean Monnet ann institiúidí ardoideachais a sholáthraíonn cláir oiliúna múinteoirí, sin nó institiúid nó gníomhaireacht oiliúna múinteoirí a thacaíonn le scoileanna agus soláthraithe Gairmoideachais agus Gairmoiliúna chun ábhar a bhaineann leis an Aontas Eorpach a phleanáil, a eagrú agus a theagasc mar chuid dá ngníomhaíochtaí curaclaim agus seach-churaclaim.

Mar chuid dá n-oiliúint múinteoirí, cinntíonn an soláthraí oiliúna múinteoirí Jean Monnet tuiscint níos fearr ar an Aontas, san oideachas ginearálta agus sa ghairmoideachas araon, agus neartaíonn sé eolas agus scileanna maidir le hábhair a bhaineann leis an Aontais a theagasc. Agus oiliúint faighte ag múinteoir ó sholáthraí oiliúna múinteoirí Jean Monnet, is fearr an t-eolas a bheidh aige maidir le hábhar a bhaineann leis an Aontas a theagasc mar chuid dá obair chúrsa.

Is féidir le hoiliúint múinteoirí Jean Monnet freastal ar oideachas múinteoirí tosaigh agus forbairt ghairmiúil leantach múinteoirí araon.

Cad lena bhfuiltear ag súil ó sholáthraí Oiliúna Múinteoirí Jean Monnet?

Déanfaidh an soláthraí oiliúna múinteoirí Jean Monnet tograí oiliúna struchtúrtha maidir le hábhair a bhaineann leis an Aontas a chur ar fáil do scoileanna agus soláthraithe Gairmoideachais agus Gairmoiliúna, agus déanfaidh siad cúrsaí oiliúna sonracha (cúrsaí modúlacha, cónaithe, cumaisc nó ar líne) a theagasc do dhaoine aonair nó do ghrúpaí múinteoirí a bhfuil spéis acu san Aontas.

D’fhéadfadh dearadh ábhair chun na rudaí seo a leanas a bheith mar chuid de:

  • ábhair agus modheolaíochtaí a chur ar fáil do mhúinteoirí atá ar leibhéil dhifriúla, a thagann ó chúlraí éagsúla agus a bhfuil taithí éagsúil acu;
  • scoileanna agus soláthraithe Gairmoideachais agus Gairmoiliúna a chumasú chun cur le heolas a bhfoirne múinteoireachta ar an Aontas.

Mar chuid de na gníomhaíochtaí go léir, spreagfaidh an soláthraí oiliúna múinteoirí Jean Monnet muinín múinteoirí chun gné a bhaineann leis an Aontas a chomhtháthú ina gcleachtas ó lá go lá.

Spriocdhátaí agus foirmeacha iarratais

An Treoirleabhar do Chlár Erasmus+

Treoir céim ar chéim maidir leis an bpróiseas iarratais

Related funding calls

Other resources

Watch a recording of the April 2021 launch event for Jean Monnet Teacher Training. The streaming includes EACEA advice on how to apply for grants.

Go to the session

Questions and answers from the session